TOGHCHÁN 2020: Cogar i gcluas na saineolaithe – cad a tharlóidh ar an 8 Feabhra?

Tá painéal saineolaithe bunaithe ag Tuairisc.ie d'Olltoghchán 2020. Mar thús d'iarramar ar chúigear acu súil a chaitheamh ar a liathróidí criostail agus insint dúinn cad a tharlóidh ar an 8 Feabhra...

TOGHCHÁN 2020: Cogar i gcluas na saineolaithe – cad a tharlóidh ar an 8 Feabhra?

Cad a tharlóidh sa toghchán agus cén fáth?

Tá sé luath go leor sa bhfeachtas, ach beidh sé deacair ar Fhine Gael gan an ceann seo a chailliúnt. Tá daoine buartha faoi chúrsaí tithíochta, go háirithe. Thosnaigh Leo Varadkar amach le botún i gcás an duine gan dídean a gortaíodh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Tá naoi mbliana caite ag Fine Gael i bhfeighil an Rialtais – tá fonn ar vótoirí rudaí a athrú beagáinín agus cathú orthu dul i dtreo Fhianna Fáil.

(Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent é John Downing)

Rachaidh Fianna Fáil chun tosaigh ar Fhine Gael ach beidh an páirtí sa riocht céanna tar éis an toghcháin agus a bhí Fine Gael le ceithre bliana – ní bheidh sé ar a gcumas comhrialtas a bhunú le móramh seasmhach Dála. An fáth? Léireoidh toradh an olltoghcháin arís nach bhfuil ach thart ar a leath de na toghthóirí toilteanach vóta a thabhairt don dá phríomhpháirtí.

(Craoltoír agus iriseoir agus colúnaí le Tuairisc.ie é Cathal Mac Coille)

De réir chuile chosúlacht agus más fíor do na pobalbhreitheanna, beidh comhdhéanamh na bpáirtithe mórán mar a chéile tar éis na dtoghchán seo. Beidh an dá mhórpháirtí ar thóir comrádaithe le cuidiú leo rialtas a chur le chéile.

Is í an cheist is mó a chuirfinnse, an ndéanfaidh daoine idirdhealú idir na páirtithe móra a raibh socrú muiníne agus soláthair eatarthu. Beidh sé spéisiúil freisin neart an rabharta Ghlais a fheiceáil; is minic leis na Glasaigh vóta láidir a fháil i dtoghcháin Eorpacha agus nach mbíonn sé chomh láidir céanna sna toghchán náisiúnta ina dhiaidh sin. Tá amhras ar go leor daoine faoi chur i bhfeidhm praiticiúil na bpolasaithe atá á moladh acu le dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide.

Rogha idir Fianna Fáil agus Fine Gael mar phríomhpháirtí rialtais atá dá chur os ár gcomhair agus sin is dóigh a bheidh mar thoradh ar an toghchán. Neart agus cumas na bpáirtithe beaga margadh a dhéanamh leo a thabharfaidh an chéad rialtas eile dúinn. 

(Craoltoír agus iriseoir le RTÉ RnaG agus colúnaí le Tuairisc.ie í Máirín Ní Ghadhra)

Ceapaim go bhfuil seans mór ag Mícheál Martin a bheith ina Thaoiseach tar éis naoi mbliana sa fhreasúra. Tá buntáistí móra aige san fheachtas toghcháin seo. Tá Fine Gael i gcumhacht le fada agus tá fadhbanna móra sa chóras sláinte agus i gcúrsaí tithíochta.

Tá teachtaireacht shimplí ag Fianna Fáil. Roghnaigh muide agus déanfaidh muid athruithe chun feabhais, ach roghnaigh Fine Gael agus beidh gach rud mar a bhí sé le naoi mbliana anuas. Is teachtaireacht chumhachtach í sin atá ag dul i bhfeidhm ar dhaoine. Faoi láthair, níl ag éirí le teachtaireacht Fhine Gael maidir leis an mBreatimeacht, is é sin an teachtaireacht gurb iadsan an páirtí is fearr chun an Breatimeacht a láimhseáil. Is é an córas sláinte agus easpa tithíochta na ceisteanna móra atá i mbéal an phobail.

(Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Sunday Business Post é Michael Brennan)

Beidh coimhlint mhór idir Fianna Fáil agus Fine Gael agus iad ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile. Ón tús bhreathnaigh Fianna Fáil níos láidre. Tá a lán oibre déanta ar an talamh acu agus is ‘íomhá’ láidir don pháirtí Micheál Martin. Ag an am céanna, seans go mbeidh sé deacair ar Fhianna Fáil idirdhealú a dhéanamh idir iad féin agus Fine Gael ós rud é go bhfuil cosúlachtaí  sna polasaithe acu, agus ó tharla go raibh socrú rialtais eatarthu ar feadh ceithre bliana.

Tá Fine Gael i sáinn. Ag déanamh gaisce faoin mBreatimeacht agus an Tuaisceart. Ach ní raibh a lán tionchair ag na nithe sin ar an bhfeachtas go dtí seo. Deacracht dóibh is ea é go bhfuil siad i gcumhacht le naoi mbliana agus go mb’fhéidir go bhfuil an pobal ag éiri tuirseach.

Cheapas féin go mbeadh deacrachtaí ag Sinn Féin, ach tá an páirtí ag déanamh go maith sa chéad dá phobalbhreith. Ag an am céanna ceapaim go dtitfidh a leaibhéal tacaíochta idir se0 agus lá an toghcháin. Déanfaidh na Glasaigh go maith i mBaile Átha Cliath agus in áit nó dhó eile. Creidim go gcuirfidh Páirtí an Lucht Oibre le líon a suíochán, b’fhéidir dhá cheann nó trí cinn sa bhreis.

(Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Times é Harry McGee)

Tuar faoi líon na suíochán ag na páirtithe éagsúla…

  • Fianna Fáil – 55
  • Fine Gael – 49
  • Sinn Féin – 21
  • Comhaontas Glas – 9
  • Páirtí an Lucht Oibre  – 6
  • NS/Eile – 20

  • Fianna Fáil – 55
  • Fine Gael – 48
  • Sinn Féin – 16
  • Páirtí an Lucht Oibre -10
  • Comhaontas Glas – 9
  • AAA/PBP/RISE – 4
  • Daonlathaigh Shóisialta – 3
  • Aontú – 1
  • Neamhspleáigh – 14

  • Fianna Fáil – 51
  • Fine Gael – 48
  • Sinn Féin – 22
  • An Comhaontas Glas – 7
  • Páirtí an Lucht Oibre – 5
  • Pobal Roimh Bhrabach (PbP) – 5
  • Daonlathaigh Shóisialta – 3
  • Neamhspleáigh – 19

  • Fianna Fáil – 58
  • Fine Gael – 50
  • Sinn Féin – 17
  • Comhaontas Glas – 9
  • Páirtí an Lucht Oibre – 9
  • NS/Eile – 17

  • Fianna Fáil – 55
  • Fine Gael – 45
  • Sinn Féin – 17
  • An Comhaontas Glas – 9
  • Páirtí an Lucht Oibre – 8
  • Na Daonlathaigh Shóisialta – 3
  • Solidarity – 2
  • Aontú    1
  • NS/Eile – 20

Is fiú súil a choinneáil ar…

Is fiú súil a choinneáil ar an díospóireacht teilifíse idir Leo Varadkar agus Micheál Martin, toisc go bhfuil an tacaíocht a thabharfar d’Fhine Gael agus d’Fhianna Fáil ag brath go mór ar bhreith an phobail ar na ceannairí. Duine ar fiú súil a choinneáil uirthi ná Mary Lou McDonald. Má tá téarnamh i ndán do Shinn Féin tar éis bhuillí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach anuraidh, is uirthi is mó a bheidh éifeacht an téarnaimh ag brath.

An rud agus an duine is mó ar fiú súil a choinneáil orthu…

Cheana féin sa bhfeachtas seo tá an tionchar a bhíonn ag míchúram daoine lena gcuid cainte ar na meáin shóisialta tagtha chun cinn. Chonaic muid le linn fheachtas na bhfothoghchán ag deireadh na bliana seo caite go bhfuil súil á coinneáil ar an uile shiolla a thagann as béal daoine. Agus ní gá gur iarrthóir a bheadh i gceist mar atá feicthe againn i gcás Paddy Holohan an tseachtain seo. Ní gá ach an oiread gur caint a rinneadh le déanaí a bheadh i gceist, mar a chonaic Lorraine Clifford-Lee mí na Samhna.

Beidh feachtas an Taoisigh Leo Varadkar an-tábhachtach, bealach amháin nó bealach eile, i ré seo na bhfeachtas ‘Uachtaránachta’. Díol suntais ar an gcéad lá gur cuireadh an Tánaiste Simon Coveney ar ábhar bolscaireachta an pháirtí le Leo Varadkar. Is air atá cuid mhór den bhuíochas as péire d’éachtaí móra an rialtais – an Breatimeacht agus athbhunú an Fheidhmeannais in Stormont. Tá sé curtha chun cinn go rialta cheana féin ar phainéil díospóireachta; tá bealach stuama meáite leis agus ná déanadh muid dearmad gurbh é Coveney rogha na cosmhuintire sa bpáirtí nuair a bhí ceannaire le roghnú. Is cinnte go gcuireann sé le buaiceanna an Taoisigh mar leathbhádóir.

Cúrsaí pinsin, cúrsaí tithíochta agus na díospóireachtaí. Maidir le hiarrthóirí, coinnigh súil ar Lorna Bogue, atá ag seasamh do Chomhaontas Glas i gCorcaigh.

Cathair Luimnigh. D’fhéadadh neart rudaí tarlú ann. Tá Michael Noonan ag éirí as, tá Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre faoi bhrú. Coimeád súil ar an nGlasach Brian Leddin a bhfuil cúlra Pháirtí an Lucht Oibre.

Fear suimiúil ar fiú súil a choinneáil air is é an t-iarrthóir neamhspleách Cathal Berry atá ag seasamh i gCill Dara Theas. Iarshaighdiúir agus oifigeach de chuid Arm na hÉireann atá ag iarraidh aird a dhíriú ar na droch-choinníollacha agus ar an drochphá atá ag saighdiúirí san arm. Ceapaim go bhfuil seans mór go dtoghfaí Berry sa dáilcheantar sin mar go bhfuil go leor iarshaighdiúirí agus saighdiúirí ina gcónaí i gCill Dara Theas. Beidh sé suimiúil fáil amach cad é a tharlóidh ina chás siúd.

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Cogar i gcluas na saineolaithe – cad a tharlóidh ar an 8 Feabhra?'

  • Eoin O Murchu

    Tá mé féin nach mór ar aon tuairim leis an bpainéal. Cómhrialtas mór mar sin nó socrú eile soláthair is muiníne.
    Mo chuid figiúirí: FF 55, FG 50, SF 22, Glas 6, LOL 4, SD 3, PbP/Sol 3, Aontú 1, Eile 16.