Táimid ar fad sna jabanna míchearta…

Uair amháin bhíodh sé an-éasca na daoine a bhí ar an ngannchuid a aithint

Táimid ar fad sna jabanna míchearta…

Bíonn go leor cainte faoi na deacrachtaí maireachtála a bhíonn ag daoine anois, praghas an bhia, ganntanas tithíochta agus mar sin de. Ach cén chaoi a n-aithneofá duine bocht na laethanta seo?

Uair amháin bhíodh sé an-éasca na daoine a bhí ar an ngannchuid a aithint. B’fhéidir go mbeadh sean-éadaí orthu, bheidís an-tanaí b’fhéidir, ní bheadh aon charr acu agus seans gur ar an rothar a dhéanaidís a gcuid taistil go dtí an baile mór.

Níl na comharthaí chomh soiléir sin sa lá inniu.

De réir Chumann Naomh Uinseann de Pól, tá ardú 7% ar líon na nglaonna atá á bhfáil acu go dtí seo i mbliana – beidh níos mó ná 250,000 duine ag glaoch orthu i rith na bliana seo ag iarraidh cúnaimh. An imní is mó atá ar na daoine sin ar fad ná cén chaoi a gcuirfidh siad bia ar an mbord an Nollaig seo.

Feiceann na cumainn charthanachta fírinne an bhochtanais – an scéal nach mbíonn chomh soiléir sin amuigh ar an tsráid.

D’fhéadfadh duine talamh slán a dhéanamh de stádas duine eile, agus tharlódh nach mbeadh an ceart ag an gcéad duine ar chor ar bith.

Bhí bean óg sa líne romham Tigh Dunne’s an lá cheana. Déarfainn go raibh sí sna tríochaidí ach d’fhéadfainn a bheith go hiomlán mícheart faoi sin freisin.

Culaith néata spóirt uirthi agus péire bróga reatha. Tuin láidir na cathrach ar a cuid cainte. Bhí cineál trua agam di agus í ag líonadh an tralaí agus ba léir ón gcineál bia a bhí ann go raibh cúpla páiste aici.

Agus í ag líonadh na málaí thosaigh sí ag inseacht dúinne go raibh siad ag dul ar thuras gearr leis na páistí.

Ó an créatúir, a deirim liom féin. Beidh siad ag caitheamh cúpla uair a’ chloig i mBré nó áit éigin i gCill Mhantáin.

Bhí sé de dhánaíocht ionam a fhiafraí di cá raibh a dtriall.

‘Beimid ag dul go dtí na margaí Nollag sa mBruiséil,’ a dúirt sí. ‘Beimid ceithre lá thall – theastódh an méid sin ama le go bhfeicfeadh tú chuile shórt.’

Agus ar fhaitíos gur cheap éinne gurb é seo an chéad turas dá leithéid acu, d’inis sí dom go ndeachaigh siad go dtí an Ghearmáin anuraidh agus go raibh sé thar barr ar fad. Ach bhí trí lá ann róghearr, mheas sí.

Choinnigh sí uirthi ag líonadh na málaí agus ar deireadh d’fhéach sí ar an admháil agus thairg sí dearbhán dhom. ‘Ach nach gcaithfidh sé a bheith ar d’fhón,’ a d’fhiafraigh mé féin. ‘Á beidh mé in ann é sin a réiteach,’ arsa sise agus tharraing sí mo fón chuici agus d’aistrigh an dearbhán chugam ar an bpointe. D’imigh sí léi agus an ‘ponytail’ ag luascadh.

Bhí sí tar éis luach deich euro d’earraí grósaera a bhronnadh orm agus mise ag ceapadh go raibh sise ar an ngannchuid.

An mhaidin ina dhiaidh sin, shiúlamar suas Cnoc Mhuirfean chuig an mbúistéara, mar is gnách. Thosaigh muid á dhéanamh mar chineál siúlóid sheachtainiúil aimsir Covid. Tá aithne mhaith ag an mbúistéara orainn agus coinníonn sé píosa deas ae dúinn gach seachtain.

Ach bhí seanfhear romhainn an lá áirithe seo. Cuma na maitheasa air, mar a bheifeá ag súil leis thart ar Chnoc Mhuirfean. Fear slachtmhar, carr deas aige agus a chulaith néata- is dócha nach bhfuil a leithéid de bhall éadaigh agus ‘track suit’ sa chófra aige.

Ruipleog (tripe) a bhí uaidh. Ba léir go gceannaíonn sé go rialta é ar nós muid féin agus an t-ae.

Agus an búistéara á fhilleadh i bpáipéar lena chur isteach sa mhála aige, d’fhéach sé orainn ar fad agus d’fhiafraigh sé:

‘Cén aois mé, an gceapann sibh?’ ar seisean linn ar fad. Chuimil an búistéara a smig agus thuigeamar ar fad nach raibh sé ag iarraidh dul thar fóir, ná meastachán ró-íseal a thabhairt ach an oiread.

‘Bhuel, tá tú ag teacht anseo le blianta fada – déarfainn go bhfuil tú os cionn 80, b’fhéidir is cionn 90?’ a dúirt sé go béasach.

‘Beidh mé 105 bliain d’aois tar éis na Nollag,’ a d’fhógair an fear agus é breá sásta leis féin. Thóg sé an pacáiste ruipleoige agus amach leis go dtí a charr.

Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach. Is fánach an áit a bhfaighfeá slám airgid freisin.

Bhí mé ag ól caife sa mbialann bheag atá gar dhúinn. Níl an éisteacht chomh géar is a bhíodh. Cheap mé gur chuala mé an fear oibre a tháinig isteach le haghaidh cupán ‘beir leat’ ag caint faoi shuim mhór airgid, ach níor phioc mé suas na sonraí a bhain leis an scéal.

‘Cad a bhí mo dhuine a rá faoi airgead ansin?’ arsa mise le fear an chaifé. ‘Is tógálaí é,’ a deir mo dhuine liom. ‘Glaodh amach chuig jab é tamall ó shin – bhí an teach uilig le glanadh amach. Is dócha go bhfuair an t-úinéara bás agus bhí sé le díol. Nuair a chuaigh sé suas ar an áiléar, fuair sé €10,000 a bhí curtha i bhfolach thuas ann.’

‘Ach nuair a d’inis sé an scéal dá dheartháir – is pluiméir eisean – dúirt seisean gur tháinig sé féin ar €15,000 i dteach nuair a thosaigh sé ag ardú na gcairpéad ann.’

Táimid ar fad sna jabanna míchearta.

Fág freagra ar 'Táimid ar fad sna jabanna míchearta…'