Tribesmen GAA ag déanamh níos mó chun tacú leis na Gaillimhigh ná díreach bratacha a dhíol

Tá siopa oscailte ag club tacaíochta na Gaillimhe le coicís anuas agus déanfaidh siad an t-airgead a bhaileoidh siad dá bharr a chur i dtreo foirne CLG an chontae

Tribesman

Agus an contae uile ag súil go mór le cluichí an Domhnaigh, tá siopa beag amháin i gCathair na Gaillimhe ag déanamh a dhíchill go mbeadh dathanna an chontae le feiceáil ar fud na mball.

D’oscail Tribesmen GAA, club tacaíochta na Gaillimhe, siopa beag ar Shráid an Droichid sa chathair an tseachtain seo caite agus dar le Cormac Ó Conaire, duine de phríomheagraithe an tsiopa, is ar éigean atá siad in ann coinneáil leis an éileamh.

“Ní raibh muid ag súil leis an méid seo daoine ar chor ar bith ach tá in ann na dathanna a fheiceáil ar fud na cathrach; tá na bratacha agus na dathanna le feiceáil i ngach áit,” a deir Ó Conaire, agus é ag déileáil le scuaine fhada custaiméirí le linn an agallaimh.

“Is iad na bratacha móra atá ar díol againn an rud is mó a bhfuil tóir air, agus na bratacha don charr – díoladh na cinn dheireanach díobh sin inniu.”

‘#TurnGalwayMaroon’ an mana atá ag Tribesmen GAA agus is léir go bhfuil ag éirí leis i bhfianaise líon na n-earraí, idir bhratacha, gheansaithe agus t-léinte, atá á ndíol ag an siopa.

Dóibh siúd a cheannaíonn earraí sa siopa, beidh a fhios acu go bhfuil siad ag tabhairt tacaíocht dhíreach d’fhoirne na Gaillimhe. Tá gach pingin rud a dhéanann an siopa ag dul díreach isteach i gciste traenála d’fhoirne peile agus iomána na Gaillimhe.

‘Séard atá sa gciste ná airgead a chuirtear ar fáil do na foirne peile agus iomána le haghaidh na rudaí a bhíonn ag teastáil len’ iad a ullmhú”, a deir Ó Conaire. “Tá muid ag díol rudaí chomh gar do ‘cost price’ agus tá gach pingin atá muid ag saothrú ag dul isteach sa chiste. Rud eile a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh ná an t-eolas a scaipeadh go bhfuil Tribesmen GAA ann agus dá bhfaigheadh muid cúpla ball eile mar thoradh air seo, bheadh muid sásta.”

D’fhoireann nach bhfuil aon chleachtadh acu ar an gcineál seo oibre, níl ag éirí ródhona leo.

“Is rud nua dúinn uile é seo. Tá seachtar nó ochtar d’oibrithe deonacha ag cuidiú linn agus ní raibh cleachtadh ag duine ar bith againn ar bheith ag obair san earnáil miondíola roimhe seo. Tá muid ag treabhadh linn, áfach, agus muid ag fáil an-chúnamh ó na díoltóirí uile agus cuireann siadsan sa treo ceart muid.”

Fág freagra ar 'Tribesmen GAA ag déanamh níos mó chun tacú leis na Gaillimhigh ná díreach bratacha a dhíol'