Tacaíocht tugtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe do ‘Bealach Glas Chonamara’

Tá iarrtha ag comhairleoirí na cathrach ar a gcomhghleacaithe sa Chomhairle Contae an chuid den togra a bhaineann leis an mBealach Glas idir cathair na Gaillimhe agus Maigh Cuilinn a bhrú chun cinn

Tacaíocht tugtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe do ‘Bealach Glas Chonamara’

Tá a gcuid tacaíochta tugtha ag Comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe don phlean ‘Bealach Glas Chonamara’ a fhorbairt agus a oscailt faoin mbliain 2020, nuair a bheidh Gaillimh ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa.

Thacaigh na comhairleoirí cathrach le ráiteas misin Chomhghuaillíocht Bhealach Glas Chonamara le deireanas agus tá iarrtha ag comhairleoirí na cathrach ar a gcomhghleacaithe sa Chomhairle Contae an chuid den togra a bhaineann leis an mBealach Glas idir cathair na Gaillimhe agus Maigh Cuilinn a bhrú chun cinn.

Thug Cumann Forbartha Pobail Mhaigh Cuilinn tacaíocht don togra níos luaithe i mbliana, agus súil acu go gcabhródh an Bealach Glas le borradh a chur faoin mbaile agus faoi Chonamara trí chéile, “mar a chuir Bealaí eile faoi cheantair timpeall na hEorpa agus an Domhain Mhóir”.

Sa chás go gcríochnófar Bealach Glas Chonamara, a bhfuil roinnt úinéirí talún agus dreamanna eile tar éis cur ina aghaidh go dtí seo, beidh sé ar an mbealach siúil agus rothaíochta is faide in Éirinn, agus é a síneadh os cionn 75 ciliméadar ó chathair na Gaillimhe go dtí an Clochán i bhfíor-iarthar an chontae.

Ach an oiread le Bealaí Glasa Mhaigh Eo agus na nDéise, ar chúrsa an tseanbhóthar iarainn a leagfaí Bealach Glas Chonamara. D’fhágfadh sé sin go ngabhfadh an bealach rothaíochta trí Ghaeltacht na Gaillimhe, i dtuaisceart Chonamara. Bhí seacht stáisiún ar an mbóthar iarainn,  Maigh Cuilinn, an Ros, Uachtar Ard, An Teach Dóite, Sraith Salach, Baile na hInse agus An Clochán.

Cheadaigh an Rialtas €2 mhilliún trí bliana ó shin leis an gcuid den bhealach idir Gaillimh agus Maigh Cuilinn a phleanáil agus a chríochnú, ach níl an obair sin déanta go fóill.

Tá Bealach Glas ann in Éirinn cheana féin — Bealach Glas Mhaigh Eo a shíneann ó Chathair na Mart go Gaeltacht an chontae in Acaill, agus Bealach Glas na nDéise a shíneann ó chathair Phort Láirge go Dún Garbhán, ar imeall na Gaeltachta sa chontae sin.

Meastar go bhfuil an-rath go deo ar Bhealach Glas Mhaigh Eo, a forbraíodh tamall de bhlianta ó shin, agus go mbeidh an rath céanna i ndán do Bhealach na nDéise, a osclaíodh cúpla seachtain ó shin.

Tá imní ar roinnt daoine atá ina gcónaí san áit a mbeidh Bealach Glas Chonamara go ndéanfar dochar dá gcuid talún, go gcuirfear isteach ar a gcuid ainmhithe agus go mbainfear de luach a dtithe má thógtar an Bealach.

Fág freagra ar 'Tacaíocht tugtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe do ‘Bealach Glas Chonamara’'