Tacaíocht traspháirtí le léiriú sa Dáil d’éileamh ar fhógraí i nGaeilge ón Stát

Tá aird á tarraingt le tamall ar a laghad fógraíochta a dhéanann an stát i nGaeilge mar gheall ar a laghad di a bhí le feiceáil i bhfeachtais eolais an Rialtais ó thús na paindéime

Tacaíocht traspháirtí le léiriú sa Dáil d’éileamh ar fhógraí i nGaeilge ón Stát

Déanfar plé inniu sa Dáil ar an mbearna sa dlí teanga a fhágann nach bhfuil aon dualgas ar aon chomhlacht poiblí fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge.

Tá aird á tarraingt le tamall ar a laghad fógraíochta a dhéanann an stát i nGaeilge mar gheall ar a laghad di a bhí le feiceáil i bhfeachtais eolais an Rialtais ó thús na paindéime.

amhras caite ag an sochtheangeolaí aitheanta John Walsh, mar shampla, ar fhiúntas na reachtaíochta teanga trí chéile murar féidir léi a chinntiú go mbíonn “eolas i nGaeilge ar fáil faoin ngéarchéim sláinte phoiblí is mó ó bunaíodh an stát”.

Déanfaidh Coiste Oireachtais na Gaeilge plé ar chás na fógraíochta Gaeilge inniu ag a gcúigiú seisiún faoi na leasuithe atá molta ar an mBille Teanga, bille a bhfuil faoi láidriú a dhéanamh ar an Acht Teanga.

Mar chuid de Chéim an Choiste, mhol an freasúra agus polaiteoirí de chuid pháirtithe an Rialtais leasuithe a leagfadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí i leith na fógraíochta ach chinn Oifig na mBillí go raibh na leasuithe sin as ord. 

Chinn Oifig na mBillí na leasuithe a dhícheadú toisc go mbainfeadh costas breise lena bhfeidhmiú.

Ina ainneoin sin, tá sé i gceist ag polaiteoirí éagsúla brú a chur ar Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil tráthnóna geallúint a thabhairt go ndéanfar gníomh i leith cheist na fógraíochta ag an gcéad chéim eile den Bhille.

Tuigtear do Tuairisc.ie nach bhfuil aon doicheall ag an Aire roimh an moladh sin.

Is ar éigean go bhfuil aon fhógraíocht á déanamh ag an Stát i nGaeilge le breis is 10 mbliana anuas agus meastar gurb í seo an t-aon deis a bheidh ann go ceann i bhfad dul i ngleic leis an bhfadhb sin.

Cé go dtugtar cead san Acht Teanga don Aire Gaeltachta rialacháin a dhéanamh faoi chúrsaí fógraíochta níor thapaigh aon Aire an deis sin ó foilsíodh an tAcht breis is 17 bliain ó shin, cé go gur dréachtaíodh rialacháin le linn d’Éamon Ó Cuív a bheith ina aire.

Ó tharla nach ndearna aon Aire rialacháin, níl aon dualgas ar chomhlachtaí poiblí fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge. 

De réir leasú amháin a dícheadaíodh bheadh ar eagrais stáit 20% den fhógraíocht phoiblí a dhéanann siad a dhéanamh i nGaeilge agus bheadh orthu 5% dá gcuid fógraíochta a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge.

De réir leasú eile a dícheadaíodh, dhéanfaí leasú ar an Acht Teanga chun go ndéarfadh sé go ndéanfadh Aire na Gaeltachta rialacháin faoi chúrsaí fógraíochta seachas go bhféadfadh sé sin a dhéanamh, mar atá a ráite san Acht mar atá.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge Aengus Ó Snodaigh go raibh sé “náireach” gur dícheadaíodh na leasuithe faoi chúrsaí fógraíochta.

Dúirt sé nach rabhthas ag iarraidh aon fhógraíocht sa bhreis ar an méid atá á dhéanamh ag comhlachtaí poiblí cheana féin.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin go mbeifear ag súil go n-éistfidh an tAire Stáit “leis an teachtaireacht láidir atá á seoladh as gach taobh den Dáil i nguth aontaithe” i dtaobh cheist na fógraíochta. 

“Ritheann sé glan in aghaidh stádas bunreachtúil na Gaeilge mar phríomhtheanga nuair nach ndéanann comhlachtaí poiblí ach fógraíocht trí Bhéarla, agus bíonn na meáin Ghaeilge thíos leis go mór toisc nach ndéantar fógraíocht leo. Seo leasú chun na meáin Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn, mar is gá má tá grá againn don teanga.”

I measc na n-ábhar eile a d’fhéadfadh a bheith á bplé sa Dáil inniu ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfar i dtaobh na leasuithe, tá leasú de chuid Shinn Féin a leagfadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí ábhar margaíochta a scaipeadh i nGaeilge.

De réir leasú eile de chuid an pháirtí bheadh buncheart ag duine an leagan ceart Gaeilge dá ainm agus dá sheoladh a úsáid agus é i mbun gnó leis an stát.

Níl aon dualgas reachtúil díreach ann a chinntíonn an ceart sin ná a chinntíonn go mbaineann comhlachtaí poiblí úsáid mar is ceart as an síneadh fada.

Tá moladh i mbille an Rialtais go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil na córais ríomhaireachta acu ábalta déileáil leis an síneadh fada ach táthar buartha go bhfuil an iomarca díolúintí luaite leis an dualgas sin agus nach bhfuil aon spriocdháta luaite leis ach oiread.

Fág freagra ar 'Tacaíocht traspháirtí le léiriú sa Dáil d’éileamh ar fhógraí i nGaeilge ón Stát'