‘The fada is back on Tánaiste’ – aird tarraingthe athuair ag Leo Varadkar ar an síneadh fada

I dtvuít a chuir an Tánaiste nuacheaptha amach chuig a leantóirí ar Twitter, d’fhógair Leo Varadkar go bhfuil an fada ar ais ar an fhocal Tánaiste ar a chárta aitheantais nua mar ba chóir

‘The fada is back on Tánaiste’ – aird tarraingthe athuair ag Leo Varadkar ar an síneadh fada

Tá an fada ‘ar ais’ ar an fhocal ‘Tánaiste’ ar chárta aitheantais nua cheannaire Fhine Gael, Leo Varadkar.

I dtvuít a chuir an Tánaiste nuacheaptha amach chuig a leantóirí ar Twitter, d’fhógair Leo Varadkar go bhfuil an fada ar ais ar an fhocal Tánaiste ar a chárta aitheantais nua mar ba chóir.

Tharraing tvuít an Tánaiste go leor airde i measc na nGael ar Twitter a thuigeann go maith na deacrachtaí a bhíonn ag an fada céanna sa státchóras.

Chuir Varadkar an tvuít amach faoin litriú ceart a bheith ar a chárta aitheantais nua i ndiaidh do go leor daoine iontas  a dhéanamh faoin scéal nach raibh an focal ‘Tánaiste’ litrithe i gceart ar an chárta aitheantais a eisíodh dó.

Dúirt an t-iarThaoiseach cheana go raibh sé “mícheart” síneadh fada a fhágáil ar lár in ainmneacha daoine.

Ag trácht dó anuraidh ar chonspóid faoin síneadh fada, dúirt an Taoiseach go bhfuil an fada “chomh tábhachtach” le litir.

“Bheadh sé ceart an fada a úsáid agus bheadh sé mícheart gan an fada a úsáid.

“Is ceart agus is cóir go mbeadh ainmneacha daoine ceart agus má tá síneadh fada i gceist, sin é atá ann,” a dúirt sé.

Bhí Varadkar ag trácht ar chinneadh a rinne Oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí anuraidh nach raibh sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú mícheart trí shínte fada a fhágáil ar lár.

Dúirt an Coimisiún nach ceart absalóideach é ag an duine a bhfuil síneadh fada ina ainm an t-ainm sin a bheith litrithe go cruinn agus an síneadh fada ann.

Bunaíodh an fiosrúchán nuair a rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir faoina ainm a bheith á litriú mícheart ag an HSE.

Bhunaigh an léiritheoir scannáin aitheanta an feachtas Faigh do ‘fada’ mí Dheireadh Fómhair seo caite chun Gaeil á spreagadh le héileamh a dhéanamh go litreodh comhlachtaí príobháideacha agus eagrais stáit a gcuid ainmneacha go cruinn agus go gcuirfí na sínte fada isteach.

Fág freagra ar '‘The fada is back on Tánaiste’ – aird tarraingthe athuair ag Leo Varadkar ar an síneadh fada'

  • Rossa Ó Snodaigh

    Nach maith go ndearna sé chomh gasta é.