TG4 chun níos mó de spórt na mban a chraoladh mar chuid de thionscnamh nua

90 uair an chloig de spórt na mban craolta ag TG4 in 2018 ach rún ag an stáisiún Gaeilge cur leis an méid sin sin mar chuid den tionscnamh 20x20

TG4 chun níos mó de spórt na mban a chraoladh mar chuid de thionscnamh nua

Tá sé fógartha ag TG4 go mbeidh siad páirteach sa tionscnamh 20×20, a bhfuil sé mar aidhm aige spórt na mban a chur chun cinn in Éirinn.

Fágann an cinneadh go gcuirfear leis an méid de spórt na mban a bheidh le feiceáil ar TG4 agus leis an gclúdach a dhéanfar air i gcláir an stáisiúin.

Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas 20×20 trí sprioc a bhaint amach roimh dheireadh na bliana 2020: méadú 20% ar an gclúdach a dhéantar sna meáin ar mhná sa spórt; méadú 20% ar rannpháirtíocht na mban i spórt cibé ag leibhéal imreora, cóitseála, réiteora nó riaracháin; agus méadú 20% ar an tinreamh ag cluichí agus imeachtaí spóirt na mban.

Chuir Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, fáilte leis an bhforbairt.

“Tá ríméad ar TG4 tacú leis an bhfeachtas 20×20, tionscnamh iontach é arna reáchtáil ag Cónaidhm Spóirt na hÉireann. Leis an gcomhpháirtíocht seo le 20×20, leanfar do thacaíocht an stáisiúin do mhná i spórt tráth a bhfuil tírdhreach iontach spóirt ann,” a d’fhógair Ó Coisdealbha.

“Cuid thábhachtach dár mbeartas forbartha is ea an chomhpháirtíocht leis an LGFA, comhpháirtíocht a bhfuil ag éirí thar cionn léi,  chomh maith leis an gclúdach a dhéanann an stáisiún ar spóirt eile mar camógaíocht, cispheil, leadóg, badmantan, snámh, lúthchleasaíocht agus tuilleadh.”

Dúirt Ó Coisdealbha gur chraol TG4 90 uair an chloig de spórt na mban go dtí seo i mbliana agus go bhfuil siad ag súil cur leis sin sna blianta amach romhainn.

Dúirt Mary O’Connor, Príomhfheidhmeannach Chónaidhm Spóirt na hÉireann go raibh sí thar a bheith sásta go mbeidh TG4 ag tacú leis an gcuid eile den fheachtas 20×20.

“Bhí TG4 sásta i gcónaí tacú le spórt in Éirinn agus é a chur chun cinn agus rinne an-obair i dtaobh an chlúdaigh a dhéantar ar spórt na mban. Táimid thar a bheith sásta iad a bheith ar bord le 20×20, rud atá a fhios againn a chuirfidh go mór leis an bhfeachtas.

“Trí chuidiú linn cur le hinfheictheacht na mban i spórt sa dá bhliain atá ag teacht, tá siad ag treisiú tuilleadh a dtiomantais mná i spórt a chur chun cinn agus ní fhéadfadh sin ach an feachtas a neartú amach anseo”.

Fág freagra ar 'TG4 chun níos mó de spórt na mban a chraoladh mar chuid de thionscnamh nua'