‘The Complete Erotic Letters of Joe McHugh to the Irish Language’ le foilsiú mar chlabhsúr ar Bhliain na Gaeilge

AR SON NA CÚISE: Deir an scoláire mór Gaeilge an Dr Séamus Ó Piarmheasta gur ‘bailiúchán fíorthábhachtach’ atá sa chnuasach nua litreacha nach raibh coinne ag aon duine leis

‘The Complete Erotic Letters of Joe McHugh to the Irish Language’ le foilsiú mar chlabhsúr ar Bhliain na Gaeilge

Tuigtear do Ar Son na Cúise agus do Ar Son na Cúise amháin go bhfuil sé i gceist leabhar neamhghnách a fhoilsiú chun clabhsúr a chur ar Bhliain na Gaeilge – The Complete Erotic Letters of Joe McHugh to the Irish Language (Vol 1).

Mar chuid de Bhliain stairiúil na Gaeilge 2018, d’fhoilsigh an t-iar-aire stáit Gaeltachta níos túisce i mbliana ‘Litir Ghrá’ a scríobh sé chuig an nGaeilge.

Ach is beag duine a thuig nach raibh ansin ach litir amháin i measc na scórtha litreacha ina dtugtar léargas ar chaidreamh ‘grá seal gráin seal’ atá corrach téisiúil dorcha, ach fíorbharrúil in amanna.

Tá formhór dá bhfuil sa leabhar ina dhúrún fós ag lucht a fhoilsithe, Conradh na Gaeilge agus An Gúm, ach tuairiscítear go bhfuil cuid den ábhar ann chomh conspóideach sin nár fhill Gúmadóir amháin ar an obair tráthnóna i ndiaidh dó an chéad dhá litir a léamh roimh lón.

D’éirigh le Ar Son na Cúise labhairt aréir le duine amháin den fhíorbheagán daoine a bhfuil cóip den chnuasach litreacha léite acu, an Dr Séamus Ó Piarmheasta.

Dúirt an scoláire mór Gaeilge gur “bailiúchán fíorthábhachtach” a bhí sa The Complete Erotic Letters of Joe McHugh to the Irish Language (Vol 1).

“Beidh mé ag dul ar shaoire shabóideach an bhliain seo chugainn chun mionanailís théacsúil a dhéanamh ar an ábhar, ach ón mbeagán staidéir atá déanta agam le mí anuas ar na litreacha seo, is léir gur chuid de chontanam an earótachais i litríocht na hÉireann iad agus go bhfuil cuid de na tróip chéanna iontu is atá ar fáil, mar shampla, i gCúirt an Mheán Oíche nó i litreacha James Joyce chuig Nora Barnacle,” arsa Séamus Ó Piarmheasta.

Dúirt Joe McHugh, atá anois ina Aire Oideachais, le Ar Son na Cúise aréir go raibh drogall ar dtús air rúin phaiseanta a chaidrimh leis an nGaeilge a nochtadh don saol mór, ach gur shocraigh sé “na sonraí móra fadúda na litreacha a fhoilsiú le go mbeadh achan rud ag bogadh ar aghaidh fadúda na teanga ar an talamh”.

Idir an dá linn, d’fhéadfadh go gcuirfidh lucht Bhliain na Gaeilge 2018 féin clabhsúr níos neamhearótaí ar imeachtaí na bliana ceiliúrtha le ‘barróg ghrúpa’ Oíche Chinn Bliana ar Shráid an Fhearchair.

Tuigtear do Ar Son na Cúise go bhfuil an ‘ghrúpbharróg’ i measc na bhféidearthachtaí atá á meas ag lucht an cheiliúrtha chun slán á fhágáil le Bliain na Gaeilge.

Ar na moltaí eile atá á scrúdú maidir le clabhsúr a chur ar an mbliain stairiúil tá haischlib speisialta, seanfhocal i bhfoirm méim ghrianghraif agus ráiteas nuachta ag féachaint siar ar an mbliain is mó i stair na teanga ó bunaíodh an Conradh féin.

Eagrófar seimineár sa bhliain nua ag ceiliúradh an méid a ceiliúradh i mbliana.

Agus gan ach 34 lá fágtha in 2018, dúirt foinsí sinsearacha siosmaideacha státseirbhíse le Ar Son na Cúise aréir go rabhthas ag ullmhú cheana féin do Bhliain an Bhéarla 2019.

Tuairiscítear gur thángthas ar an nGúmadóir ar seachrán ar Chearnóg Mhuirfean agus go bhfuil sé ag teacht chuige féin anois agus é ag obair ar théacsleabhar neamhurchóideach eacnamaíocht bhaile.

Fág freagra ar '‘The Complete Erotic Letters of Joe McHugh to the Irish Language’ le foilsiú mar chlabhsúr ar Bhliain na Gaeilge'

  • Aililiú!

    Tá mé sna tríthí ag seo. Léiriú maith tuisceanach ar áiféis ‘pholasaí’ an Rialtais i leith na Gaeilge, agus ar a áiféisí agus atá Conradh na Gaeilge. An ceart choíche don Ghúm, ar a laghad ar bith feictear toradh a gcuid oibre siúd.