Teipthe ar an nGaeltacht agus an Rinn ach áit bainte amach ag mná Leitir Móir i gcluiche ceannais

Bhí an bua ag iománaithe Mhaigh Cuilinn agus ag An Spidéal i gcluichí tábhachtacha an deireadh seachtaine seo chomh maith

Teipthe ar an nGaeltacht agus an Rinn ach áit bainte amach ag mná Leitir Móir i gcluiche ceannais

Beidh Cumann Caide na Gaeltachta bliain eile sa ghrád Idirmheánach i gCiarraí i ndiaidh dóibh a gcluiche ceathrú ceannais i gcoinne na nGael a chailleadh oíche Dé Sathairn. Farasbarr aon chúilín amháin a bhí ag an bhfoireann ó Thrá Lí, 2-11 in aghaidh 2-10, agus theip sa deireadh ar iarracht mhór na Gaeltachta teacht aniar a dhéanamh sa dara leath.

Bhí drochscéala ag dhá fhoireann roimh an gcluiche agus gan fáil ar na himreoirí idirchontae, Brian Ó Beaglaoich na Gaeltachta agus Jack Barry na nGael, a bhí gortaithe beirt.

Fuair Tomás Ó Sé cúl don Ghaeltacht agus beagán os cionn 10 nóiméad imeartha ach tháinig na Gaeil ar ais go láidir. D’aimsigh Tomás Ó hAiniféin cúl dóibh leath bealaigh tríd an gcéad leath agus nuair a fuair Jamie Lowhan ceann eile díreach roimh leath ama, bhí Na Gaeil cúig phointe chun tosaigh, 2-7 in aghaidh 1-5, ag an mbriseadh.

Scóráil Éanna Ó Conchúir cúl d’fhoireann na Gaeltachta chun an bhearna a laghdú ag tús an dara leath. Agus beagán os cionn deich nóiméad fágtha, bhí an Ghaeltacht fós ceithre chúilín chun deiridh ach fuair siad trí scór as a chéile, rud a d’fhág nach raibh idir na foirne in am cúitimh ach cúilín amháin. Bhí deis nó dhó eile ag an nGaeltacht ach theip orthu an pointe comhscóir a fháil agus is iad na Gaeil a bheidh ag dul tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais.

An Rinn buailte i gCraobh Shinsir Peile Phort Láirge

Tá slán fágtha ag peileadóirí na Rinne le Craobh Shinsir Peile Phort Láirge tar éis do Bhaile na Cúirte an ceann is fearr a fháil orthu sna babhtaí ceathrú ceannais inné. Bhí An Rinn go mór faoi mhíbhuntáiste agus scata imreoirí in easnamh orthu. Naoi bpointe a bhí idir na foirne ar deireadh, 2-17 in aghaidh 2-8.

Is beag a bhí idir na foirne sa chéad 10 nóiméad agus nuair a fuair Paddy Ó Murchadha cúl don Rinn, bhí siad 1-2 in aghaidh 0-4 chun tosaigh. D’aimsigh Baile na Cúirte sé phointe as a chéile ina dhiaidh sin chun ceannas a ghlacadh ar an imirt. Fuair Donie Breathnach cúl eile don Rinn cúig nóiméad roimh leath ama chun an bhearna a laghdú, 0-10 in aghaidh 2-2.

Níor lig Baile na Cúirte leo é agus bhí siad cúig phointe chun cinn ag leath ama. Nuair a d’aimsigh Marke Ferncombe cúl dóibh ag tús an dara leath, bhreathnaigh sé go raibh rás na Rinne rite. Laghdaigh an Rinn an bhearna idir na foirne agus ní raibh ach cúig phointe eatarthu agus 55 nóiméad imeartha ach scóráil Michael Kiely an dara cúl do Bhaile na Cúirte, scór a chinntigh go mbeadh an lá leo.

Cluiche ceannais an chontae bainte amach ag mná Naomh Anna

Tá seans ag foireann ban Naomh Anna, Leitir Móir, áit a bhaint amach i gCraobh Shinsir Pheile na Gaillimhe agus iad anois cáilithe do chluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí.

Bua aon phointe amháin, 1-8 in aghaidh 1-7, a bhí ag Naomh Anna ar chomhfhoireann Thuama-an Chartúin tráthnóna Dé Sathairn. Níl ach dhá bhliain ann ó bhain Naomh Anna áit amach sa Chraobh Idirmheánach ach beidh deis anois acu áit a bhaint amach i measc na mboc mór sa chontae.

Rinne Naomh Anna teacht aniar maith sa dara leath sa chluiche leathcheannais i dTuaim. Bhí mná na Gaeltachta ag imirt in aghaidh na gaoithe sa chéad 30 nóiméad agus bhí siad ceithre phointe chun deiridh ag leath ama, 0-6 in aghaidh 0-2.

Ach d’aimsigh Naomh Anna 1-5, gan aon fhreagra ón bhfreasúra, sa dara leath. Clíodhna Ní Cheallaigh a fuair an cúl agus bhí smacht ag an bhfoireann Ghaeltachta ar an imirt ansin. Bhí mná Chonamara ceithre phointe chun tosaigh agus an t-am beagnach caite ach scóráil Tuaim-An Cartún cúl agus pointe chun na foirne a chur ar comhscór.

Ba í an t-imreoir idirchontae Sarah Ní Loingsigh laoch an chluiche, áfach, agus ba í a fuair an scór cinniúnach ó chic saor leis an mbuille deireanach den chluiche. Casfaidh Naomh Anna anois ar Mhionlach i gcluiche ceannais an chontae.

Cluichí cinniúnacha buaite ag iománaithe Mhaigh Cuilinn agus An Spidéal

Tá Maigh Cuilinn ag fáil réidh do chluiche ceannais an chontae chomh maith agus cluiche ceannais i gCraobh Idirmheánach Iomána na Gaillimhe buaite acu ag an deireadh seachtaine.

Bua ceithre phointe a bhí ag Maigh Cuilinn ar Chill Íomair agus thug siad taispeántas láidir sa dara leath. Bhí an fhoireann Ghaeltachta pointe chun deiridh ag leath ama, 0-7 in aghaidh 0-6, ach d’aimsigh siad cúig phointe as a chéile ag tús an dara leath agus arís idir an 52ú nóiméad agus an 63ú nóiméad, rud a d’fhág bearna mhór idir na foirne. D’aimsigh Cill Íomair cúl i dtreo dheireadh na himeartha ach thug Maigh Cuilinn an lá leo, 0-16 in aghaidh 1-9.

Tá iománaithe an Spidéil slán sa Chraobh Idirmheánach ar feadh bliana eile tar éis dóibh cluiche dícháilithe in aghaidh Shaighleáin a bhuachan Dé Sathairn. Bhí fir Chois Fharraige cuid mhaith níos fearr ná a gcéilí comhraic sa chluiche i Staid an Phiarsaigh. D’aimsigh Antaine Ó Laoi cúl dóibh luath sa chéad leath chun iad a chur chun tosaigh agus d’aimsigh Cormac Ó Laoi agus Gearóid Ó Conghaile cúil eile don Spidéal sa dara leath chun bua 3-15 in aghaidh 1-11 a thabhairt dóibh.

Fág freagra ar 'Teipthe ar an nGaeltacht agus an Rinn ach áit bainte amach ag mná Leitir Móir i gcluiche ceannais'