AN POD GAEILGE: Na leabhair Ghaeilge is fearr don stoca Nollag…

Bhí an léirmheastóir Dónall Ó Braonáin agus an scríbhneoir Éilís Ní Dhuibhne in éineacht linn ar an eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ chun leabhair Ghaeilge na bliana 2025 a phlé

AN POD GAEILGE: Na leabhair Ghaeilge is fearr don stoca Nollag…

Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh.

In éineacht le Bridget Bhreathnach agus Maitiú Ó Coimín Tuairisc, tá an léirmheastóir Dónall Ó Braonáin agus an scríbhneoir Éilís Ní Dhuibhne. Agus é ag tagairt d’úrscéal Dharach Uí Scolaí a bhuaigh na duaiseanna móra in 2025, deir Dónall go raibh ‘an-bhliain ag Bódléar’, ach cérbh iad na leabhair eile a chuaigh i bhfeidhm ar ár léirmheastóirí i mbliana agus cad iad na leabhair ba cheart a chur ar liosta na Nollag? Pléitear chomh maith na bearnaí atá fós le líonadh i margadh na leabhar Gaeilge agus na leabhair faoin nGaeilge atá dírithe ar an mBéarlóir.

Podchraoladh ó Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí de chuid Tuairisc é An Pod Gaeilge.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Na leabhair Ghaeilge is fearr don stoca Nollag…'