Níl sé curtha as an áireamh ag an Aire Oideachais go ngearrfaí siar an méid ama a chaitear ag múineadh na Gaeilge sa bhunscoil.
Nuair a ceistíodh an tAire Oideachais Norma Foley an tseachtain seo faoin imní atá ar dhaoine go bhfuil sé i gceist aici gearradh siar ar uaireanta teagaisc na Gaeilge sa churaclam bunscoile nua atá á ullmhú faoi láthair, dhiúltaigh sí don deis a leithéid a chur as an áireamh.
Ina áit sin, thug sí le fios don Teachta Dála Éamon Ó Cuív, nach raibh aon chinneadh déanta go fóill faoina bhfuil i ndán do theagasc na Gaeilge sa churaclam nua.
Tá sé ina imní ag daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais go mbeidh an Ghaeilge thíos le haon chinneadh an tríú teanga a mhúineadh do dhaltaí bunscoile.
I dtuairisc san Irish Times le déanaí faoin gcreat nua do churaclam na bunscoile atá á mheas ag an Roinn Oideachais, dúradh go dtiocfadh laghdú leathuair an chloig sa tseachtain ar mhúineadh an Reiligiúin do dhaltaí ó Rang a 3 ar aghaidh chun cuid den am a bheidh ag teastáil chun teanga eile a mhúineadh a fháil. Ach níl sé soiléir cá as a dtiocfadh an 30 nóiméad eile.
Sna moltaí a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) i gcomhairliúchán poiblí maidir le conas a d’fhéadfaí an t-am a fháil chun an tríú teanga a mhúineadh, bhí níos lú ama don Ghaeilge i gceist le péire de na roghanna. Faoin rogha eile d’fhágfaí faoin scoil é an t-am a roinnt, rud a chruthódh an baol go mbainfí ón am don Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla.
Bhí Conradh na Gaeilge ina measc siúd a chuir i gcoinne na moltaí a rinne an CNCM mar chuid den chomhairliúchán agus dúirt an eagraíocht gur cheart a chinntiú go mbeadh an Ghaeilge á múineadh i gceart sna bunscoileanna sula ndíreofaí ar teagasc an tríú teanga.
Tuairiscíodh go raibh an tAire Oideachais Norma Foley chun a beannacht a thabhairt don churaclam nua go luath sa bhliain nua, ach deir sí anois go gcaithfear machnamh a dhéanamh air.
I bhfreagra scríofa ar cheist Dála, dúirt an tAire go raibh an creat don churaclam “á mheas go cúramach” agus go bhfoilseofaí é nuair a bheadh an obair sin curtha i gcrích.
“Tá an Creat curtha faoi bhráid mo Roinne ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta dá bhreithniú. Tuigim an fonn atá sa phobal oideachais agus sa phobal i gcoitinne go bhfoilseofaí Creatchuraclam na Bunscoile ach ní mór dúinn ár mbreithne a thabhairt chun críche ar dtús.
“Tá an Creat á mheas go cúramach ag m’oifigigh agus agam féin lena chinntiú go dtacóidh sé le boird bhainistíochta, le ceannairí scoile agus le múinteoirí, oideachais cuí a chur ar fáil dár leanaí go léir inár mbunscoileanna agus inár scoileanna speisialta agus go dtacóidh sé le forbairt curaclam bunscoile a fhreastalaíonn ar riachtanais dhaltaí an lae inniu agus na todhchaí.
“Foilseofar an Creat nuair a bheidh na breithnithe sin tugtha chun críche,” a dúirt an tAire Foley.
Micheál ó Máirtín
Caithfear a chinntiú nach mbeidh an Ghaeilge thíos leis mar gheall ar an 3ú Teanga sa churaclam bunscoile.
Cordelia Nic Fhearraigh
Tá seo samhnasach. Náireach go bhfuil suim anois an tríú teanga a thabhairt isteach agus achan iarracht déanta deireadh a chuir le múineadh na Gaeilge sa tír. Ach nuair nach bhfuil an Ghaeilg le feiceáil nó le cloisteáil i ngnáthshaol na tíre ní iontas ar bith lámh an uachtar ag an Bhéarla. Agus nach seo polaiteoirí (saoránaigh na tíre dála an scéil) ag déanamh cinntí chun a dtóin féin a shábháil agus chead ag an teanga dúchais?
‘…a fhreastalaíonn ar riachtanais dhaltaí an lae inniu agus na todhchaí.’
Cén brí atá le seo? An bhfuil béim níos mó a chuir ar oibrithe ‘oilte’ a tháirgeadh le dhul amach sa domhan agus a bheith ina sclábhaithe ag ‘na margaidh’ ar mhaithe le níos mó agus níos mó maoin a ghnóthú nó ar cheart féin mhúinín agus féiniúlacht a chothú i bpáistí agus i ndaltaí an lae inniu agus na todhchaí leis an Ghaeilg a chuir chun tosaigh ina saoil – is cuma cá háit ar domhain a bhíonn siad?
Mo náire polaiteoirí na tíre seo ó bunaíodh an stát seo agus an crimeadh leanúnach atáthar ag déanamh ar stádas na Gaeilge. Mo náire iad uilig!
COINNÍOLL GHAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!
JP
Síor-ionsaí, síor-aithisiú agus síor-úirísliú á dhéanamh ag an mbunaíocht shotalach ar ár dteanga bheag féin. Tá an ceart ag Cordelia, déantar deimhin de go múinfear an Ghaeilge i gceart ar dtús, tús áite agus tábhachta a thabhairt di. Nuair a labhraim cúpla focal Gaeilge le dailtín scoile ar bith a chastar sa tsráid ort ceapann siad gur coimhthíoch ó phláinéad eile mé. Níl siad ábalta ar Amhrán na bhFiann a chanadh fiú. Aistreofar go Béarla é sin leis amach anseo. Is iad na hAirí Oideachais is measa ar fad acu i gcónaí. Is mithid dúshlán Foley a thabhairt anois. Ca’il an dream óg, nó bhfuil aon ghus iontu?
Caoímhín
Beidh níos lú ama don Bhéarla i bhfad níos fearr mar is stát aonteangach í Éirinn faoi láthair i ndáiríre, beidh stró ar bith leis na daltaí á fhoghlaim taobh amuigh den scoil.
Mura bhfuil siad in ann an Ghaeilge a mhúineadh agus a neartú go ceart go dtí seo, cén fáth a gceapann siad go bhféadfaidís An Fhraincis nó an Ghearmáinis a mhúineadh níos fearr?
Aonghus
Tá dul amú ort a Chaoímhín. Ní Fraincís na Gearmáinis atá i gceist acu Ultais!
Nár dhúirt an tAire Patrick O’Donavan an lá cheana go gcaithfimis tacú leis an Ultais.
Níl sé ceart ná cóir go bhfuil tírdhreach Ulaidh breac le logainmneacha Gaelacha, an teanga nach labhraíonn ach na bundúchasaigh aineolacha fiáine.
Caitfidh logainmneacha Ultaise a bheith ar chomharthaí bóthar fud fad na hÉireann (féach Watterweys Airlann ar an tSionainn cheana) chun fáiltiú roimh aontachtaí san Éire aontaithe ata beartaithe.
Cúis náire í an Ghaeilge do Norma agus seoiníní eile na Roinne Oideachais a cheapann nach bhféadfaimis aon dul chun cinn a dhéanamh fhad is atáimid i bhfostú ag an ancaire seo.