‘Ní thabharfá gunna do pháiste. Toisc gur léir an dainséar. Tá fón cliste i seilbh páiste contúirteach ar bhealaí eile ach sílim gur fearr le go leor tuismitheoirí gan smaoineamh ar an gcontúirt.’
Tá rún ag an tuismitheoir a phléigh fóin chliste leis an scríbhneoir seo gan gléas a thabhairt dá páistí go mbeidh siad ag freastal ar mheánscoil. Beidh éacht déanta aici má choinníonn sí féin agus a fear céile an cosc atá beartaithe acu i bhfeidhm go mbeidh a bpáistí 12-13 bliain d’aois.
Cé go gcuireann an chontúirt a bhaineann le seilbh páiste ar fhón cliste imní ar mhórán tuismitheoirí, tugann comhráite leo le fios nach bhfuil a bhformhór cinnte cén riail ba chóir dóibh a chur i bhfeidhm. Sin nó admháil mhíshocair nach féidir úsáid a smachtú in aon chor.
Léirigh an suirbhé is deireanaí a rinne an togra fadtéarmach taighde ar a dtugtar ‘Growing Up in Ireland’ scála an dúshláin. Thug an suirbhé le fios go bhfuil fón póca de chineál éigin ag daichead faoin gcéad de pháistí an stáit faoin am a shroicheann siad naoi mbliana d’aois.
Is sna scoileanna is mó atá an bhéim á cur ar bheartais chun úsáid fón cliste i measc daoine óga a shrianadh.
Go gairid roimh thús na scoilbhliana d’eisigh an tAire Oideachais Helen McEntee treoracha a chuir iachall ar bhunscoileanna úsáid fón póca a chosc, agus a d’ordaigh do mheánscoileanna a n-úsáid a shrianadh.
Tá beartais níos doimhne molta le tacaíocht tuismitheoirí ag scoileanna éagsúla. Ocht mbunscoil i gceantar na gCloch Liath i gContae Chill Mhantáin is túisce a chuir i bhfeidhm iad in 2024. Tá siad ag iarraidh ar thuismitheoirí ó shin gan fón cliste a cheannach dá bpáistí go dtí go mbeidh siad ag freastal ar mheánscoil.
Tá moladh deonach den sórt céanna á scaipeadh ag bunscoileanna i gcontae Phort Láirge áit a n-iarrtar ar thuismitheoirí freisin gan ligean dá bpáistí dul ar na meáin shóisialta. Thosaigh tograí atá cosúil le scéim na nDéise in áiteanna eile ó shin.
Tá beartais rialtais níos déine ná mar a moladh abhus go dtí seo á bplé i dtíortha eile – beartais a dhíríonn, ní ar an ngléas a úsáideann daoine óga, ach ar a rochtain ar na meáin shóisialta.
D’fhógair rialtas na Danmhairge reachtaíocht an tseachtain seo caite chun úsáid na meán sóisialta a chosc ar gach duine faoi 15 bliain d’aois.
“Tá saol an aosa óig á ghoid ag fóin póca agus ag na meáin shóisialta,” a dúirt an Príomh-Aire Mette Frederiksen agus an bille a phléifear go luath i bparlaimint na Danmhairge á fhógairt aici.
Beidh cosc den chineál céanna i bhfeidhm san Astráil ón mhí seo chugainn i gcás daoine faoi 16. Gearrfar suas le €24 milliún mar fhíneáil ar chomhlachtaí nach gcuireann an cosc i bhfeidhm.
D’admhaigh an Príomh-Aire Anthony Albanese le linn díospóireacht pharlaiminte ar an mbille go mbeadh roinnt páistí ábalta an cosc a sheachaint. Is í a phríomhaidhm áfach, a dúirt sé, rabhadh a thabhairt do chomhlachtaí na meán sóisialta éirí as a mí-iompar.
Dáiríre, is míshásamh le leithéidí Facebook, TikTok, X (nó Twitter mar tugadh air roimhe seo), Reddit agus WhatsApp a léiríonn na beartais seo agus a macasamhail atá molta i dtíortha eile.
Tá sé róluath a rá go bhfuil meon nua i leith na meán sóisialta ag teacht i réim i measc polaiteoirí ar fud an domhain. Is léir mar sin féin go bhfuil amhras agus mífhoighne na bpolaiteoirí ag dul i dtreise i mórán tíortha – sa Bhreatain agus sa Fhrainc, mar shampla agus fianaise éigeantach aoise á héileamh de réir dlí i gcás rochtain ar líne ar phornagrafaíocht.
Ní foláir a rá freisin go bhfuil drogall ar pholaiteoirí olc a chur ar bhoic mhóra na meán sóisialta agus ar an Uachtarán Trump agus ar pholaiteoirí eile sna Stáit Aontaithe atá in aghaidh rialacha nua (san AE go háirithe).
Tá córas rialála na hÉireann neartaithe le cúpla bliain ach díríonn sé fós ar fhadhbanna (gríosú chun foréigin nó fuatha mar shampla, nó foilsiú ábhair chun daoine a scanrú) tar éis iad a bheith tugtha faoi deara. Tá an córas lag i gcónaí maidir le modhanna oibre na meán sóisialta. Coinníonn siad faoi rún mar shampla feidhmiú na n-algartam agus na ngaireas eile a threoraíonn úsáideoirí go dtí ábhar nach bhfuil fírinneach ná folláin.
Dúirt príomhfheidhmeannach an eagrais charthanachta CybersafeKids, Alex Cooney le gairid nach bhfuil dóthain á dhéanamh ná á dhéanamh sách sciobtha abhus chun páistí a chosaint ar líne.
Teastaíonn dianrialáil stáit, a dúirt sí chomh maith le hoiliúint a chuirfidh ar chumas páistí agus tuismitheoirí déileáil leis na dúshláin atá rompu.
Is féidir a bheith réasúnta cinnte leis nach bhfuil Aire ná Teachta Dála sa tír nach n-aontódh léi. Ach ní hionann comhthuiscint ar riachtanas agus déileáil leis an riachtanas i gceart agus in am dár bpáistí.
Seán
Is eagal liom go bhfuiltear i ngleic le ráig uafásach bhuile anseo.
Is eagal liom go mbáfar an t-aos óg faoi bhrocamas ainspianta an idirlín, go ndéanfar andúiligh nó zombies díobh. Go ndéanfar conabhrú ar a meon aigne i leith an tsaoil, i leith daoine agus i leith na móráltachta.
Bíonn an fón i gcóir is i bhfearas acu go síoraí seasta.
Gach tráthnóna tógaim an bus abhaile ón mbaile mór.
Bíonn gasúir scoile ag taisteal ar an mbus céanna liom go minic.
Déagóirí deasa, ciúine, béasacha.
Suite ar chúl an bhus a bhíonn siad agus a n-aghaidh sa bhfón acu go léir, gan eisceacht.
Ní haon mhaith dhuit bleid a bhualadh ar aon duine acu mar ní bhíonn uathu ach an fón.
Tráthnóna amháin scéigh an fón ar dhuine amháin acu, áfach;
glór mná ‘in flagrante delicto’ le cloisint go hard is go hobann ar fud an bhus.
Tuigeadh dom ar an dtoirt (agus do dhaoine eile) gur ag féachaint ar porn a bhí an buachaill óg seo.
Chas roinnt againn thart ach níor chuir sé isteach ná amach air.
Ach bhí de bhéas ann gur mhúch sé an glór láithreach.
Bhí ciúineas i réim in athuair, ciúineas mídheas, míshocair ar chuma éigin.
Agus céard faoi na gasúir eile nár thug aird ar bith air?
An raibh normálú de shórt éigin ar siúl? Nó an chluas bhodhar?