Tionóil fómhair na polaitíochta

Tá na páirtithe ag teacht le chéile roimh sheisiún deireanach na Dála roimh an olltoghchán. Céard lena aghaidh, dáiríre?

15/03/2015. Cabinet Meeting. Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny arriving for Cabinet meeting this morning in Government Buildings this morning. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
An Taoiseach Enda Kenny. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Aoibhinn beatha an pholaiteora! D’fhéadfadh Teachtaí Dála, Seanadóirí agus Feisirí Eorpacha na bpríomhpháirtithe suí síos le chéile gach bliain sara bhfilleann an Dáil sa bhfómhar in óstán breá éigin i mBaile Átha Cliath.

Ach mar is gnáth, ní sa phríomhchathair a reáchtálfaidh na páirtithe tionóil an fhómhair i mbliana, cé is moite de pháirtí amháin a roghnaigh ionad i mBaile Átha Cliath ar chúis, glacaim leis, nach gá a mhíniú.

Is díol suntais é roimh thionóil fómhair na polaitíochta, dála an scéil, ainneoin an oiread daoine a bheith míshásta le polaiteoirí agus amhrasach faoina macántacht, gur thug 75% de vótóirí an stáit tacaíocht do na príomhpháirtithe i bpobalbhreith* a foilsíodh le gairid.

Seo na háiteanna a mbeidh siad, ina gceann is ina gceann.

FINE GAEL:  Átha Dara, Contae Luimnigh, Déardaoin/Aoine, 10ú/11ú.

SINN FÉIN:   Baile Mhic Gormáin, Contae na Mí, Dé hAoine, 11ú.

AN LUCHT OIBRE:  Gleann Dá Ghrua, Contae  Chill Mhantáin, Luan/Máirt, 14ú/15ú.

FIANNA FÁIL:  Cill Fhiontain, Baile Átha Cliath, Luan/Máirt, 14ú/15ú.

Gan amhras, síleann go leor daoine go mbeadh sé níos macánta (a) cruinnithe páirtí parlaiminte agus (b) ócáidí sóisialta, a thabhairt ar na tionóil seo. Ach ní foláir a rá go n-iarrann na páirtithe ar aoichainteoirí ar fiú éisteacht leo labhairt faoi ábhair thábhachtacha. 

Mar shampla, mhol an t-athair Seán Healy malairt treo (nár glacadh leis an gcuid is mó de) d’Fhianna Fáil i 2004, nuair a labhair sé faoi chúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta le linn shlógadh an pháirtí in Oileán Inse Duine.

Dhá shampla eile: labhair cathaoirleach NAMA, Frank Daly, le linn shlógadh Fhine Gael anuraidh, agus d’iarr an Lucht Oibre ar an saineolaí sláinte, Sara Burke, atheagrú na seirbhíse sin a phlé leo.

Ar a shon sin is uile, oireann an dá chur síos thuas don chuid is mó de na tionóil a reáchtálfar as seo go ceann deich lá. Ní cóir, ar ndóigh, neamhshuim a dhéanamh de dhream eile a bheidh i láthair, is iadsan iriseoirí, údar an cholúin seo ina measc. Bí cinnte go gcraolfar agus go bhfoilseofar go leor tuairiscí – sean, maith nó seafóideach – ó ionaid na gcruinnithe.

Beidh an 31ú Dáil á scor faoi ceann 27 seachtain, ar a dheireanaí. De réir dlí, beidh deireadh le téarma reachtúil na Dála ar an 7 Aibreán 2016. Idir seo agus sin, cuirfidh an rialtas a mórthairiscint os comhair an phobail sa Cháinaisnéis. Roimhe sin, beidh beartais éagsúla á bplé ag cúlbhinseoirí an Rialtais i nGleann Dá Ghrua agus in Átha Dara.

Seo dhá mhórcheist eile a phléifear gan dabht ag gach slógadh fómhair, agus ina dhiaidh.

  1. Cé mar is féidir fadhb na dtáillí uiscé, agus feabhsú an chórais, a réiteach ar dhóigh nach ndiúltóidh móramh den phobal dó?
  2. Cé mhéad teifeach ba chóir a ligean isteach? Cá gcuirfear dídean ar fáil dóíbh? Agus an bhfuil tuairim ag duine ar bith faoin réiteach náisiúnta agus idirnáisiúnta a theastaíonn?

Tá mianach slógadh iomlán fómhair sa dá ábhar.

* Torthaí shuirbhé Ipsos/mrbi san Irish Times ar 2 Lúnasa:  Fine Gael 24 faoin gcéad,  Fianna Fáil 23 faoin gcéad, Sinn Féin 21 faoin gcéad, agus an Lucht Oibre a seacht faoin gcéad.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Tionóil fómhair na polaitíochta'