‘Tógfaidh sé glúin eile sula mbeidh líofacht sa Ghaeilge riachtanach do na státseirbhísigh is sinsearaí’

Bhí an Dr Aodhán Mac Cormaic, Cathaoirleach an Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, ag labhairt ag cruinniú de choiste Oireachtais chun an obair atá ar bun maidir le spriocanna an Achta Teanga a phlé

‘Tógfaidh sé glúin eile sula mbeidh líofacht sa Ghaeilge riachtanach do na státseirbhísigh is sinsearaí’

Deir Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta go bhféadfadh sé glúin eile a thógáil sula bhféadfaí a bheith ag súil go mbeadh an Ghaeilge riachtanach do na poist is sinsearaí sa státseirbhís. 

Bhí an Dr Aodhán Mac Cormaic, atá ina Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, i láthair ag cruinniú de choiste Oireachtais chun an obair atá ar bun maidir le spriocanna an Achta Teanga a phlé. 

Le linn an chruinnithe, thagair an Teachta Dála Éamon Ó Cuív don scéal nach raibh riachtanas Gaeilge ag baint leis an bhfolúntas do phost an Ard-Rúnaí i Roinn na Gaeltachta agus luaigh an Teachta Dála Catherine Connolly nach raibh an Ghaeilge luaite i bhfolúntas do Chathaoirleach nua ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. 

Dúirt Mac Cormaic go mba bhreá leis dá mbeadh riachtanas Gaeilge ann le gach folúntas sinsearach sa státchóras ach go dtógfadh sé roinnt mhaith blianta eile sula bhfeicfí tionchar na sprice earcaíochta atá leagtha amach sa reachtaíocht ag na leibhéil is sinsearaí. Faoin Acht, tá sé mar sprioc gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030. 

“B’fhéidir gur rud é a thógfaidh glúin le réiteach,” a dúirt Mac Cormaic leis an gcoiste. “Leis an sprioc earcaíochta seo atá leagtha amach do 2030, beidh lear mór daoine le Gaeilge á dtabhairt isteach chuile bhliain sa státchóras. Go leor acu, caithfidh muid glacadh leis go mbeidh siad ag teacht isteach ag leibhéal sóisearach ach oibreoidh siad tríd na leibhéil. Ag an bpointe sin, beidh tú in ann coinníollacha [a leagan síos] go bhfuil Gaeilge riachtanach do na poist is sinsearaí sa státchóras.” 

“Tá muid ag teacht ó leibhéal an-íseal. Caithfidh muid é sin a aithint,” a dúirt sé. 

Dúirt an Teachta Connolly nár cheap sí go bhféadfaí fanacht chomh fada sin i gcás na Gaeilge agus an teanga i “ngéarchéim”. Dúirt Connolly go raibh gá le “beart polaitiúil ag leibhéal an Rialtais” chun an ghéarchéim a aithint. 

Tá amhras mór léirithe ag polaiteoirí, státseirbhísigh agus daoine eile faoin sprioc uaillmhianach 20% d’earcaigh agus nuair a cuireadh ceist ar Mhac Cormaic an raibh sé dóchasach go mbainfí amach í, dúirt sé gur mhaith leis fáil amach ar dtús cén líon daoine a bheadh ag teastáil chun an sprioc a bhaint amach. 

Tá Ollscoil na Gaillimhe ag obair ar thaighde i láthair na huaire faoi na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge faoi láthair agus faoi na heasnaimh atá ann. Beidh an taighde mar chuid den phlean earcaíochta atá le réiteach ag an gCoiste Comhairleach chun an sprioc a bhaint amach. 

Dúirt Mac Cormaic freisin nach earcaigh iomlán nua amháin a bheadh i gceist mar go mbeadh daoine atá ag obair sa tseirbhís phoiblí cheana féin ach a gheobhadh ardú céime ar an mbunús go bhfuil Gaeilge acu san áireamh maidir le baint amach na sprice 20%. 

Faoi dheireadh, dúirt Mac Cormaic go raibh sé “dóchasach go maith” go mbainfí an sprioc amach agus go raibh éadóchas ann cheana maidir le deireadh a chur le maolú ar stádas na Gaeilge san AE ach gur baineadh sin amach nuair a cruthaíodh go leor córas nua, mar atá á dhéanamh anois ag an gCoiste Comhairleach. 

Dúirt sé freisin gur ábhar dóchais dó an “t-athrú meoin” atá feicthe aige trasna an státchórais maidir leis an nGaeilge le roinnt blianta anuas. 

Dúirt Mac Cormaic gur bheag éisteachta a thabharfaí dó nuair a bhí sé ag iarraidh cúrsaí Gaeilge a phlé le rannóga áirithe den státseirbhís deich mbliana ó shin ach go bhfuil sé sin athraithe ó shin. 

“Go ginearálta, feictear dúinn go bhfuil athrú meoin ansin. Beidh eisceachtaí ann ach, go ginearálta, tá daoine ag aithint go bhfuil fadhb ann agus go bhfuil muid ag iarraidh teacht ar réiteach na faidhbe sin agus tá siad [sásta] tacú linn ar an aistear sin.” 

Fág freagra ar '‘Tógfaidh sé glúin eile sula mbeidh líofacht sa Ghaeilge riachtanach do na státseirbhísigh is sinsearaí’'

  • Seán Ó Donnchaidh

    Ní thiocfaidh aon athrú ar an scéal fad is a mbeidh PAS i gceannas ar earcaíocht.
    Ní bhíonn scileanna agus taithí an iarrthóra ar intinn acu nuair a chuireann siad daoine isteach i bpostanna nó ranna éagsúla.
    Iarrann siad ort post a ghlacadh i Contae nó baile éigin i ngan fhios duit cén roinn nó eagraíocht atá i gceist acu agus ansin níl an dara rogha agat ach post atá mí-oiriúnach ar fad duit a ghlacadh.
    Agus níl suim dá laghad acu an bhfuil Gaeilge agat nó nach bhfuil mar tá cuid dá bhfoireann ag strácáil le Béarla a thuiscint fiú amháin Gaeilge.

  • Colmcille Ó Monacháin

    Fadhb na státseirbhíse neamhinniúla, mífheidhmiúla. Tá níos mó aon dóigh amháin ann leis an cheist seo a thabhairt go cnámh na huillinne.

    Níl maith sa reachtaíocht atá ann – tugadh isteach í sin lena chinntiú nach ndéanfaí an t-athrú is gá, nó go ndéanfaí é chomh fadálach sin agus nach bhfaighfí aon tairbhe as.

    Ach d’fhéadfaí brú polaitiúil a chur .. má tá aon pháirtí ann atá toilteanach tabhairt faoin cheist.

    Abair go bhfógródh páirtí éigin (Sinn Féin?) anois roimh an olltoghchán go bhfuil rún acu, má éiríonn leo dul sa rialtas, líon áirithe aireachtaí a thabhairt do Ghaeilgeoirí sa pháirtí, agus chomh maith leis sin go ndéanfaidh na hairí sin, mar minimum, gnó inmheánach na haireachta (lena n-áirítear an caidreamh lena Roinn agus le hArdrúnaí na Roinne) i nGaeilge – sa teanga náisiúnta, agus sa phríomhtheanga oifigiúil. An bhféadfaí neamhaird a dhéanamh den scenario féideartha sin? Agus dá n-éireodh leo dul sa rialtas, cad é mar a dhéileálfaí leis an scenario, de facto?

    An mbeadh an STÁTseirbhís ábalta feastal ar an STÁT sa chás sin? An mbeadh éigeandáil ann? An mbeadh ceisteanna crua le freagairt faoi inniúlacht/feidhmiúlacht/dlisteanacht na Státseirbhíse. Ceisteanna bunúsacha bunreachtúla ar nós: an bhfuil cearta teanga ag comhaltaí tofa a ndéantar airí díobh? cad is ciall le ‘teanga oifigiúil’? Cad é dualgais na státseirbhíse vis à vis soláthar a dhéanamh do riachtanais na n-airí / na n-aireachtaí rialtais? An gcaithfidh an tAire a chearta teanga a ghéilleadh le riar do neamhinniúlacht na státseirbhíse?

    B’fhéidir…seans maith… go bhfuil an beart atá mé a mholadh ró-réabhlóideach ag na páirtithe polaitíochta atá suas anois!