Tír Eoghain réidh chun deireadh a chur le forlámhas Bhaile Átha Cliath sa tsraith

Cuirfear tús leis an tSraith Náisiúnta Peile anocht agus dar le Seán Ó Domhnaill agus Aindriú Mac Lochlainn, tá stádas Bhaile Átha Cliath mar ríthe na sraithe i mbaol

Tír Eoghain réidh chun deireadh a chur le forlámhas Bhaile Átha Cliath sa tsraith

Paul Flynn ag imirt do Bhaile Átha Cliath sa tsraith anuraidh. INPHO/Ryan Byrne

Anois teacht an earraigh agus anois teacht ceart shéasúr na peile agus tús á chur leis na Sraitheanna Náisiúnta Peile an deireadh seachtaine seo. Is beag a bhíonn le foghlaim ó na cluichí réamhshéasúir nuair a bhíonn go leor bainisteoirí ag cur foirne trialach chun páirce, ach is cinnte go mbíonn an tsraith níos déine.

I mbliana, tá peileadóirí Bhaile Átha Cliath ag iarraidh Roinn 1 den tsraith a bhuachan den chúigiú huair as a chéile, rud nach bhfuil déanta ag aon chontae ach Maigh Eo, a bhuaigh an comórtas sé huaire idir 1933 agus 1939. Is iad foireann Jim Gavin rogha na coitiantachta i Roinn 1 i mbliana ach, dar le beirt a d’imir ar fhoirne láidre sraithe, an Gaillimheach Seán Ó Domhnaill agus iarimreoir Chill Dara, Aindriú Mac Lochlainn, beidh sé deacair ag Baile Átha Cliath an forlámhas atá acu ar an tsraith a choinneáil in 2017.

Dar le hÓ Domhnaill, tá an-seans ag Tír Eoghain, a bhuaigh Roinn 2 anuraidh, an tsraith a thabhairt leo i mbliana.

“Tá an bharúil sin agamsa bunaithe ar a bhfaca mé anuraidh,” a deir Ó Domhnaill. “Níor chaill siad ach cluiche amháin i rith na bliana, an ceann in aghaidh Mhaigh Eo. Chuile sheans gur scéal difriúil a bheadh ann an lá sin freisin dá mbeadh Seán Cavanagh ar an bpáirc don dara leath.

“Ceapaim go bhfuil siad mar a bhí Baile Átha Cliath cúig bliana ó shin, agus athrú a dhéanamh acu ar an stíl atá acu. Bhíodh siad cosantach ach tá siad an-mhaith ar an bhfrithionsaí anois agus leithéidí Mattie Donnelly, Peter Harte agus Cavanagh acu. Tá meon nua acu chomh maith agus na himreoirí óga ó fhoirne buacacha mionúir agus faoi 21 ag teacht isteach.”

Beidh cluiche breise sa bhaile ag Tír Eoghain, agus ag cúpla foireann eile i rith na sraithe, thar mar a bheidh ag Baile Átha Cliath agus síleann Mac Lochlainn go bhféadfadh an buntáiste sin a bheith cinniúnach.

“Tá ceithre chluiche sa bhaile ag Dún na nGall, Maigh Eo, Ciarraí agus Tír Eoghain, foirne thar a bheith láidir, agus is mór an buntáiste é sin dóibh. Níl ach trí cinn i bPáirc an Chrócaigh ag Baile Átha Cliath agus d’fhéadfadh sé sin an-tionchar a bheith aige ar Roinn 1.

“Tá an-seans ag Tír Eoghain agus ag Ciarraí. Tá na himreoirí óga atá ag Ciarraí, a tháinig isteach ó na foirne mionúir agus faoi 21, beagáinín níos sine anois agus iad ag feabhsú leo i gcónaí. Chaill siad an chéad chúpla cluiche a bhí acu sa tsraith anuraidh ach fós bhain siad an cluiche ceannais amach.”

Taobh amuigh de Roinn 1, tá sé i bhfad níos deacra tuar a dhéanamh ar na ranna éagsúla, ar Roinn 2 go háirithe, agus is beag atá idir na foirne. Is iad Gaillimh agus Corcaigh, a thabharfaidh aghaidh ar a chéile amárach, na foirne is mó sa roinn seo a bhfuil caint á déanamh fúthu ach ní bheidh sé éasca acu, a deir Ó Domhnaill.

“Tá Corcaigh ann i mbliana ach beidh go leor imreoirí ar iarraidh orthu don chéad chúpla cluiche de bharr gortuithe agus a leithéid. Tá go leor fadhbanna fós ag Gaillimh i measc na gcúlaithe. Bhain an Clár ardú céime amach anuraidh agus d’fhéadfadh siadsan geit a bhaint as cúpla foireann.”

Aindriu Mac Lochlainn agus Joe Sheridan ag imirt sa tsraith in 2011. NPHO/Cathal Noonan

Mar aon leis an gClár, bhain Cill Dara an t-ardú céime amach ó Roinn 3 anuraidh agus cé go measann Mac Lochlainn go bhfuil feachtas crua rompu, tá dea-scéal ann d’fhoireann Cian O’Neill agus beirt de na himreoirí is fearr atá acu, Niall Kelly agus Eoin Doyle, ar ais i mbarr a maitheasa tar éis dóibh a bheith ar iarraidh do chuid de shéasúr 2016 de bharr gortuithe.

Cé go mbíonn gach foireann ag súil le feachtas láidir sraithe a bheith acu, is deacair a rá cén tionchar a bhíonn ag an tsraith ar an gcraobh.

Anuraidh, ba bheag nár díbríodh Tiobraid Árann go dtí Roinn 4 ach fós bhain siad cluiche leathcheannais na hÉireann amach. Ar an láimh eile, bhí feachtas sraithe iontach ag Ros Comáin i Roinn 1, mar a bhfuair siad an ceann is fearr ar Chiarraí, ar Corcaigh agus ar Dhún na nGall, ach le linn na craoibhe ba ar éigean a bhuaigh siad ar Nua-Eabhrac agus chaill siad in aghaidh na Gaillimhe agus an Chláir.

Ar an dtaobh eile den scéal, síleann Mac Lochlainn, gur thug bua Chill Dara i Roinn a 2 in 2012 an-spreagadh don fhoireann.

“Bhí an ghaoth inár seolta againne ag dul isteach sa Chraobh. Bhí muid tar éis cluichí crua a chur dínn, agus d’imríomar ceann acu sin i bPáirc an Chrócaigh. Bhí foirne eile nach raibh ag imirt ar chor ar bith, gan acu ach ag dul chuig campaí nó ag traenáil, ach bhí muide in ann díriú isteach ar chluichí. Bhí sé an-tábhachtach dúinn.”

Deir Ó Domhnaill go bhfuil buntáiste mór ag na foirne i Roinn 1 mar go mbíonn siad ag imirt i gcoinne foirne ardchaighdeáin.

“I Roinn 2 nó Roinn 3, ní bhíonn foirne ach ag iarraidh dul suas nó fanacht thuas. Is cluichí crua, diana a bhíonn iontu, ní bhíonn siad ag iarraidh botúin a dhéanamh, agus lagaíonn sé sin an caighdeán. Tá Roinn 2 an-lag i mbliana.”

Beidh cúpla mí eile ann sula bhfeicfidh muid cén tionchar a bheidh ag sraith na bliana seo ar an gcraobh, ach ar a laghad beidh roinnt cluichí crua agus suimiúla againn idir an dá linn.

Fág freagra ar 'Tír Eoghain réidh chun deireadh a chur le forlámhas Bhaile Átha Cliath sa tsraith'