Teaghlaigh Ghaeltachta lárnach i bhfeachtas nua faoi thógáil clainne le Gaeilge

Chomh maith le sraith físeán a fhoilsiú ar líne, beidh fógraí teilifíse, raidió agus nuachtáin mar chuid d’fheachtas nua Thuismitheoirí na Gaeltachta

Teaghlaigh Ghaeltachta lárnach i bhfeachtas nua faoi thógáil clainne le Gaeilge

Tá feachtas meán seolta chun spreagadh a thabhairt do dhaoine a bpáistí a thógáil le Gaeilge.

Tá an feachtas ‘Is fiú go mór é!’ seolta ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta agus teaghlaigh Ghaeltachta ag cur síos ar na buntáistí a bhaineann le clann a thógáil le Gaeilge.

Chomh maith le sraith físeán a fhoilsiú ar líne, beidh fógraí teilifíse agus raidió á gcraoladh mar chuid den fheachtas agus beidh fógraí á bhfoilsiú i nuachtáin chomh maith le hábhar eile a bheith á roinnt ar na meáin shóisialta.

Ghlac aon teaghlach déag páirt sa taifead, ó Dhún na nGall, Gaillimh agus Ciarraí, agus bhí idir theaghlaigh a tógadh sa Ghaeltacht nó a bhog isteach san áit i gceist. Déanann siad go léir cur síos ar an tábhacht, ar an mbród agus ar na dúshláin a bhaineann le páistí a thógáil trí Ghaeilge.

Ina measc, tá Lucia arbh as Gailís na Spáinne di ach atá anois ag cur fúithi i gCeantar na nOileán i gConamara agus atá ag tógáil a páistí le Gaeilge lena páirtí Andreas ón nGearmáin. Déanann Andrea, arbh as an Iodáil dó ach atá anois ag cur faoi i gCorca Dhuibhne, cur síos freisin ar an tacaíocht a thugann an pobal timpeall air agus a bhean dó a leanbh óg a thógáil leis an teanga.

Ag labhairt di faoin bhfeachtas, dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, go raibh an eagraíocht “an-tógtha leis na teaghlaigh spreagúla seo agus an mórtas, bród, misneach agus dóchas a bhí le brath go láidir ina measc”.

“Is ceist an-chasta í ach tá súil againn go rachaidh na scéalta seo i bhfeidhm ar dhaoine agus go gcuirfidh sé i mbun machnaimh iad,” a dúirt Ní Chéilleachair faoin gcinneadh a dhéanann teaghlach a thógáil le Gaeilge.

Na comhlachtaí Aniar TV, We Are Moose, Oileán IT agus Lorg Media a rinne an togra seo i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta agus fuarthas maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Fág freagra ar 'Teaghlaigh Ghaeltachta lárnach i bhfeachtas nua faoi thógáil clainne le Gaeilge'

  • Pádraig O'hEipicín

    Guím gach ráth oraibh. Go n-éirí Libh.

  • Sibéal

    Is mór an trua nach dtugann an cúrsa uisciuil Ghaeilge Ardteiste aon luach saothair d’iarrachtaí an mionlach de thuistí na Gaeltachta atá ar a míle dícheall in ainneoin na na n-ainneoin an Ghaeilge a choinneáil beo ina dtithe.
    Níl cruthúnas ar bith á cur ar fail ag leibhéal na hArdteiste go mbíonn caighdeán ard Ghaeilge ag roinnt mhaith des na scoláiri Gaeltachta agus iad ag fágaint na meánscoile.
    Níor chuir Julian De Spáinn fiacal ann nuair a duirt sé ar Upfront le Katie Hannon
    “If someone tells me they got a H2 in Irish in the Leaving Cert I haven’t go a clue if they speak Irish”