Toscaireacht ó Albain tagtha go dtí an Ghaeltacht chun foghlaim faoin bhforbairt pobail

Tá an turas eagraithe ag Údarás na Gaeltachta agus Comharchumann Dhún Chaoin

Toscaireacht ó Albain tagtha go dtí an Ghaeltacht chun foghlaim faoin bhforbairt pobail

Tá grúpa ó Oileán Leodhais na hAlban ag tabhairt faoi chuairt ar cheantar Gaeltachta an tseachtain seo chun foghlaim faon obair atá ar bun chun cúrsaí teanga, cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí pobail a chur chun cinn.

Tá oifigeach pobail, múinteoir scoile, iar-sheirbhíseach poiblí agus ceoltóir i measc an ghrúpa atá i gCiarraí faoi láthair chun léargas a fháil ar an obair a bhíonn á déanamh i measc phobal Ghaeltacht Chiarraí.

Caithfidh an grúpa trí lá i gCiarraí agus iad á dtabhairt timpeall an chontae chun éachtaint a fháil ar na fiontair forbartha pobail, oideachais, ealaíne, Gaeilge agus spóirt atá ar bun i gCorca Dhuibhne agus in Uíbh Ráthach.

Tá an turas eagraithe ag Údarás na Gaeltachta agus Comharchumann Dhún Chaoin.

Is sa Daingean a bhí muintir Leodhais inné agus cruinnithe acu le hoifigigh ó Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus leis an Oifigeach Pleanála Teanga áitiúil.

Caithfidh siad an lá inniu in Uíbh Ráthach agus iad le casadh le gníomhaithe forbartha pobail. Tabharfaidh siad cuairt ansin ar an gcomhlacht Seacláidí na Sceilge agus ar Ionad Lae an Ghleanna.

Amárach, beidh siad in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin agus Páirc peile Ghallarois, áit a gcasfaidh an grúpa ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.

Fág freagra ar 'Toscaireacht ó Albain tagtha go dtí an Ghaeltacht chun foghlaim faoin bhforbairt pobail'