Talamh úr briste i bhficsean na Gaeilge ag scéinséir staire lán le sleaze ár linne

Tá éacht déanta ag Proinsias Mac a’ Bhaird le ‘Tairngreach’ úrscéal cliste, soléite seo a mheascann go healaíonta an sean agus an nua, fíricí agus ficsean

Talamh úr briste i bhficsean na Gaeilge ag scéinséir staire lán le sleaze ár linne

Tairngreacht
Proinsias Mac a’ Bhaird
LeabhairCOMHAR

Nuacht bhréagach. Scannail ghnéis san eaglais. Deepfakes, foréigean agus caimiléireacht – tá Tairngreacht le Proinsias Mac a’ Bhaird lán le sleaze ár linne, cé go dtiteann leath an scéil amach san aimsir chianársa.

Is deacair an t-úrscéal scóipiúil seo a rangú. Leathbhealach idir úrscéal staire agus scéinséir spioradálta, is dócha, a bhriseann talamh úr i bhficsean coiriúlachta na Gaeilge. Ní hamháin go bhfuil téagar as an ghnáth ann – is minic ficseanseánra tanaí i dtaobh carachtrachta, mar shampla – ach úsáideann Mac a’ Bhaird fíorchreatlach stairiúil le plota spleodrach a stiúradh a chuimsíonn dhá aois agus trí thír.

Tá an plota diabhalta casta. Tharla go raibh ár laoch, iriseoir dubh dóite darb ainm Conchúr Ó Braonáin, san áit mhícheart ag an am mícheart, is é sin séipéal sa Róimh ina bhfuil uaigheanna na dtaoiseach Ó Néill agus Ó Dónaill. Bhí súil ag Ó Braonáin roinnt taighde a dhéanamh do leabhar a bhí á scríobh aige agus siúd isteach sa séipéal leis, áit a bhfuil fear á loscadh ina bheatha.

Cúpla lá i ndiaidh an uafáis, tá Conchúr croite go maith, mar a thuigfeá, agus tá mearbhall air de bhrí nach bhfuil na meáin ag clúdach an scéil. Tuigeann sé go bhfuil uisce faoi thalamh i gceist leis an rúndacht seo agus titeann an chuid eile den scéal amach agus muid ag foghlaim cén chionsiocair a bhí le dúnmharú brúidiúil an fhir.

Coimhlint chreidimh idir spioradáltacht dhúchasach na hÉireann agus teagasc oifigiúil na hEaglaise Caitlicí atá ag croílár an scéil. Léirítear an Eaglais mar eagraíocht nó gnó, lán le polaitíocht inmheánach agus baiclí beaga atá ar mhaithe leo féin. Deirtear gur mó de riarthóirí ná d’anamchairde iad na sagairt atá ag obair ar a ndícheall i gcathair na Vatacáine ag iarraidh rúin agus scannail a cheilt ón domhan mór.

Ag cabhrú leo san obair sin tá seict darb ainm na hUaisle Dubha, a bhfuil gníomhairí acu sa pholaitíocht, sa phóilíneacht agus san iriseoireacht agus iad sásta rud ar bith a dhéanamh chun an Eaglais agus an Phápacht a chosaint.

Ar an taobh eile den choimhlint, tá seict radacach nua-aoiseach darb ainm Céilí Dé atá ar buile faoi fhorlámhas na hEaglaise chomhaimseartha atá cam coireach. Tá an dream seo ag tabhairt faoin Eaglais oifigiúil a scrios de lámh láidir chun an spioradáltacht Ghaelach a thabhairt ar ais i réim. Ionsaí ollmhór sceimhlitheoireachta atá beartaithe acu chuige sin agus déantar cur síos breá corraitheach ar uair na cinniúna agus iad os cionn na cathrach, na múrtha buamaí réidh le seoladh amach acu ar dróin.

An rud is cliste faoi seo uilig ná go bhfuil naomh ag gach seict mar a bheadh mascot nó laoch (naomh Maolmhaodhóg agus Colm Cille faoi seach) agus a thairngreacht féin ag gach naomh acu. Úsáideann an t-údar na tairngreachtaí seo le bogadh ón bhliain 2013 chomh fada siar leis an bhliain 569, ionas gur duine de phríomhcharachtair an scéil é Colm Cille é féin.

Bíodh sin mar atá, is leabhar comhaimseartha go smior é Tairngreacht a phléann fuarchúis na linne i leith na heaglaise go meáite. Tá an insint bríomhar agus dea-scríofa, cé go raibh sé pas beag fadálach ó am go chéile. Tá éacht taighde déanta ag Mac a’ Bhaird a ligeann dó sraitheanna an scéil a thabhairt le chéile go snasta inchreidte. An t-aon lúb ar lár a bhraith mé ná gur luadh coir thromchúiseach le laoch an scéil agus nach ndeirtear riamh linn an raibh an fhianaise fíor nó bréagach. An foscéal beag amháin sin i leataobh, is leabhar fíorspéisiúil é seo a shníonn stair agus seanchas na hÉireann leis an chuid is fearr den fhicsean hardboiled.

Fág freagra ar 'Talamh úr briste i bhficsean na Gaeilge ag scéinséir staire lán le sleaze ár linne'