Tograí Gaeltachta ó Dhún na nGall, Ciarraí, Gaillimh agus Maigh Eo ainmnithe do ghradaim nua

Tá comórtas nua, Gradaim na Gaeltachta, á reáchtáil ag an Údarás den chéad uair i mbliana agus beagnach 30 togra ar fad roghnaithe ar na gearrliostaí i sé rannóg ar leith

Tograí Gaeltachta ó Dhún na nGall, Ciarraí, Gaillimh agus Maigh Eo ainmnithe do ghradaim nua

Tá tograí de chuid eagraíochtaí pobail agus coistí deonacha ar fud na Gaeltachta ainmnithe ar ghearrliosta do ghradaim nua ag Údarás na Gaeltachta.

Tá comórtas nua, Gradaim na Gaeltachta, á reáchtáil ag an Údarás den chéad uair i mbliana agus beagnach 30 togra ar fad roghnaithe ar na gearrliostaí i sé rannóg ar leith.

Díríonn ceann de na gradaim nua ar an obair atá á déanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga ‘Ghlúin Z’ na Gaeltachta agus tá cúig cinn de thograí ó cheantair Ghaeltachta na Mumhan, Chonnacht/Laighean agus Uladh ainmnithe ar an ngearrliosta.

Ó dheas, tá aitheantas tugtha don togra ‘Aistear na nGael’, cúrsa samhraidh nua a thugann déagóirí ó Ghaeltachtaí éagsúla le chéile agus a reáchtáil Coláistí Chorca Dhuibhne i mbliana. San iarthar, ta Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus Tuismitheoirí na Gaeltachta, Gaillimh ainmnithe as na deiseanna a chuireann siad ar fáil do dhaoine óga ceol, amhráin agus damhsa a shaothrú. Tá dhá thogra eile i nDún na nGall – an Scoil Cheoil Thraidisiúnta ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus an togra Preab san Úir ag an Lárionad Acmhainní Nádúrtha ar an bhFál Carrach a spreagann tuiscint ar an athrú aeráide – ar an ngearrliosta do thogra Glúin Z na Gaeltachta chomh maith.

Tá catagóir eile mar chuid de na gradaim a bhaineann le fiontraíocht shóisialta, le turasóireacht, leis an timpeallacht agus le seirbhísí sóisialta pobail.

Tá duais ar leith don togra is fearr ó choiste pobail deonach sna trí réigiún Gaeltachta (Connachta/Laighin, Mumha agus Ulaidh) aguis bedh na buaiteoirí réigiúnacha ag fáil duais €1,000, mar aon le bheith san áireamh don mórghradam náisiúnta do thogra coiste pobail deonach.

Deir Údarás na Gaeltachta go mbeidh aird ar leith sa bpróiseas moltóireachta ar chúrsaí teanga agus ar chumas na dtograí an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Pobail Réigiúnaí agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta:

“Tá an-ríméad orainn faoi líon agus faoi chaighdeán na n-iarratas a fuair muid sna catagóirí éagsúla. Is iontach an deis í seo le breis eolais a thabhairt don phobal faoi na tograí suimiúla nuálacha atá á gcur chun cinn sna pobail Ghaeltachta. Tá an-obair á déanamh ag coistí agus eagraíochtaí pobail agus is pribhléid dúinn a bheith in ann tacú leo san obair sin.”

Beidh mór-ócáid Ghradaim na Gaeltachta agus bronnadh na ngradam náisiúnta ar bun in Óstán Chois Fharraige, Conamara, ar an 30 Samhain.

Fág freagra ar 'Tograí Gaeltachta ó Dhún na nGall, Ciarraí, Gaillimh agus Maigh Eo ainmnithe do ghradaim nua'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tús atá ann ach bheinn ag moladh cigireacht ar na hiarrthóirí agus go háirithe ar na buaiteoirí. Thig achan seoirt cacamas a chuir ar iarratas agus ar thuairisc. I bhfad níos fearr cuairt gan choinne a thabhairt ar thograí chun úsáid na Gaeilge a fheiceáil. Má bhíonn siad dáiríre fan Ghaeilg beidh sí le cluinstean agus le feiceáil achan áit sa togra sin.
    An mbeidh an Ghaeilg lárnach nuair a chaitear an duais airgid? Cé air a bhfuil an freagracht chun seo a chinntiú?