‘Más gá tabharfaidh an roinn tacaíocht don Ard-Rúnaí nua Gaeilge a fhoghlaim’ – Aire na Gaeltachta

Tá ceisteanna le freagairt faoin scéala nach bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis an bhfolúntas don phost is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta sa státseirbhís, a deir iar-aire Gaeltachta agus eagraíocht teanga

‘Más gá tabharfaidh an roinn tacaíocht don Ard-Rúnaí nua Gaeilge a fhoghlaim’ – Aire na Gaeltachta

Deir Aire na Gaeltachta go gcabhrófar leis an té a cheapfar ina Ard-Rúnaí nua ar a roinn an Ghaeilge a fhoghlaim sa chás nach mbeidh an teanga ag an té sin.

Ach ní mó ná sásta atá iar-aire Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge nach bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis an bhfolúntas.

Fógraíodh le déanaí post an Ard-Rúnaí sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an post is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta sa státseirbhís.

Beidh an tArd-Rúnaí sa roinn freagrach as cuid mhór de na polasaithe atá ag an stát ó thaobh chosaint na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach de réir an leabhráin eolais a foilsíodh in éineacht leis an bhfolúntas, ní gá go mbeadh an Ghaeilge ag iarrthóirí.

Agus ceist Dála á freagairt aici faoin bhfolúntas, dúirt an tAire Catherine Martin “dá mba ghá” go dtacódh a Roinn “go hiomlán” leis an Ard-Rúnaí nua Gaeilge a fhoghlaim.

An Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, a chuir ceist ar an aire cén fáth nach raibh riachtanas Gaeilge leis an bpost ó tharla cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheith ar an roinn agus ó tharla oifigí a bheith aici arb í an Ghaeilge an teanga oibre iontu.

Ag labhairt dó le Tuairisc dúirt Ó Cuív nach raibh an freagra a fuair sé “sách maith” don roinn “atá in ainm is a bheith ag leagan na gcaighdeán síos ó thaobh úsáid na Gaeilge sa státchóras”.

“An Roinn seo a leag síos an sprioc sa reachtaíocht go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030, tá siad ag rá nach gá Gaeilge don phost is sinsearaí acu féin. Cén seans atá ag an sprioc, más é sin an dearcadh atá ann?

“Agus an rud a tharlóidh sa chás seo mura mbíonn Gaeilge ag an Ard-Rúnaí, beidh gach rud a théann suas chuici nó chuige á aistriú go Béarla. Agus nuair a tharlaíonn sin, go praiticiúil, ní hí an Ghaeilge an teanga oibre níos mó.”

Sa chás nach mbeadh Gaeilge ag an Ard-Rúnaí nua, deirtear go gcaithfeadh sé nó sí líofacht a bhaint amach sa teanga “laistigh de thréimhse ama réasúnach”, ach deir Éamon Ó Cuív go bhfuil soiléiriú ag teastáil faoin méid sin.

“Cé mhéad ama atá i gceist acu le tréimhse réasúnach? Agus cén caighdeán Gaeilge, ó thaobh TEG [Teastas Eorpach na Gaeilge] a bheidh ag teastáil i ndiaidh na tréimhse sin?

“Agus ceist eile, má cheaptar duine nach bhfuil Gaeilge aige nó aici, an mbeidh an duine sin buan sa phost le linn na tréimhse a mbeidh siad ag foghlaim na Gaeilge? Ceisteanna iad sin a mbeidh freagraí á lorg agam orthu ón Aire,” arsa Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn, gur “údar díomá” é nach raibh líofacht sa teanga luaite mar riachtanas don phost.

“Is é an trua é mar seo an duine is sinsearaí sa státseirbhís ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta,” a deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

“Léiríonn sé go bhfuil fadhb níos mó ann mura bhfuil gá Gaeilge a bheith ag an roinn seo, roinn ar cheart di a bheith ag tabhairt dea-shampla ó thaobh na teanga. Mura bhfuil an roinn ina bhfuil roinn na Gaeltachta den tuairim go bhfuil gá le duine le Gaeilge cén fáth go mbeadh aon roinn eile buartha faoi?”

Tá deireadh le teacht an mhí seo chugainn le téarma Katherine Licken mar Ard-Rúnaí ar an Roinn. Ceapadh í sa phost ag tús 2017.

Tuarastal breis is €230,000 atá luaite leis an bhfolúntas atá fógartha ar publicjobs.ie.

Fág freagra ar '‘Más gá tabharfaidh an roinn tacaíocht don Ard-Rúnaí nua Gaeilge a fhoghlaim’ – Aire na Gaeltachta'

  • Pól Ó Braoin

    Go dtárrthaí mac dílis Dé sinn.
    Chuirfeadh sé fonn múisce ar an gcat, muis…

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Príomhphost na Gaeilge sa Státchóras le tabhairt do dhuine nárbh fhiú leis nó léi tabhairt faoin nGaeilge go nuige seo agus a d’fheidhmigh go hiomlán trí Bhéarla go nuige seo.
    Ní féidir gur fíor sin…..
    Nach léiríonn easpa cumais dá leithéid easpa suime agus easpa tiomantais don réimse oibre seo agus don phost áirithe seo?
    Shílfeá go mbeadh marcanna an-íseal ag dul don té ar bheagán Gaeilge sa chuid sin den phróiseas earcaíochta?
    An ionann é seo ag vóta mímhuiníne sna hardstátseirbhísigh a bhfuil Gaeilge acu cheana?

  • Antóin

    ‘ach de réir an leabhráin eolais a foilsíodh in éineacht leis an bhfolúntas, ní gá go mbeadh an Ghaeilge ag iarrthóirí.’

    An bhfuil sé sin soiléir ón leabhrán eolais? Cuir nasc chuig an leabhrán le do thoil.

    Ach má tá, Ní haon údar díomá é, ní haon trua é. Tá sé náireach.