TAISTEAL: Is deacair buidéal Cajones de Gato in Andalúis Lorca a bhualadh

Den chéad uair le fada, tá muintir na hÉireann ag dul thar lear ar laethanta saoire. Sa chéad alt sa tsraith nua seo, tá cur síos againn ar sheal in El Puerto de Santa María, san Andalúis

TAISTEAL: Is deacair buidéal Cajones de Gato in Andalúis Lorca a bhualadh

Bhí beár nua oscailte ar chúinne Plaza de España ar aghaidh na hardeaglaise. Shuíomar lasmuigh agus d’ordaíomar cúpla gloine fíona. Bhí buidéil ar díol istigh agus cheannaíomar ceann nó trí le tabhairt linn: Cajones de Gato a bhí ar an lipéad. Fuaireamar amach níos déanaí gur teaghlach flamenco a bhí i mbun an bheáir úd. Ón flamenco a thóg Federico García Lorca an coincheap duende, focal nach féidir a shainmhíniú; ach baint aige le braistintí nó eispéireas níos airde nó níos déine. 

Ar bhealach indíreach, ba é Lorca a thug go dtí an Andalúis ar dtús mé i 1992, tráth ar chuir an grúpa amharclainne Na Fánaithe taispeántas stáitse ar siúl i Sevilla mar chuid de Expo ’92 agus comóradh 500 bliain ar siúl ó iomramh Chriostóir Columbus chuig ‘an domhan úr’.

Thugamar cuairt ar El Puerto de Santa María den chéad uair i 1995 mar chuid de chamchuairt campála agus d’fhilleamar beagnach gach samhradh ó 2010. Tháinig ár gclann mhac, Iarla agus Dara, chun coinlíochta leis an gcultúr áitiúil agus tá cuid dá gcuimhní cinn greanta i ndúthaigh seo na gréine.

Tógadh geilleagar El Puerto, atá ar chósta an Atlantaigh agus an daonra céanna aige is atá ag cathair na Gaillimhe, ar dhéantús seirise nó sherry, gnó atá láidir i gcónaí agus a leathann boladh cumhra ar fud na sráideanna. Is anseo a chónaigh Columbus ar feadh roinnt blianta sular thug sé a aghaidh ar an Aigéan Atlantach. Deirtear gur tharraing a phíolóta, Juan de la Cosa, an chéad léarscáil a raibh an ‘domhan úr’ mar chuid di agus é buailte faoi ar an mbaile. 

Is iad na ceangail chairdis, áfach, a tharraingíonn ó dheas sinn. Fanaimid san áit chéanna, La Casita, tigín atá ar fheirm bheag chearc agus ghabhar ar imeall an bhaile. Cónaíonn an lánúin scothaosta gur leo an áit i dtigh in aice láimhe. Labhraíonn siad Spáinnis linn, tugann siad cead ár gcinn dúinn a linn snámha a úsáid. Bailíonn na buachaillí uibheacha úra don bhricfeasta. Téann na cearca ar an bhfara sna crainn líomóidí agus sna crainn oráistí agus nuair a bhí Iarla agus Dara beag, chreideadar gurbh in an taobh go raibh dath breá buí ar na huibheacha. 

Ba é an dath uaine dath na hAndalúise, dar le Lorca. Bíodh is go mbíonn teas mór san áit, bíonn an dath uaine/glas go tréan ar an bhfeirm, sna crainn agus sna plandaí a bheathaítear le huisce gach lá. Suite faoi chrann le titim oíche, ag éisteacht leis an gcolúr coille agus an dreoilín teaspaigh, le fuaimeanna na cathrach i gcéin, agus torann an vespa ag ardú agus ag ísliú – ag iompar leannán chun seirce, braitheann duine cuid den rúndiamhracht. An bhraistint úd a thugann Lorca leis ina chuid scríbhneoireachta. Tá lorg láidir, álainn na Múrach ar an Andalúis, fiú sna gaotha ón Afraic. 

Níor thugamar puinn difríochtaí faoi deara sa chostas i mbliana. Bhí praghas an bhreosla mar an gcéanna le hÉirinn; tá El Puerto uair an chloig siar ó Sevilla, is féidir cuairt a thabhairt ar Cádiz ar bhád nach dtógann ach leathuair. Tá praghas an bhia níos saoire sa Spáinn ach tá na rátaí pá níos ísle. Tá iasc den scoth in El Puerto agus é níos saoire sna beáranna agus sna bialanna ná mar a bheadh i gcathair na Gaillimhe; iasc a fuarthas i bhfarraigí na hÉireann, arsa tusa.

Tar éis filleadh ar Ghaillimh, tháinig cuairteoirí farainn chun dinnéir. Má tugadh faoi deara gur ‘caideanna cait’ nó ‘magairlí cait’ a bhí ar an mbuidéal ó El Puerto de Santa Maria, níor dúradh ach: ‘Is deas an fíon é sin; ón Fhrainc nó ón Spáinn?’ Ceann maith ón Andalúis, a dúrtsa, osclóimid ceann eile.

Fág freagra ar 'TAISTEAL: Is deacair buidéal Cajones de Gato in Andalúis Lorca a bhualadh'

  • JP

    Lánúin eile a hÉirinn istigh i bproinnteach i Sevilla agus iad ar saoire ann. Gan focal Spáinnise acu. Dúil mhillteach san fheoil acu agus is í a lorg siad ar an bhfreastalaí an chéad oíche. Mhol siúd na ‘cajones’ ar an mbiachlár agus ghlac siad lena mholadh. Leath a radharc ansin orthu nuair a leagadh an dá mheall leathanmhóra lán súlach os a gcomhair amach. Ghlan siad a raibh ar an bpláta agus smeach orthu. Praghas an-réasúnta ar fad freisin. Is iad a bhí go sásta ag dul abhaile dóibh. An raidhse chéanna gach oíche eile acu san áit chéanna ar an bpraghas céanna ar feadh seachtaine. Níor ghá dhóibh ach sméideadh ar an bhfreastalaí agus bhí fhios aige láithreach cad a bhí uathu. Seo isteach iad an t-ochtú oíche agus an airc chéanna orthu, mar ba ghnáth. Shuigh chun boird, mar ba ghnáth. An t-ordú agus an praghas mar ba ghnáth. Ach, mo léir, ní raibh an bia ‘mar ba ghnáth’! Dhá mhirlín bheaga shuaracha nach dtabharfá don gcat a leagadh rompu amach an uair seo. Mí-chéadfa agus gramhas an deabhail orthu. Chuir siad a míshástacht in iúl agus d’éirigh leo ag deireadh thiar thall míniú a fháil ar an ‘sceilpeáil’ seo.
    “Á”, a dúirt fear an tí, “ní hé an matador a bhuann i gcónaí!”

  • Larry Phelan

    Cojones, is dócha.

  • JP

    ‘Cajones’ in ionad ‘Cojones’ i gcanúintí áirithe sa Spáinn, go háirid ó dheas.

  • Larry Phelan

    An-fhear a JP, go raibh maith agat.