An Spáinnis agus an Ghaeilge an dá theanga is mó a bhíothas a fhoghlaim ar Duolingo in Éirinn in 2025

Tá an Ghaeilge fós sa 20ú háit go domhanda ar liosta na dteangacha is mó tóir ar Duolingo agus 1.93m duine cláraithe leis an gcúrsa

An Spáinnis agus an Ghaeilge an dá theanga is mó a bhíothas a fhoghlaim ar Duolingo in Éirinn in 2025

Is iad an Spáinnis agus an Ghaeilge an dá theanga is mó a bhí muintir na hÉireann a fhoghlaim in 2025, dar le staitisticí nua atá curtha ar fáil ag an aip foghlama teanga.

Tugtar le fios sa cháipéis 2025 Duolingo Language Report go raibh Éire i measc na 26 thír ar domhan inarbh í an Spáinnis an teanga is mó éileamh ar an aip. Bhíodh an cúrsa Gaeilge ar bharr an liosta in Éirinn go dtí an bhliain 2021. Sciob an Spáinnis an chéad áit ar an liosta in 2022 agus is ann atá sí ó shin. Ní raibh ach an Spáinnis nó an Ghaeilge ar bharr an liosta ó thosaigh Duolingo ag cur an eolais seo ar fáil in 2020. Ba í an Ghaeilge an teanga ba mhó in 2020 agus 2021.

Tá an Ghaeilge fós sa 20ú háit go domhanda ar liosta na dteangacha is mó tóir ar Duolingo agus 1.93m duine cláraithe leis an gcuntas. Tá sí taobh thiar den Laidin (2.33m) ach chun cinn ar an Eabhrais (1.65m), an teanga chumtha Ard-Valaeiris ón tsraith Cluiche na Corónach (1.55m) agus an Úcráinis (1.42m).

Tá laghdú tagtha ar líon na ndaoine atá cláraithe leis an gcúrsa Gaeilge ar Duolingo ón mbliain seo caite. Bhí os cionn an dá mhilliún duine cláraithe leis in 2024. Ní thugann Duolingo aon bhriseadh síos ar na figiúirí seo ach ní fios cé mhéad duine a bhíonn gníomhach gach seachtain, cé mhéad duine a chríochnaigh an cúrsa, ná cé mhéad duine a chríochnaigh oiread is ceacht amháin féin i ndiaidh dóibh clárú.

Sa 32ú háit ar an liosta domhanda tá an Bhreatnais (756,000) agus tá Gàidhlig an hAlban sa 35ú háit (641,000). Tá dhá theanga chumtha eile i dtreo dheireadh an liosta – an Esperanto (423,000) agus an Tliongáinis ó Star Trek (402,000).

Is é an Béarla an teanga is mó bhíothas a fhoghlaim i 154 tír i mbliana – an teanga is mó tóir ar fad ar Duolingo. Bhí an Spáinnis ar bharr an liosta in 26 tír, an Fhraincis ar bharr an liosta in 12 tír, agus an Ghearmáinis ar bharr an liosta in dhá thír.

Bhí éagsúlacht níos mó ann i measc na dteangacha a bhí sa dara háit. Bhí ceithre theanga dhéag ar an liosta sin agus leithéidí na Fraincise, na Seapáinise, na Rúisise, agus na hAraibise. Ba í an Fhraincis an dara teanga is mó éileamh i 60 tír, an Spáinnis a bhí i gceist i 48 tír, an Ghearmáinis a bhí i 22 tír agus an Béarla a bhí sa dara háit i 15 tír. Ní raibh ach tír amháin i gceist an Araibis, an Hiondúis, an Ghaeilge, agus an Tuircis.

Chuir Duolingo 148 cúrsa i 20 teanga ar fáil i mbliana. Seoladh cúrsa nua san fhicheall freisin, atá anois i measc na gcúrsaí atá ar fáil ar an aip nach cúrsaí teanga iad: an ceol agus an mata.

Rinneadh athrú suntasach ar an gcúrsa Gaeilge in 2023 nuair a rinne Duolingo an cinneadh an intleacht shaorga a úsáid in áit cainteoir dúchais Gaeilge do na míreanna éisteachta ar an aip.

Fág freagra ar 'An Spáinnis agus an Ghaeilge an dá theanga is mó a bhíothas a fhoghlaim ar Duolingo in Éirinn in 2025'