Is léir go bhfuil laigí bunúsacha i gcuid de na hinnill intleachta saorga is mó le rá chomh fada is a bhaineann sé leis an aistriúchán go Gaeilge, dar le saineolaí teicneolaíochta.
Dúirt an Dr Abigail Walsh, atá ag obair ar an togra eSTÓR in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), gur léirigh taighde a rinne sí féin agus daoine eile ar éifeachtacht roinnt seirbhísí ríomhaistriúcháin agus samhailtí móra teanga i gcás an aistriúcháin ó Ghaeilge go raibh gnéithe nó míreanna bunúsacha in easnamh orthu ar fad.
Ag labhairt di ag ócáid a d’eagraigh Pobal Wikimedia Éireann sa Leabharlann Náisiúnta an tseachtain seo, thug an Dr Walsh míniú ar na laigí sin.
Mar chuid den taighde, tugadh samplaí do Bing (Microsoft), Google Translate (Google), eTranslation (Coimisiún na hEorpa), ChatGPT (OpenAI), agus Llama (Meta) le haistriú ó Ghaeilge go Béarla. Léiríodh nár éirigh go maith le haon cheann de na seirbhísí sin coincheapa “casta” a aistriú agus go raibh deacracht ar leith acu go léir leis an tuiseal gairmeach.
Sna tástálacha a rinneadh le linn an taighde, iarradh ar na hinnill éagsúla focail nach raibh a gcomhionann díreach ann i mBéarla, leaganacha a bhí an-éagsúil sa dá theanga agus coincheapa casta gramadaí a aistriú.
Mar shampla, caitear rud éigin ar nós ‘know to see’ a úsáid leis an bhfocal Gaeilge ‘súilaithne’ a aistriú go Béarla; ní hionann ‘duilleog bháite’ (soaked leaf) agus water-lily i mBéarla agus ní thabharfaí ‘lile uisce’ ar an bplanda céanna i nGaeilge. Ní ann ach oiread sa Bhéarla don tuiseal gairmeach (a Sheáin), mar a thuigtear i nGaeilge é.
Nuair a d’iarr foireann eSTÓR ar na seirbhísí éagsúla samplaí mar sin thuas a aistriú ó Ghaeilge go Béarla, níor éirigh le haon cheann acu níos mó ná 40% acu a fháil i gceart.
Ba é ChatGPT ab fhearr a chruthaigh ach mar sin féin níor éirigh leis ach 38.1% de na samplaí a aistriú go sásúil. Sa dara háit bhí Bing a fuair 36.5%, d’éirigh le Google Translate 35.1% de na samplaí “casta” a aistriú go cruinn, fuair eTranslation 32.3% i gceart, agus bhí Llama (AI an chomhlachta Meta) ag bun an dréimire uilig agus gan ach 16% de na samplaí aistrithe i gceart aige.
“Láimhseáladh an tuiseal gairmeach – rudaí dála ‘a Sheáin’ – go han-dona ar fad. Níor éirigh le haon cheann acu níos mó ná 40% a fháil i gceart, agus is toradh sách lag é sin do chórais a mhaítear a bheith ina gcórais ‘ardfheidhmíochta’. Is léir go bhfuil gnéithe bunúsacha in easnamh sna córais seo,” a dúirt Walsh.
De réir na dtreoirlínte maidir le húsáid na hintleachta saorga a d’fhoilsigh an rialtas i mí na Bealtaine, ba chóir cead a bheith ag státseirbhísigh uirlisí AI a úsáid le heolas atá le scaipeadh ag an rialtas a aistriú agus le haistriúcháin a dhéanamh ar fhoilseacháin de chuid an rialtais.
Maítear sa cháipéis Guidelines for the Responsible Use of Artificial Intelligence in the Public Service, atá ar fáil i mBéarla amháin, gur fíorbheag an riosca atá ag baint le húsáid AI le cáipéisí a aistriú nó nach bhfuil riosca dá laghad ann.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go mbíonn an córas intleachta saorga Claude á mholadh ag feidhmeannaigh de chuid Údarás na Gaeltachta mar uirlis a d’fhéadfadh aistriúchán agus obair eagarthóireachta a dhéanamh ar cháipéisí a mbíonn fostaithe na heagraíochta ag plé leo.
Fág freagra ar 'Teipthe ar an Intleacht Shaorga coincheapa ‘casta’ Gaeilge a aistriú go Béarla'