Treiseofar cás na Muimhneach arís an deireadh seachtaine seo

I gcúige ina bhfuil an iomaíocht níos déine ná mar a thugtar le fios, tuigeann Ciarraí go mbéarfaidh an gnó orthu muna mbéarfar ar an ngnó

Imreofar cluichí leathcheannais chraobh peile Mumhan an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Imreofar cluichí leathcheannais chraobh peile Mumhan an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Is ait liom i gcónaí dearcadh lucht leanta na peile nach de bhunaibh an chúige iad ar chraobh peile na Mumhan.

Cé go mbraitheann scata i gCiarraí agus i gCorcaigh go bhfaigheann siad triail mhaith ar a laghad babhta amháin gach aon bhliain sara mbeireann siad na cosa leo amach as an gcúige, a mhalairt ar fad de dhearcadh atá ag daoine i gcontaetha níos faide anonn.

Glactar leis coitianta gurb í craobh Uladh an chraobh is fiúntaí toisc a dhéine a bhíonn an iomaíocht inti agus toisc a chúinge atá an bhearna idir na foirne go léir – rud a fhágann go bhféadfadh aon fhoireann barrthuisle a bhaint as a chéile aon lá.

Ach le blianta beaga anuas, tá sé le tabhairt fé ndeara ná fuil níos mó ná aon mhóriomaitheoir amháin i ngach cúige seachas Cúige Mumhan, mar a bhfuil Ciarraí agus Corcaigh de shíor ag baint na gcos dá chéile.

I gConnachta, tá máistreacht iomlán ag Maigh Eo le cheithre bliana anuas. Thoir i gCúige Laighean tá Áth Cliath, dála reithe Sheán na Buile, dulta chun lá mór an aonaigh chomh minic sin go bhfuil eolas na slí acu fén dtráth seo.

Thuaidh i gCúige Uladh tá deich mbliana ó bhí Tír Eoghain agus Ard Mhacha in airde an láin agus iad inniúil ar cheart a bhaint dá chéile. Ach sa tréimhse sin ar fad, i gCúige Mumhan bhí Ciarraí agus Corcaigh araon áirithe i measc na gcúig fhoireann ab fhearr sa tír ar bhonn rialta.

Téir chuig aon gheallghlacadóir (saineolaithe cruthanta na craoibhe gach aon bhliain) anois díreach agus chífir go bhfuil Áth Cliath, Ciarraí, Maigh Eo, Dún na nGall agus Corcaigh i gceann an tslua do chraobh na hÉireann. Muna bhfuil an-dhearmhad orm, sin foireann amháin as gach cúige agus dhá fhoireann ó Chúige Mumhan.

Treiseofar cás na Muimhneach arís an deireadh seachtaine seo ach a mbainfear stangadh maith as na piardaí móra sara bhfuaiscleofar iad, mar a deintear go minic i ndeireadh a gcluichí.

B’amhlaidh a bhí an cás anuraidh i gcás Chorcaí nuair a bhíodar ag brath ar dhá phointe sna cúig nóimeataí deireanacha ó Aidan Walsh chun iad a thabhairt slán i bPáirc Uí Chaoimh.

Bhí fianaise ó Thiobraid Árann sa chraobh ina dhiaidh sin nárbh aon fhás aon oíche an taispeántas úd i gcoinne Chorcaí. Stánáladh foirne ar nós Longfort agus Laois sara gcuir an Ghaillimh stop lena sodar sa chraobh anuraidh agus cé nár deineadh aon ghaisce mór sa tsraith in earrach na bliana seo, thug a bhfeachtas sa chraobh faoi bhliain is fiche síol dóchais dos na Tiobradaigh. Taibhsítear anois dóibh gur gearr uathu an bláthú.

De bharr scruthaíochta a gcuid imreoirí timpeall ar lár na páirce, toisc go bhfuil triúr des na himreoirí óga is fearr sa tír le dhá bhliain anuas – O’ Riordan, O’Brien agus Quinlivan – ag dul i bhfeabhas i gcónaí agus toisc go bhfuil faobhar ar a ngoile ná raibh riamh cheana, meastar coitianta gur foireann iad Tiobraid Árann atá ar an dtairseach.

Anois mo cheist, ceist theibí – cén fhaid is féidir le painéal imreoirí fanacht ar an dtairseach le gothaí móra agus gan ach buillí beaga á mbualadh acu ar an ndoras féin?

Ceist eile, ceist phraiticiúil – an mbeidh na Tiobradaigh chomh leachta agus chomh liobarnach céanna le seilbh na caide is a bhíodar aon uair a chuadar i ngleic le céile comhraic a bhí ag imirt ag leibhéal sraithe níos airde ná iad?

Ní leor dóibh a thuilleadh bheith ag brath ar an bhfear láidir nuair is mian leis agus an fear lag nuair a fhéadann. Chun buachtaint ar churadh Uile-Éireann aon lá, caithfidh gach aon duine bheith ina bheirt mar atá i gcás iománaithe na nDéise na laethanta seo.

Beidh Ciarraí leochaileach Dé Domhnaigh in éagmuis David Moran ach ní haon ghurdúin gan mhaith iad Bryan Sheehan agus Johnny Buckley atá meáite ar imirt ina ionad. Is dána an mhaise do Chiarraí é gan James O’ Donoghue a chur chun páirce ó chaitheamh in airde na caide ach tá scóranna cinniúnacha fachta ag Barry John Keane i gcluichí níos mó ná cluiche an Domhnaigh. Is féidir leis amhlaidh a dhéanamh athuair.

Tá a fhios ag Ciarraí go mbéarfaidh an gnó orthu muna mbéarfar ar an ngnó agus nach chuige sin a shamhlófá a bhí an tseachtain prapála thar lear le déanaí acu? Chun cinnteacht a dhéanamh dá gcríonnacht, chun ná tiocfadh annamh agus iontach le chéile agus chun lúba ar lár a chur ina gceart.

Ba chóir go mbeadh Ciarraí ar a n-airdeall agus más áil le Corcaigh bheith leo i gCill Airne fé cheann coicíse, beidh siad siúd leis, cáiréiseach go maith i bPáirc Uí Rinn.

Má bhíonn, beidh ar íochtaráin na craoibhe i gCúige Mumhan fanacht tamall eile dá lá bán.

Muna mbíonn, b’fhéidir nach fada uainn an t-iontas.

Fág freagra ar 'Treiseofar cás na Muimhneach arís an deireadh seachtaine seo'

  • sean o rathaille

    An-aiste scribhneoireachta i seo; Dara ag teacht i gcrann mar thrachtaire sa ‘da arm aigne’. Bhfuil einne eile chomh maith leis ag scriobh? Ni hansa; b’fheidir go bhfuil duine no beirt inchomparaide leis sa Bhearla ach is e dlaoi mhullaigh de na scribhneoiri sa Ghaeilge e. ‘Gach fear ina bheirt’ is maith liom e sin a bheith luaite le Port Lairge go hairithe.
    Is docha go dtitfidh an toin as Corcaigh arist nuair a chuirfear orthu. Cirarai agus Na Fearachait i mbliana ach fainic 2016.