Tacaíocht Shinn Féin ag POBAL agus Conradh na Gaeilge maidir lena n-éilimh thoghcháin

Bhuail ionadaithe de chuid Shinn Féin le POBAL le cás na Gaeilge a phlé agus gheall siad a gcuid tacaíochta d’éilimh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge

4/2/2010 Stormont in Northern Ireland. Pictured is Stormont, home of the Northern Ireland Assembly. Photo: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Bhuail ionadaithe ón eagras POBAL le baill thofa de chuid Shinn Féin inné le cur chuige an Pháirtí maidir leis an nGaeilge a phlé.  Pléadh ag an gcruinniú, ‘Acht na Gaeilge’, straitéis Stormont 2015-2035 don teanga, úsáid na teanga taobh istigh den Tionól agus acmhainní na n-eagraíochtaí Gaeilge.

“I bhfianaise dhiúltú an Fheidhmeannais do reachtaíocht agus do straitéis don Ghaeilge, mhínigh muid an tábhacht, dar linn, atá le gníomhartha straitéiseacha ó Shinn Féin i dtaca le cur chun cinn Acht na Gaeilge agus le straitéis don teanga,” a dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL.

Tá an eagraíocht ag súil le bualadh le hionadaithe ó pháirtithe eile polaitíochta sna seachtainí roimh an toghchán, a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn.

Idir an dá linn, tá a gcuid tacaíochta geallta ag Sinn Féin don fheachtas #GaelVóta atá ar bun ag Conradh na Gaeilge.

D’fhógair Cathaoirleach Náisiúnta Shinn Féin, Declan Kearney, go dtacaíonn a pháirtí leis na héilimh go ndéanfaí infheistíocht £2 mhilliún le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge, go gceapfaí Aire Pobail a bheadh báúil don teanga agus go gceapfaí Aire Oideachais a thacódh leis an nGaeilge sa chóras oideachais.

“Aithníonn muid an tábhacht a bhaineann le cearta teanga agus le dul chun cinn a dhéanamh sna pobail a bhfuil an Ghaeilge ina gcroílár. Tacaíonn muid le pobal na Gaeilge agus le forbairt na n-acmhainní atá de dhíth chun soláthar ceart agus cothrom a thabhairt dóibh. Tá sé tábhachtach fosta go gcomhoibreodh muid ar fad, muidne atá ag éileamh Acht agus chothrom na Féinne don Ghaeilge, lena chéile chun cás na Gaeilge a neartú,” a dúirt Kearney.

Fág freagra ar 'Tacaíocht Shinn Féin ag POBAL agus Conradh na Gaeilge maidir lena n-éilimh thoghcháin'