‘Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh, is tar éis na Féile Bríde ardóidh mé mo sheol,’ a dúirt an file Raifteirí fadó. Bhuel, tá an chéad lá de mhí Feabhra linn agus an dara babhta den tsraith náisiúnta iomána á imirt.
Bheinn ag súil go mbeidh coimhlint an deireadh seachtaine cois Laoi anocht agus Luimneach ag teacht chun a gcéad chluiche sraithe a imirt. Sin foireann Luimnigh a chaill in aghaidh Chorcaí dhá uair sa chomórtas craoibhe anuraidh agus a chaill amach ar an seans cúig chraobh i ndiaidh a chéile a bhuachan. Chonaiceamar Corcaigh i Loch Garman Dé Sathairn seo caite agus iad i bhfad níos fearr ná na Carmannaigh.
Bhíomar ag súil leis an mbua sin agus easpa an-mhór taithí ar fhoireann Loch Garman. Ach beidh a gcéad tástáil anocht ag an dá fhoireann agus slat tomhais acu ina dhiaidh lena ndul chun cinn a mheas. Tá Luimneach mar rogha do na coirn go léir arís i mbliana. Ach tá caint anseo i gCorcaigh faoi thábhacht an sraithe i mbliana. Dé ghnáth ní bhíonn mórán measa ag imreoirí ar bhonn sraithe cé go bhfuil athrú ag teacht ar an tuairim sin i gCorcaigh.
Tá John Kiely ag lorg imreoir nó dhó chun cur leis an bpainéal láidir atá fós aige. Tá Shane O’Brien agus Adam English feicthe againn anuraidh agus iad beirt an-ábalta ach tá áit bhuan ag teastáil uathu i mbliana mar atá ag leithéidí Colin Coughlan agus Aidan agus Fergal O’Connor. Tá Cian Lynch roghnaithe mar chaptaen agus Graeme Mulcahy imithe ar scor.
Ach pé foireann a rachaidh chun páirce anocht is cinnte go mbeidh sé láidir agus ar thóir an bhua. Tá súil le slua de níos mó ná 30,000 agus an t-ádh ar leantóirí ar fud na tíre go bhfuil TG4 chun an cluiche a thaispeáint.
Nach lag a bhí an Ghaillimh an Domhnach seo caite? Bhíodar an-oscailte ar fad sna cúlaithe agus bhíodar gan mórán spioraid. Chríochnaigh siad ceithre chúl chun deiridh sa cluiche seo a bhí tábhachtach go leor don dá bhainisteoir. Bhí meascán de thaithí agus den óige sa bhfoireann agus ceathrar nua, Seán Murphy, Michael Garvey, Rory Burke agus Oisín Lohan ag tosnú.
Ach bhíodar lag go maith agus beidh i bhfad níos mó ag teastáil ó Mhicheál Donoghue amárach.
Ag dul go dtí Páirc Uí Nualláin atá siad agus is cinnte nach bhfaighidh siad aon rud bog ansin. Thosnaigh na Cait amach an-mhall i gcoinne an Chláir in Inis seachtain ó shin ach ní raibh an fhoireann baile ábalta iad a chur de dhroim seoil agus rinneadar mar a dhéanann foirne Cill Chainnigh i gcónaí leis na bliana – d’fhanadar ag troid do gach liathróid agus do gach cúilín fánach. Tabharfaidh an bua sin muinín do na Cait mar anuraidh bhuaigh an Clár orthu trí huaire.
An rud is annamh is iontach, a deir tú.
Ní dóigh liom go mbeidh mórán cluichí éasca sa roinn seo i mbliana.
Táim ag súil le coimhlint ghéar agus taispeántas i bhfad níos fearr ó leads na Gaillimhe.
Bhí taispeántas breá agus bua an deireadh seachtaine seo caite ag Tiobraid Árann agus beidh siad ag iarraidh leanúint orthu ina gcluiche i gcoinne Loch Garman i nDurlas Éile amárach. Tá leanúnachas ag teastáil uathu agus iad ag iarraidh tromluí chraobh 2024 a chur uathu. Mar a scríobh mé an tseachtain seo caite tá Loch Garman d’uireasa formhór na n-imreoirí is fearr agus is tábhachtaí atá acu, rud a chiallaíonn go mbeidh sé deacair orthu pointe a thabhairt abhaile ó Staid Tom Semple .
Tá an Clár saor an deireadh seachtaine seo. Bhí ionadh orm nár chuir Brian Lohan níos mó imreoirí a bhfuil taithí acu chun páirce Dé Domhnaigh seo caite agus iad ag imirt sa bhaile.
B’fhéidir nach bhfuil an tsraith mar sprioc i mbliana ach ceapaim gur mhaith leo fanacht sa phríomhroinn do 2026.
I roinnn 1B tosnaíonn na Déise amach amárach le cuairt ar Páirc Netwach Cullen Cheatharlach.
Beimid ag coimeád súil ghéar ar dhéantús na foirne agus a dtaispeántas sa chéad chluiche sraithe seo faoin mbainistíocht nua.
Fág freagra ar 'Ógánaigh Luimnigh sa tóir ar áit níos buaine'