Trí lá ag Theresa May filleadh le plean nua má theipeann ar a margadh in Westminster

Tá iarracht ar bun ag feisirí parlaiminte smacht a fháil ar an bpróiseas Breatimeachta agus an seans ar Bhreatimeacht gan mhargadh a mhaolú

Trí lá ag Theresa May filleadh le plean nua má theipeann ar a margadh in Westminster

Beidh trí lá ag Theresa May plean nua Breatimeachta a chur faoi bhráid pharlaimint Westminster sa chás go ndiúltófar an tseachtain seo chugainn dá margadh imeachta.

Is de thoradh leasú nós imeachta ar glacadh leis i bparlaimint na Breataine tráthnóna atá an ceangal sin á chur ar Phríomh-Aire na Breataine. 

308 feisire a vótáil ar son an leasaithe agus 297 a vótáil ina choinne i ndiaidh díospóireacht theasaí tráthnóna.

De réir an Achta Imeachta bheadh 21 lá ag May plean eile a chur faoi bhráid na parlaiminte sa chás go ndiúltófaí don mhargadh a d’aontaigh Rialtas na Breataine leis an Aontas Eorpach.

Gheall Rialtas na Breataine cheana go gcuirfí plean nua faoi bhráid na parlaiminte i bhfad roimhe sin sa chás go gcaillfí vóta na seachtaine seo chugainn, an toradh is dóichí a bheidh ann.

Fágann vóta an lae inniu, áfach, nach mbeadh ach trí lá ag May plean nua a chur faoi bhráid na parlaiminte agus nach mbeadh ar a cumas a bheith ag meilt ama go dtí lá an Bhreatimeachta.

Bhí sé ina raic in Westminster tráthnóna faoi chinneadh an Spéicéara John Bercow an vóta faoin leasú a cheadú.

Iarracht a bhí i vóta an lae inniu ag feisirí smacht a fháil ar an bpróiseas Breatimeachta agus an seans go dtarlódh Breatimeacht gan mhargadh a mhaolú.

Dá dtarlódh sé go gcuirfeadh May plean nua faoi bhráid na parlaiminte bheadh cead ag feisirí an plean sin a leasú. D’fhéadfadh siad an plean a leasú, mar shampla, chun go mbeadh an dara reifreann ann nó chun go lorgófaí síneadh le hAlt 50.

Idir an dá linn, tá beag is fiú déanta ag an DUP den mholadh is déanaí ó Rialtas na Breataine i dtaobh cheist chonspóideach an chúlstop. De réir an mholta sin, chaithfí dul i gcomhairle le feidhmeannas Stormont sa chás nach mbeadh margadh trádála déanta ag an mBreatain leis an AE faoi 2020.

Dúirt leascheannaire an DUP Nigel Dodds gur ar mhaithe lena chosúlacht a bhí an moladh agus nach raibh brí ná dealramh leis.

Fág freagra ar 'Trí lá ag Theresa May filleadh le plean nua má theipeann ar a margadh in Westminster'

  • Des O Murchu

    Ta me fos ag feithimh le mo Bhrexit sa Leaba!