Tiobraid Árannaigh bíogtha do theacht na gCorcaíoch agus cluiche mór in Inis

Tabharfaidh Loch Garman aghaidh ar sheaimpíní na hÉireann i bPáirc Uí Chíosóg amárach agus an dá fhoireann i mbaol íslithe céime

Tiobraid Árannaigh bíogtha do theacht na gCorcaíoch agus cluiche mór in Inis

Sraith Náisiúnta Iomána Roinn 1

Dé Sathairn, 22 Feabhra

Tiobraid Árann v Corcaigh – Staid Semple, 7.30in (Beo ar RTÉ 2)

Dé Domhnaigh, 23 Feabhra

Cill Chainnigh v Luimneach – Páirc Uí Nualláin, 1.45in (Beo ar TG4)

An Clár v Loch Garman – Páirc Uí Chíosóg, 1.45in

Níl dearmad déanta go fóill ag muintir Chorcaí ar an slad a rinne foireann an chontae ar Thiobraid Árann lá álainn gréine mí Bealtaine anuraidh. D’aimsigh na Corcaígh 4-30 agus bua ocht bpointe dhéag acu ar na Tiobraid Árannaigh ar a bpaiste féin i nDurlas.

Chaill foireann Liam Cahill i gcoinne an Chláir an Domhnach ina dhiaidh sin agus bhí deireadh déanta acu in 2024 agus gan deireadh na Bealtaine féin tagtha fós agus iad taobh le pointe fánach amháin óna gceithre bhabhta.

Scríobhadh roinnt fógraí báis fúthu ag an am.

Léigh mé agallamh a rinne an bainisteoir Liam Cahill sa pháipéar áitiúil The Nenagh Guardian i rith na seachtaine agus é ag rá nár cheap sé go raibh a ndóthain oibre déanta acu roimh chraobhchomórtas 2024.

Bhuel, thosaigh séasúr úrnua cúpla seachtain ó shin agus, go dtí seo ar aon nós, tá comharthaí téarnaimh ann agus an chuma orthu go mbeidh na Tiobraid Árannaigh iomaíoch agus nach bhfuil cúrsaí chomh dona agus a cheap leantóirí an chontae. B’fhéidir go bhfuil an ‘obair á cur isteach’ i mbliana.

Anocht beidh Corcaigh ar ais i Staid Semple agus iad gan roinnt imreoirí tábhachtacha – leithéidí Mark Coleman, Seamus Harnedy, an captaen Robert Downey agus an t-iarchaptaen Seán O Donoghue, iadsan uile gortaithe, agus Declan Dalton ar fionraí. Ach fós beidh Corcaigh láidir go leor agus is cinnte go mbeidh na Tiobraid Árannaigh gríosaithe don chluiche seo.

Amárach beidh Luimneach ag taisteal go Páirc Uí Nualláin chun tabhairt faoin bhfoireann bhaile. I ndiaidh an chluiche seo beidh eolas cruinn go leor ag Derek Lyng agus a mheitheal bainistíochta cá seasann a bhfoireann. Tá cúpla imreoir fós le filleadh agus go dtí seo caithfidh go bhfuil siad sásta go leor, ach ní shásóidh sin lucht tacaíochta an chontae.

Níl ach corn amháin uathu, Corn Mhic Cárthaigh, agus tá deich mbliana anois ann ó bhuadar é go deireanach. Is gorta é sin i measc na gCat.

Beidh barúil níos fearr ag Lyng i ndiaidh an chluiche amárach an dtiocfaidh deireadh leis an ngorta sin i mbliana.

Caithfidh go bhfuil John Kiely agus a mheitheal thar a bheith sásta agus iad ábalta seans a thabhairt do roinnt mhaith imreoirí nua. Sa dá chluiche atá imeartha acu go dtí seo ní fhéadfainn a rá go bhfuil aon duine i measc na n-imreoirí nua sin nach bhfuil ar an gcaighdeán atá ag teastáil ó Kiely agus Paul Kinnerk.

Is mór an chabhair do na himreoirí i ngach contae anois go bhfuil Corn Mhic Ghiobúin críochnaithe agus an corn sin ar ais in Ollscoil Luimnigh arís. Beidh an cluiche seo suimiúil freisin.

Tá cluiche thar a bheith tábhachtach i Páirc Uí Chíosóg in Inis agus Loch Garman ag teacht ar cuairt. Tá an dá chontae seo gan aon phointe sraithe agus iad suite ag bun an tábla. Braitheann toradh an chluiche seo ar neart an dá fhoireann a rachaidh chun páirce. Go dtí seo tá an dá chontae céasta le gortuithe.

Ní fhacamar fós leath de na himreoirí a thug abhaile Corn Mhic Cárthaigh don Chlár anuraidh ná leath de na leaids a bhí i gcroílár fhoirne Loch Garman le tamall maith de bhlianta.

Mar atá rudaí faoi láthair tá gach seans gurb iad seo an dá fhoireann seo a bheidh dícháilithe i gceann cúpla seachtaine.

Tá sé beagnach cinnte go mbeidh an fhoireann a chaillfidh an cluiche seo in Inis ag imirt i Roinn 1B an bhliain seo chugainn. Tá ionadh orm nach bhfuil an cluiche á thaispeáint ag TG4.

Fág freagra ar 'Tiobraid Árannaigh bíogtha do theacht na gCorcaíoch agus cluiche mór in Inis'