Tastáil níos déine curtha ar Luimneach…

Seasfaidh an cluiche crua a bhí acu i gcoinne na Gaillimhe le Luimneach tráthnóna i gcluiche ceannais iomána na hÉireann faoi-21

Bord Gais Energy GAA Hurling All Ireland Under 21 Championship Semi-Final, Semple Stadium, Thurles, Tipperary 22/8/2015 Limerick vs Galway Limerick's Diarmuid Byrnes leads out his team  Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
©INPHO/Ryan Byrne

Dála an bháis agus cúrsaí cánach, níl aon éalú uaidh ach go mbeidh Cill Chainnigh ina máistrí ar an iomáint go deo na ndeor. Cad is féidir a rá nach bhfuil ráite go rímhinic cheana faoi Chill Chainnigh agus Brian Cody? Tá siad dochloíte.

Ach casann rotha mór an tsaoil agus inniu táthar ag díriú ar an ngrád faoi 21. Caithfidh go bhfuil áthas ar Chumann Lúthchleas Gael go bhfuil Loch Garman agus Luimneach ag imirt inniu i gcluiche craoibhe na hÉireann i nDurlas Éile.

Beidh slua mór ann agus, cé is moite den airgead a dhéanfaidh an Cumann, tá sé tábhachtach dóibh slua a bheith ann agus iad ag iarraidh Bord Gáis a choimeád mar urraitheoirí don chomórtas.

Ach ní chuirfidh cúrsaí an tseomra boird isteach ar cheachtar den dá fhoireann atá ag imirt um thráthnóna.

Bhí chuid maith díomá sa dá chontae céanna leis na foirne sinsear i mbliana. Bhí a lán daoine dóchasach fúthu ag tosach na bliana i ndiaidh dóibh comharthaí dearfacha a thaispeáint i 2014 go rabhadar beirt ullamh dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa chraobhchomórtas ach ní mar sin a d’oibrigh cúrsaí amach dóibh.

Mar sin, is ar an nglúin seo inniu a thiteann an deis dul chun cinn a dhéanamh i mbliana.

Thug Loch Garman greadadh dos na Cait i gcluiche ceannais Chúige Laighean agus ní minic a tharla sé sin le blianta beaga anuas ach ina dhiaidh sin, níor cuireadh ar a dtriail iad i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Bhí foireann Aontrama lag go leor agus róchosantach ar fad ar fad. Ní raibh an cluiche thar mholadh beirte agus is cinnte nár fhoghlaim JJ Doyle agus a fhoireann bhainistíochat mórán dá bharr.

A mhalairt ar fad a bhí i gceist do Luimneach ina gcluiche leathcheannais. Agus an fhoireann breac le réaltaí, bhí gach seans ann go gcuirfeadh an Ghaillimh scrúdú dian ar sheaimpíní na Mumhan agus ar feadh tamall b’shin a tharla. Ach thaispeáin Luimneach ardchaighdeán iomána, luas, neart agus spiorad chun an dara leath a bhuachaint go slachtmhar.

Sa trí chluiche a bhí acu i mbliana bhí an patrún céanna ann; tosach spleodrach ansin sos beag agus críoch láidir.

Ní dóigh liom go raibh súil i Luimneach go mbeadh an fhoireann seo ag imirt sa chluiche craoibhe i mbliana. Bhí an tuairim ann go mbeidís iomaíoch i 2016 nó 2017 nuair a bheadh na himreoirí mionúir a bhí acu le cúpla bliain beagán níos sine.

Ach tá siad ann inniu agus gach seans go mbeidh an bua acu.

Ach seasann Loch Garman sa tslí orthu agus é tuillte go hiomlán acu bheith ann. Dar ndóigh, tá trí chraobh Laighean i ndiaidh a chéile buaite acu agus an mí-ádh orthu anuraidh go raibh, in fhoireann Cho.an Cláir, ceann des na foirne is fearr riamh a d’imir sa chomórtas seo mar chéilí comhraic.

Um thráthnóna tá siad ag dul isteach cothrom go leor ó thaobh imreoirí agus taithí. Chonaic mé gach cluiche a bhí acu i mbliana agus léirigh siad ard etic oibre agus díograis ins ghach ceann acu.

Ach ceapaim go bhfuil buntáiste éigin ag Luimneach agus an cluiche leathcheannais dian a bhí acu mar aon leis an dá chluiche deacair i gCúige Mumhan. Ceapann na geallghlacadóirí go mbeidh an bua ag Luimneach agus ón méid a chonaic mise díobh i mbliana, aontaím leo.

Fág freagra ar 'Tastáil níos déine curtha ar Luimneach…'