An Bhreatain Bheag i ladhar an chasúir agus gá ag Éirinn le bua slachtmhar

Ní bhíodh sé éasca riamh bua a fháil i Caerdydd ach ba cheart go mbeadh na hÉireannaigh muiníneach agus an tóin tite as foireann na Breataine Bige

An Bhreatain Bheag i ladhar an chasúir agus gá ag Éirinn le bua slachtmhar

Tá na geallghlacadóirí ag tuar bua éasca d’Éirinn, do Shasana agus don Fhrainc i mBabhta 3 de chomórtas Sé Náisiún na bliana seo. Go deimhin, tá siad ag tuar go mbeidh chúig phointe agus fiche le spáráil ag Éirinn ar an mBreatain Bheag, i Caerdydd, go mbeidh ocht bpointe idir na Sasanaigh agus na hAlbanaigh in Twickenham agus scór pointe idir an Fhrainc agus an Iodáil sa Róimh.

Níl a fhios agam faoin scór a bheas idir na foirne ach aontaím leis na geallghlacadóirí maidir le toradh na gcoimhlintí i Caerdydd agus sa Róimh. Tá amhras beag orm faoin gcluiche i Londain.

Is deacair teacht ar aon duine, sa mBreatain Bheag féin, atá ag tabhairt seans ar bith d’fhoireann an bhaile agus iad i gcoinne churaidh an chomórtais, Éire, inniu. Tá cúig chluiche dhéag imeartha ag na Breatnaigh ó bhuaigh siad cluiche idirnáisiúnta rugbaí. Coicís ó shin, tar éis dóibh cailleadh i gcoinne na nIodálach, scar siad lena gcóitseálaí, Warren Gatland, fear a threoraigh iad chuig trí Grand Slam. Ní dóigh go raibh cúrsaí rugbaí chomh dona ariamh i measc na mBreatnach. Seans maith gur acu a bheas an spúnóg adhmaid don dara bliain as a chéile. Ní iontas ar bith go bhfuil muid ar fad ag tuar bua agus bua éasca d’Éirinn.

Ach aire dhuit! Tá lámh na mBreatnach i mbéal an mhadra faoi láthair agus tá Matt Sherratt, fear nua a tháinig ó chlub rugbaí Caerdydd, i gceannas go sealadach. Cuir san áireamh freisin gur acu atá buntáiste an bhaile agus go tobann tá comhartha ceiste agat maidir leis an mbearna cúig phointe agus fiche a luaigh mé ag tús an ailt seo.

Maidir le cur chuige fhoireann na hÉireann, is léir ón rogha imreoirí atá sa bpainéal acu don chluiche seo nach bhfuil siad ag tógáil seans ar bith, fiú mura bhfuil fáil acu ar Caelan Doris, Rónán Kelleher ná Tadhg Furlong.

Tá mise cinnte go mbeidh an lá linn ach tá sé an-tábhachtach go n-éireodh linn scór mór a chlárú. Ní leor ceithre úd agus pointe bónais. Beidh leathshúil ag foireann agus ag lucht bainistíochta na hÉireann ar chluiche Bhabhta 4 i Staid Aviva faoi cheann coicíse i gcoinne na bhFrancach. Sa gcás go n-éireodh leis na Francaigh an láimh in uachtar a fháil orainn, ní bheidh ár rás rite agus beidh muid fós ar thóir an tríú craobh Sé Náisiún as a chéile san Roimh. Ach chun na féidearthachtaí sin a choinneáil beo, beidh gá le bua le scór mór, ní hamháin sa gcluiche inniu i Caerdydd ach sa Róimh i mBabhta 5 freisin.

B’fhéidir go bhfuil an ceart ag na geallghlacadóirí mar sin féin.

Beidh cluiche suimiúil i Twickenham tráthnóna inniu idir Sasana agus Albain. Bhí aiséirí de chineál ag baint le toradh Shasana i gcoinne na bhFrancach coicís ó shin agus bhí Albain fíorlag inár gcoinne i mBabhta 2 den chomórtas seo. Mar sin féin tá dea-thuairisc ar Albain agus iad i gcoinne Shasana sa gcomórtas. Fuair siad an lámh in uachtar sa gceithre chluiche a imríodh ó 2021, péire acu sin i Twickenham. Ní bheidh Albain gan dóchas. Níl aon dabht faoi sin ach is mó dul chun cinn atá déanta ag na Sasanaigh ná acusan ón am seo anuraidh. Mar sin féin ba cheart go mbeadh sárchoimhlint idir an dá shean-namhaid rugbaí seo.

Maidir le cluiche an lae amárach idir an Iodáil agus an Fhrainc, is deacair tada eile seachas bua éasca a thuar do na cuairteoirí. Beidh na hIodálaigh cróga ach seans go bhfuil an bhearna tallainne atá idir iad féin agus na Francaigh rómhór, go háirithe agus na cuairteoirí ar thóir maithiúnais óna lucht leanúna de bharr bua na Sasanach i mBabhta 2. Seans go n-íocfaidh na hIodálaigh go daor as sin.

Fág freagra ar 'An Bhreatain Bheag i ladhar an chasúir agus gá ag Éirinn le bua slachtmhar'