Teipeann ar mhianta na Náisiún Aontaithe nuair is géire atá cabhair ag teastáil

Ní dochar do thír ar bith a leas féin a chur chun cinn ach nuair a chuireann sin bac le dul chun cinn ó thaobh na síochána cuireann sé feidhmiú na Náisiún Aontaithe as a riocht

Teipeann ar mhianta na Náisiún Aontaithe nuair is géire atá cabhair ag teastáil

Tá aird tarraingthe ag an tubaiste in Gaza arís ar laige an chórais idirnáisiúnta. Ó bunaíodh na Náisiúin Aontaithe i 1945 tá an eagraíocht ag cur na síochána agus na slándála idirnáisiúnta chun cinn. Tar éis sraith ollchruinnithe agus mórchomhdháil i San Francisco nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda ag teacht chun críche shínigh leathchéad tír cairt na Náisiún Aontaithe.

Tá sí mar eagraíocht ag déanamh obair na gcapall i dtíortha ar fud na cruinne ó shin ag iarraidh síocháin a chur chun cinn, an tslándáil a chaomhnú agus stop a chur leis an ocras agus cosaint a thabhairt do pháistí. Tá 193 stát anois ina mbaill de na Náisiúin Aontaithe agus déanann siad gaisce as a gcuid oibre leis an eagraíocht go rialta.

Bhain Éire amach ballraíocht sna Náisiúin Aontaithe i 1958 agus tá an Stát thar a bheith gníomhach in obair na heagraíochta ar na coistí reachtúla i Nua-Eabhrac agus ag obair leis na heagraíochtaí neamhrialtais atá faoina scáth. Tá saighdiúirí de chuid na hÉireann ag obair go leanúnach ó 1958 ar dualgas síochána i dtíortha ar fud an domhain a bhfuil coimhlintí iontu.

Cén chaoi, mar sin, go dteipeann ar mhianta na Náisiún Aontaithe nuair is géire atá cabhair ag teastáil? Mar thoradh ar an struchtúr faoinar bunaíodh an eagraíocht agus ballraíocht bhuan na Comhairle Slándála, bíonn sé deacair acu teacht ar chomhréiteach. I ndeireadh an lae, tagann mianta agus leasa na polaitíochta chun cinn ar an leas coiteann agus cuireann ballstáit a gcuid tosaíochtaí féin chun cinn.

Ní dochar do thír ar bith a leas féin a chur chun cinn ach nuair a chuireann sin bac le dul chun cinn ó thaobh na síochána cuireann sé feidhmiú na heagraíochta as a riocht. Sa gcoimhlint reatha sa Mheánoirthear tuigeann muid ar fad gur mian leis na Stáit Aontaithe seasamh le hIosrael. Fágann sin nach féidir leo tacú le rún ag cáineadh na tíre sin. Seasfaidh an Bhreatain leis na Stáit Aontaithe mar gheall ar an gcaidreamh speisialta atá idir an dá thír.

I gcás choimhlint na hÚcráine ní raibh bealach faoin spéir go dtacódh an Rúis le rúin á gcáineadh féin ná go deimhin rúin ag cáineadh a gcuid comhghuaillithe sa tSiria nuair a bhí an choimhlint ansin ina neart.

Tagann an scéal ar fad ar ais chuig an bpolaitíocht agus ó tharla go bhfuil ballraíocht bhuan ag tíortha áirithe a bhfuil leasa ar leith acu, beidh sé deacair ag na Náisiúin Aontaithe réiteach a dhéanamh riamh in aon áit.

Níl againn ach é mar fhoras idirnáisiúnta le scéalta mar seo a mheas – nár chríonna an beart nuair a bheidh an t-uafás is déanaí seo tugtha chun críche ar bhealach éigin go suífeadh tíortha an domhain síos le chéile agus plé a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí le haghaidh a thabhairt ar choimhlintí idirnáisiúnta?

Fág freagra ar 'Teipeann ar mhianta na Náisiún Aontaithe nuair is géire atá cabhair ag teastáil'