Ní minic liom breathnú ar an Late Late Show. Ni orthu siúd atá agus a bhí i mbun an chláir ó craoladh den chéad uair é cosamar trí scór bliain ó shin atá an milleán le dul. Togha na gcraoltóirí a bhí i chuile dhuine beo acu, an fear atá sa gcathaoir faoi láthair san áireamh.
An clár a bheith leadránach níos minicí ná a chéile an locht is mó a fhaighim air.
Bíodh agus go mbíonn fós plé á dhéanamh ar ábhair thábhachtacha agus shuimiúla, níos minicí ná a chéile is daoine mór le rá (nó ó d’éirigh na pingineacha gann in RTÉ, daoine nach gcuirfeá ina leith gur ‘beag le rá’ iad) a bhíonn air. Sin nó údar éicint atá ar thóir poiblíochta do leabhar dá chuid.
Ní fada go mbím ag míogarnach nó sínte ó chluas go heireaball i mbun léitheoireachta i seomra éicint eile.
Cúpla seachtain ó shin mealladh arís mé. Bolscaire leanúnachais a rinne sin i lár seachtaine nuair a fógraíodh go mba é an t-ábhar a bheadh á phlé ar an Late Late an Aoine a bhí ag teacht ná céard é bun agus barr Chumann Lúthchleas Gael.
‘What the GAA is all about‘ a dúradh. Shlog mé an baoite chomh hamplach agus a rinne aon bhreac sa bhfarraige.
Ar an drochuair d’fhéadfá a rá go mba é an bhail chéanna a bhí i ndán domsa agus a bhí i ndán dósan.
Na Two Johnnies a chuir tús leis an gclár. Ní haon áibhéil a rá go raibh bís orthu siúd agus ar an dream a bhí ag pramsáil ina dteannta, ach fós tá sé ag dul rite liom a dhéanamh amach cén bhaint a bhí aige le “what the GAA is about”.
Pat Spillane ba thúisce a fuair cead cainte. Lena cheart a thabhairt do Phat, sé atá in ann.
Tá ómós agam do fhear an Teampaill Nua. Taitníodh sé leat nó ná taitníodh, tá sé iontaofa, seasmhach, ionraic ina chuid tuairimí. Is fadó anois é ag seanmóireacht faoin mbail atá tagtha ar an bpeil Ghaelach. Óna chroí a thagann a ndeir sé agus is ansiúd freisin atá an gean atá aige ar Chumann Lúthchleas Gael.
Fós mheas mé gur thuill ábhar agus eagraíocht a rabhthas le hiniúchadh a dhéanamh ar a dtábhacht i saol na hÉireann le seacht scór bliain comhrá agus anailís níos doimhne ná a fuair sé.
Na captaein a bhí ar na foirne a thug Craobhacha Sinsearacha na hÉireann leo anuraidh a tháinig i ndiaidh an Spealánaigh. Níl baol ach gur thuill Aidan Forker, Tony Kelly, Niamh Carmody agus Molly Lynch a n-áiteacha ar an ardán. Níos cinnte fós, nach iad mórán mór na ceisteanna céanna a cuireadh orthu agus an imirt críochnaithe ar Phárc an Chrócaigh nuair a rinneadar na gaiscí ba chóir a bhí i ndán arís dóibh.
Bhí a dhá dhóthain cúraim ar Uachtarán CLG Jarlath Burns an tseachtain áirithe sin inar craoladh an Late Late. Níl a fhios agam ach an oiread arbh í an chruóg sin a d’fhág go mba amhlaidh a taifeadadh an t-agallamh a rinne sé.
Bíodh do thuairim féin agat faoi é a bheith ceart nó mícheart maidir lena sheasamh faoi chásanna Rory Gallagher, Kyle Hayes agus ar tharla agus foireann a chontae féin ar saoire sna Státaí, thug eisean a bheith ann léargas ar an gcaoi nach mór d’eagraíochtaí ar nós a chinn féin tabhairt faoi uafáis a folaíodh go minic san am atá caite.
Domsa ba é mír an Uachtaráin an chuid ba shuimiúla de chlár a chuaigh i léig ina dhiaidh sin agus a d’fhág gur thréig mé a dheireadh.
Is mór an peaca má bhí suim acu léiriú a thabhairt ar “what the GAA is about” nár dhírigh an Late Late isteach ar pharóiste na Ceathrún Rua an tseachtain seo caite.
Thug sé Matt The Thresher agus an t-úrscéal Knocknagow a scríobh Charles Kickham in 1873 isteach i m’intinn láithreach.
Baineann an leabhar leis an gcaoi a raibh tiarnaí talún neamhthrócaireacha agus a gcuid gníomhairí ag díbirt tionóntaí bochta dá gcuid talún ag an am – gan acu ach rogha idir an imirce nó bás leis an ocras dá bharr.
Réabhlóidí agus ceannaire de chuid an IRB dar ndóigh ab ea Kickham ar gearradh 14 bliain pianseirbhíse air. Sa leabhar is trí Matt the Thresher a léiríonn sé a fhealsúnacht.
Feirmeoir ciúin, réchúiseach é Matt Donavan. In aghaidh a thola, chuaigh sé i gcomórtas ag caitheamh oird in aghaidh oifigeach Sasanach, Captain French ar Chnocán an Éin Fhinn i dTiobraid Árann.
Daithí agus Goliath, más mian leat.
Chuir Matt an t-ord chomh fada ó bhaile agus go mba ar éigean a frítheadh arís é. Gan amhras, ní hé a dúirt sé ina dhiaidh go mba ‘mhór an onóir dom an corn seo a ghlacadh’.
“It’s for the sake of the little village and for the honour of the old home” a tháinig as a bhéal.
Chuimhnigh mé ar Matt nuair a thug mé cuairt ghairid ar an gCeathrú Rua Dé Domhnaigh seo caite.
Ansiúd, mar a bhí tarlaithe i chuile bhaile fearainn a ndeachaigh mé tríothu faoi bhealach, bhí réabadh déanta ag stoirm Éowyn, ach ar feadh formhór an lae roimhe agus arís ar an Domhnach ní dhearna sin ach tuilleadh fuinnimh a chur sna céadta bratach agus suaitheantas eile a bhí crochta ó Thrá an Dóilín soir go Crosbhóthar Ros an Mhíl.
Lena gceart féin a thabhairt do na ceantair máguaird, ainneoin a ndílseacht siúd a bheith ag foirne eile, chrochadar san freisin bratacha dubha agus dearga.
Bhí an tseachtain roimhe beagnach chomh spleodrach leis an imirt a facthas i bPáirc an Chrócaigh nuair a chroch peileadóirí na Ceathrún Rua leo Craobh Peile na gClubanna Sóisearacha.
Bhí an sárfhonnadóir sin Don Stiffe ag soláthar an cheoil sa gCistin tráthnóna Dé Domhnaigh nuair a bhain mise an áit amach. Bheadh sé chomh maith dó a bheith fanta san áit is ansa leis, i mbáidín i lár Loch Coirib is dorú scaoilte amach thar bord aige, lena raibh sé ag fáil d’aird.
Bhí na peileadóirí iad féin ann, cuid dá seantuismitheoirí, dá dtuismitheoirí, dá ndeartháireacha agus deirfiúracha, a ngaolta a gcomharsana, a gcairde as Críost, iad siúd a bhí i bPáirc an Chrócaigh an lá roimhe agus iadsan nár fhéad a bheith.
Bhí taisí Mhatt the Thresher i chuile choirnéal agus ar stólta, idir ard agus íseal.
Ach iadsan a bheith freisin ann, chuirfí ar a súile do lucht an Late Late ‘What the GAA is all about‘.
WTF
An Late Late, smut muice i dtóin mhuic eile.