‘Thug mé m’ainm agus mo shloinne i nglanGhaeilge don Gharda’ – an scríbhneoir Gaeltachta agus an Ginearál Ó Dufaigh

Rinne an scríbhneoir as Carna Séamus Mac an Iomaire casaoid faoin gcaoi ar athraigh Gardaí a ainm go Béarla oíche a bhfuair siad greim air agus é ag tiomáint rothair gan solas, ach ní raibh ansin ach tús an scéil

‘Thug mé m’ainm agus mo shloinne i nglanGhaeilge don Gharda’ – an scríbhneoir Gaeltachta agus an Ginearál Ó Dufaigh

Is iontach spéisiúil iad na blúirí staire sin as saol na Gaeilge atá Cuan Ó Seireadáin  a chur ar fáil le tamall anuas. Bhí ceann acu aige an lá cheana faoi chasaoid a rinne an scríbhneoir Séamus Mac an Iomaire as Maínis i bParóiste Charna faoin gcaoi ar athraigh Gardaí a ainm go Béarla oíche a bhfuair siad greim air agus é ag tiomáint rothair gan solas.

Seo é an fear a scríobh an leabhar breá úd Cladaigh Chonamara. Ag múineadh Gaeilge in aice le hInis Córthaidh a bhí sé nuair a tharla an chaismirt idir é féin agus na Gardaí.

Taobh amuigh ar fad de scéal an lampa nach raibh ar an rothar caithfear a chur san áireamh gur ar thaobh na Poblachta amach is amach a bhí Séamus agus nach mórán ómóis a bheadh aige do Ghardaí an tSaorstáit.

Go deimhin b’éigean dó a dhul ar imirce go Meiriceá ina dhiaidh sin nuair nach dtabharfadh sé mionn dílseachta don Saorstát céanna.

Bhí nuachtán Gaeilge dar teideal Fáinne an Lae á fhoilsiú ag an am agus chuir Séamus a ghearán faoi na Gardaí chucu. Is cosúil gur chuir an fear eagair chuig Coimisinéir na nGardaí an litir mar tháinig an freagra seo a leanas uaidh siúd.

Garda Síochána,

Oifig an Choimisinéara,

Baile Átha Cliath,

26ú Feabhra, 1924,

A chara,

Tá léite agam an cuntas do chur Séumus Mac an Iomaire chughat.

Do chuireas an scéal go dtí an Feidhmeannach in Inis Córthaidh agus deireann seisean gur tugadh roimhe sin ceithre rabhadh don bhfear so i dtaobh a lampa a bheith lasta aige ach nár thug sé toradh ar aon cheann acu.

An oíche atá sa cheist níor thosaigh an fhearthainn go dtí leathuair nó mar sin thréis do na Gardaí a bheith ag caint leis an bhfear so, agus fós, ní rabhadar fé cheilt le hais an chlaí mar a deir sé.

I dtaobh na hainme ní raibh na Gardaí ag iarraidh ainm gallda do bhaisteadh air ach do bhí acu an giota páipéir so atáim ag cur chughat:

‘Holding that the applicant was not employed in the legal sense, Commissioner Devitt, in the Dáil Court, Dublin dismissed with costs, a case in which James Ridge, Mynish, Carna, Co. Galway, sought to recover from the C.D.B in respect of permanent incapacity from work by being struck on the thumb by a 16lb hammer while employed on a boat belonging to the Board. Applicant, now an Irish teacher, had been paid by the Board £74 medical expenses.’

Tá a scéal féin ann.

B’fhearr don bhfear so agus dá leithéidí gan ach corplár na fírinne do bheith acu.

Tá curtha romhainn an Ghaedhealg do thabhairt in uachtar agus leanfaimid den obair sin d’aimhdheoin a bhfuil inár gcoinne agus a gcuid scéalta.

Mise, le meas,

Eoin Ó Dubthaigh,

Coimisinéir.

Ba é seo ar ndóigh Ginearál cáiliúil na Léinte Gorma ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh sé nach hé féin ach státseirbhíseach a scríobh an litir ach seans maith go mbeadh sé in ann í a léamh. Tugaim faoi deara gur dúradh i ndaonáireamh 1911 go raibh Gaeilge aige.

Níor shásaigh freagra an Choimisinéara Séamus Mac an Iomaire beag ná mór. Chuir sé litir eile te bruite chuig Fáinne an Lae. Dúirt an t-eagarthóir gur litir fhada a bhí inti agus nach bhféadfadh sé a fhoilsiú ach sleachta aisti.

Luaigh Séamus an toghairm a fuair sé: ‘Guard James Mc Carthy, Complainant…James Ridge, Defendant…

The said Defendant did cause to be used a Vehicle on the public highway without having a lamp on the off or right side of such vehicle properly trimmed and attached.

‘Ní dhearna mé gearán ná casaoid,’ a dúirt Séamus, ‘i dtaobh dlí a chur orm ná mé a dhaoradh. … i dtaobh m’ainm a athrú a rinne mé casaoid, nach hea?’

Thug sé a ainm agus a shloinne ‘i nglanGhaeilge don Gharda’, ar sé.

Dúirt seisean anall liom go maith gasta lom láithreach ‘Ní hé sin d’ainm ceart’. Dúirt mé leis agus dhearbhaigh mé go raibh mé a déanamh corplár na fírinne; agus níorbh fhéidir liom a dhéanamh ach m’ainm a scríobh síos ins an leabhar a bhí idir a lámha…ní fearthainn go dtí an oíche úd – 14ú Eanáir – ní raibh sé i riocht ag luch a cheann a chur as poll, ní hí an oíche sin amháin ach ar feadh coicíse san am. Nach báid a bhíodh ar shráideanna Chluain Meala i leaba trucail is gluaisteán.

Is deacair a shamhlú go scríobhfadh Coimisinéir Gardaí litir i nGaeilge chuig nuachtán inniu ag tabhairt freagra ar chasaoid mar a bhí ag Séamus Mac an Iomaire.

Ach ansin aríst cá bhfios nach ndéanfadh Dónall Ó Cualáin, Coimisinéir Gníomhach an Gharda Síochána, é – cainteoir dúchais Gaeilge as paróiste dúchais Shéamuis.

Fág freagra ar '‘Thug mé m’ainm agus mo shloinne i nglanGhaeilge don Gharda’ – an scríbhneoir Gaeltachta agus an Ginearál Ó Dufaigh'