‘Táimid beagnach ann’ – beartais athoscailte an tsamhraidh fógartha ag an Taoiseach

D’fhógair Micheál Martin go dtabharfaí cead de réir a chéile do dhaoine freastal ar imeachtaí agus tabhairt faoin taisteal idirnáisiúnta arís

‘Táimid beagnach ann’ – beartais athoscailte an tsamhraidh fógartha ag an Taoiseach

“De réir a chéile a thógtar na caisleáin,” a dúirt an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna agus plean an Rialtais d’athoscailt an tsamhraidh á fhógairt aige.

“Is gearr go mbeimid sa gcaoi go mbeimid in ann taitneamh a bhaint as gnáthimeachtaí iontacha an tsaoil arís,” a deir an Taoiseach.

“Tá an dóchas, an gliondar agus an faoiseamh le brath…ach caithfimid a bheith ar ár n-airdeall.”

“Táimid beagnach ag ceann cúrsa,” a dúirt sé.

D’fhógair Micheál Martin go dtabharfaí cead de réir a chéile do dhaoine freastal ar imeachtaí agus tabhairt faoin taisteal idirnáisiúnta arís.

Beidh cead ag bialanna agus tithe tábhairne bia agus deoch a chur ar fáil taobh istigh ón 5 Iúil agus cead taisteal nach bhfuil riachtanach a dhéanamh lasmuigh den tír seo ón 19 Iúil.

Tabharfaidh an Rialtas feidhm do theastas taistil an Aontais Eorpaigh a ligfidh do phaisinéirí taisteal ar fud an Aontais Eorpaigh gan coraintín éigeantach a bheith rompu ar fhilleadh dóibh.

Féadfaidh óstáin athoscailt ón gCéadaoin an 2 Meitheamh agus ón 7 Meitheamh féadfaidh tithe ósta agus bialanna seirbhís bia agus deoch ag an mbord a chur ar fáil amuigh faoin aer. An lá céanna sin a bheidh cead athoscailte ag ionaid spóirt agus pictiúrlanna.

An 5 Iúil a bheidh seirbhís taobh istigh faoi dhíon le fáil i dtithe ósta agus i mbialanna.

Tabharfar cead do 200 duine freastal ar roinnt imeachtaí spóirt agus siamsaíochta in ionaid mhóra i mí an Mheithimh. Agus i mí Iúil, ar bhonn trialach, beidh cead ag 500 duine freastal ar roinnt imeachtaí.

Ón 5 Lúnasa beidh cead sluaite níos mó ag ócáidí, beidh cead an líon iomlán pasinéirí a bheith ar an gcóras iompair agus beidh cead 100 céad duine ag póstaí.

Tuairiscíodh níos túisce inniu go mbeadh dea-scéal do chuid éigin de lucht leanta na camógaíochta mar beidh cead ag roinnt acu a bheith sna seastáin ag cluiche ceannais Shraith Liberty Insurance i bPáirc an Chrócaigh ar an 20 Meitheamh.

Faoi dheireadh mhí an Mheithimh beidh lucht na rásaíochta ábalta dul ag na rásaí ar Churrach Chill Dara.

An 11 Meitheamh beidh lucht freastail ceadaithe go trialach ag trí chluiche – cluiche rugbaí idir Cúige Laighean agus Dragons na Breataine Bige san RDS; cluichí sacair idir Rógairí na Seamróige agus Cláirsí na Finne; agus Cathair Chorcaí in aghaidh Chábán tSíle.

 

 

Fág freagra ar '‘Táimid beagnach ann’ – beartais athoscailte an tsamhraidh fógartha ag an Taoiseach'