Thug na fógraí go geata Bethpage mé ach thug a bhfaca mé ansiúd orm iompú ar mo sháil

Is ar chúrsa Bethpage Black ar ‘Inis Fada’ atá Corn Ryder á imirt i láthair na huaire

Thug na fógraí go geata Bethpage mé ach thug a bhfaca mé ansiúd orm iompú ar mo sháil

Meabhraíonn comórtas an Ryder Cup a bheith ag teacht chun críche inniu ar chúrsa Bethpage Black dhá scéal dom. Baint ná páirt níl ag an gcéad cheann acu le cluiche an ghailf.

Tá sé scór bliain caite ó bhí mé i mo sheasamh faoi dhíon cheann de na seanseideanna ina mbíonn deoch le fáil agus cluichí á n-imirt i bPáirc na nGael sa Bronx i Nua-Eabhrac.

Níor mhilleán duit a cheapadh mura raibh gloine i mo lámh nach raibh sí i bhfad uaim. Go hiondúil bíonn, ach ní raibh sa gcás seo. Ní mba easpa dúile ina leithéid a d’fhág ar an gcuma sin mé ach an oiread, ach fuacht. Bhí an teocht ar a laghad cúpla céim faoi bhun an reophointe agus mé sách stromptha mar a bhí mé, ní áirím an bhail a bheadh orm ach ceaintín den scrúnlach beorach a dhíolann siad sna Státaí a bheith á ól agam.

Cluiche gan urchóid idir Réalta Iomána CLG na bliana agus na bliana roimhe sin a bhí ar siúl ar an bpáirc, na himreoirí chomh sioctha sin agus go raibh caipíní bobailín ar a mbunáite. Is maith an phingin a dhéanfadh mangaire a thabharfadh cuairt ar an seomra feistis ag leath ama agus burla aige de na riteoga sin a bhíonn ag imreoirí sacair an lae inniu faoina gcuid brístí peile.

Caipín bobailín spéirghorm a raibh ‘Up the Dubs’ air a bhí á chaitheamh ag seanfhondúir a bhuail bleid orm nuair a chonaic sé greamán Raidió na Gaeltachta ar an téipthaifeadán. “Tá cúpla focal Gaeilge agamsa freisin, cé go bhfuil mé nach mór 50 bliain sa gcathair seo,” a deir sé.

Mura raibh. Agus scéal le n-aithris freisin.

An iománaíocht ab ansa leis. B’in a thug amach sa bhfuacht é agus é ag tarraingt ar na ceithre scói. An cluiche céanna a d’fhág eisean tráth i mbun imeartha ar an bpáirc ar dheacair í a fheiceáil faoin tráth seo ag an sneachta a bhí tosaithe ag titim.

Ar feadh leathuaire chuir sé faoi dhraíocht mé le scéalta faoi choimhlintí fíochmhara, faoi bhabhtaí achrainn, faoi iománaithe a bhí chomh hoilte go mbeadh na seacht n-aithne orthu in Éirinn murach go raibh orthu a dhul ar imirce.

“Freastalaí bialainne a bhí ionam féin,” a dúirt sé ag teannadh le deireadh ár gcomhrá. “D’fhág sin gur mhinic a bhíodh orm a dhul ag obair ar an Domhnach. Minic go leor ní bhíodh an imirt críochnaithe ar an bpáirc sin amuigh nuair a chaithfinn rith agus an feisteas imeartha fós orm, mo chamán i mo lámh agus mé ag déanamh faoi dheifir ar stáisiún na traenach ar 242nd St.”

“Cá raibh do chuid oibre?” a deirimse.

“Ar Inis Fada” a d’fhreagair sé.

Bhain sé an chaint díom. Beagnach trí scór go leith bliain ó shiúil sé amach as an rang deireanach Gaeilge i scoil de chuid na mBráithre i mBaile Átha Cliath, bhí an Ghaeilge a thug sé leis as siúd agus ar bheag deis a fuair sé lena labhairt ó shin níos glaine ná cainteoirí dúchais go leor de chuid an lae inniu – mé féin ina measc a mba é an focal ‘oileán’ is túisce a thiocfadh isteach i mo chloigeann. An t-aistriúchán díreach bréan sin.

Faoi seo tá náire orm a rá go bhfuil a ainm dearmadta agam, ach is minic fós a chuimhním ar ‘Inis Fada’.

Ar líne dhíreach, 16km atá idir an Bronx agus cúrsa Gailf Bethpage Black áit a bhfuil iomaíocht ar Chorn Ryder ag drannadh lena deireadh. Ar Inis Fada atá sé siúd freisin.

Tráthúil go leor ba le háras sa Bronx nach bhfuil i bhfad ó Pháirc na nGael a bhaineann an dara cuid den scéal seo – ceann a thit amach blianta fada sular chas freastalaí Inis Fada orm.

I dteach an óil a bhí mé freisin, cúpla cara le m-ais a bhí curtha fúthu i Nua-Eabhrac agus a bheag nó a mhór de shuim acu i gcluiche an ghailf. Tús an tsamhraidh a bhí ann agus blas beagáinín níos taitneamhaí ar an scrúnlach.

Chaintigh duine acu ar Bethpage Black a raibh ceann de chomórtais na ngalfairí gairmiúla le bheith ann faoi cheann cúpla mí. Eisean a mhínigh an difríocht mhór a bhí idir Bethpage agus cúrsaí móra eile Mheiriceá, na ‘Country Clubs’ mar a tugtar orthu. Ar chuireadh amháin atá cead imeartha le fáil ar a bhformhór siúd agus bheadh táille $1,000 i gceist ar bhabhta imeartha i go leor de na cinn eile.

Is le Stát Nua-Eabhrac féin Bethpage State Park ina bhfuil beagnach 1,500 acra. Tá ceithre chúrsa gailf eile ann chomh maith le Bethpage Black, ach is air siúd atá an cháil ollmhór – é áirithe ar cheann den scór cúrsa is fearr as na 16,000 acu sin atá sna Státaí.

Is iad an New York City Department of Parks and Recreation a ritheann é agus atá freagrach as, ar an gcuma chéanna a bhfuileadar freagrach as 1,700 ceann eile de pháirceanna beaga, spraoi, linnte snámha, cúirteanna cispheile, leadóige agus ceapacha bláthanna atá sa gcathair sin.

Cúrsa poiblí mar sin é Bethpage Black. Dá bharr sin níl ar shaoránaigh Nua-Eabhrac a lámha a chur chomh domhain sin ina bpócaí le deis imeartha a fháil – táille $70 ó Luan go hAoine agus $80 ar an Satharn agus ar an Domhnach. $140 agus $160 a ghearrfaí ormsa agus ortsa, ach an deis a fháil.

Sin an áit a dtagann an lúb ar lár i gceist mar go mbíonn oiread iarratas ar an liosta go bhfuil fanacht blianta ar sheans imeartha. Ach mhínigh mo chara go mb’fhéidir nach raibh an cath caillte fós mar go raibh dé dóchais bheag amháin ann.

Níl sé ceadaithe réamháirithint a dhéanamh ar an 20 áit is túisce ar maidin ach le breacadh lae in Inis Fada osclaítear an geata agus tugtar iad sin dóibh siúd atá sa scuainí atá taobh amuigh, fad agus gur saoránaigh de chuid Nua-Eabhrac iad. Ba ea eisean agus a dheartháir agus cheadófaí dóibh beirt eile a thabhairt leo.

Laincis eile ab ea nár mhór a bheith ar an láthair an tráthnóna roimh ré le go mbeadh aon seans agat a bheith ar an scór ba thúisce. Mar sin le deis imeartha a fháil Dé Máirt níor mhór a bheith ag na geataí thart ar 6.00pm tráthnóna Dé Luain. In imeacht uair an chloig bheadh líne fhada ansiúd de ghluaisteán, veaineanna campála, trucanna agus trealamh beárbaiciú agus málaí codlata, téitheoirí agus giuirléidí eile den uile chineál ar bord acu.

Agus an áit bainte amach acu tugtar na hainmneacha agus cárta aitheantais do mhaoirseoir oíche, a chuireann bráisléad nach féidir a bhogadh ar na gcuid rostaí. Ansin fágann seisean an t-eolas le ríomh ag maoirseoir na maidine.

Ag 4.30am tagann sé siúd an bealach. Má tá tú sa spota ceannann céanna ina raibh tú nuair a cuireadh an bráisléad ort (agus tú a bheith ar an 20 duine ag ceann na líne), tá leat. Tugann maoirseoir na maidine lipéad a bhfuil ‘bakery-ticket’ mar ainm air duit agus sin é do dheis imeartha. Bí gaibhte ag teach an asail idir an t-am ar labhair tú leis an dá mhaoirseoir agus tá do chnaipe déanta.

Spreagtha ag an gcúpla deoch, chroith muid lámh agus gheall go sollúnta dá chéile go mbeadh muide freisin i scuaine Bethpage Black as sin go ceann seachtaine.

Mar a tharlaíonn go minic le pleananna a shaolaítear cos cuntair, bhí an spiorad ullamh ach an cholainn fann sa gcás seo freisin agus in imeacht lae nó dhó ba i laghad agus i léig a chuaigh an chaint faoin imirt ar Bethpage Black le fáinne an lae.

Tamall gairid ina dhiaidh ag tiomáint dom trí Inis Fada ar chúram eile ar fad, mheas mé go mba é an rud ba lú dom a dhéanamh ná súil a chaitheamh ar an áit.

Thug na fógraí bóthair go geata mé, ach thug a bhfaca mé ansiúd le fios dom nach raibh beart ab fhearr dom a dhéanamh ná iompú ar mo sháil.

Míneoidh an pictiúir seo thíos an chúis a bhí leis sin.

Fág freagra ar 'Thug na fógraí go geata Bethpage mé ach thug a bhfaca mé ansiúd orm iompú ar mo sháil'