‘They would bend your leg and stuff it in your pockets’ – cuntas suimiúil ar stair Mhaifia Nua-Eabhrac

Taitneoidh ‘Fear City’, clár faisnéise nua ar Netflix, leo siúd atá gafa le leithéidí Goodfellas agus The Sopranos

‘They would bend your leg and stuff it in your pockets’ – cuntas suimiúil ar stair Mhaifia Nua-Eabhrac

Bonnano, Colombo, Gambino, Lucchese agus Genovese. Ar an gcéad luí súl is léir do mhórán, lucht an aineolais fiú, go mbaineann na sloinnte sin le teaghlaigh mhóra an Mhaifia i Nua-Eabhrac. An sprioc atá ag an tsraith trí chlár Fear City (le sruthlú ar Netlflix) ná cuntas a thabhairt ar thréimhse chinniúnach sna hochtóidí nuair a thosaigh an bhróg ag teannadh ar an gcoiriúlacht eagraithe.

Cuirtear abhaile orainn go minic i rith na sraithe go raibh cathair Nua-Eabhrac ina cíor thuathail sna seachtóidí agus isteach sna hochtóidí. Lucht coiriúlachta ag imeacht leo sna cosa in airde beag beann ar an dlí agus Tadhg an mhargaidh sceimhlithe ina bheatha. Deirtear i mír chartlainne amháin gur robáladh 187 banc sa gcathair in aon mhí amháin. ‘Fun City’ a thugtaí ar an gcathair tamall; faoin tráth úd ba ‘Fear City’ a bhí baiste ag na póilíní ar an áit.

Ní chaitear aon dua nó am le scéal an Mhaifia roimh nó i ndiaidh na tréimhse seo a rianú dúinn; rud a d’fhág gan stiúir sin ar uairibh. Lena chois sin taibhsíodh dom go n-imítear thar fóir sna hiarrachtaí a chur ina luí orainn gur chloch mhíle faoi leith a bhí sa tréimhse seo.

De réir dealraimh, ba í an tréimhse seo ‘ré órga’ an Mhaifia agus a ladar acu i ngach sórt coiriúlachta agus cúblála, mar aon le seilbh a bheith acu ar na ceardchumainn agus gnólachtaí dleathacha. Idir 60 agus 100 billiún dollar á thuilleamh ag na teaghlaigh gach bliain, dá bharr. Cé go raibh rath orthu ba dhream brúidiúil, tíoránach iad nárbh leasc leo an léasadh nó an lámhach nuair a tháinig an crú ar an tairne. “They would bend your leg and stuff it in your pockets,” a deir fear amháin a bhí aníos ag an am. Taitneoidh an léargas seo ar shaol is obair an Mhaifia leo siúd atá gafa le leithéidí Goodfellas agus The Sopranos.

Nuair a tháinig borradh faoi chúrsaí tógála in Manhattan dhein an Maifia cairéal mar go raibh an tionscal stroighne ar adhastar acu.  Súp go cluasa ar lucht an chláir agus tionscnaimh thógála mhuintir Trump á dtarraingt isteach sa chúram acu. Ní hiad na wiseguys amháin atá faoi chaibidil mar go ndíríonn cuid mhaith den tsraith ar na póilíní agus na gníomhairí de chuid an FBI a bhí sa tóir orthu.

Ba é an faireachas, teicneolaíocht na cúléisteachta agus brathadóirí na huirlisí ab éifeachtaí a bhí acu agus iad ag dul i ngleic le cumhacht, brúidiúlacht agus omerta na dteaghlach. Labhraíonn cuid mhaith den lucht dlí linn agus thugas suntas don oiread sloinnte Éireannacha a bhí ina measc. Déantar dreasanna cainte leis an ionchúisitheoir Rudy Guiliani chomh maith. Ba chúram cigilteach, fadálach, críochnúil a bhí rompu óir go raibh orthu éisteacht leis na céadta uair an chloig de thaifeadtaí a bhí déanta thar thréimhse fhada. Bíonn tú ar tinneall, áfach, nuair a bhíonn cúbláil is comhghuaillíocht na dteaghlach á nochtadh acu agus reacht RICO ag éascú na gcásanna i gcoinne cheannairí na dteaghlach.

Cuntas suimiúil ar thréimhse chorraitheach chinniúnach i stair an Mhaifia i Nua-Eabhrac.

Fág freagra ar '‘They would bend your leg and stuff it in your pockets’ – cuntas suimiúil ar stair Mhaifia Nua-Eabhrac'