Tábhacht na gcosantóirí, cliseadh an Chláir agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó chluichí an deireadh seachtaine

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí CLG an deireadh seachtaine

Tábhacht na gcosantóirí, cliseadh an Chláir agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó chluichí an deireadh seachtaine

Tá cnámh droma na cosanta tábhachtach

Cé go raibh críoch dhrámatúil leis an gcluiche i bPáirc an Chrócaigh inné nuair a d’aimsigh Cill Chainnigh trí phointe as a chéile in am cúitimh chun críochnú ar comhscór, ní cluiche iontach a bhí i gcluiche ceannais Laighean.

Bhí an ceann is fearr á fháil ag na cosantóirí ar a gcéilí comhraic agus níor éirigh leis an dá fhoireann ach ocht bpointe dhéag an taobh a scóráil. Bhí cluiche ceannais na Mumhan i Staid Semple níos oscailte ach bhí na cosantóirí i bPáirc an Chrócaigh ar fheabhas.

Tá an lánchúlaí agus an leathchúlaí láir ar bheirt de na himreoirí is tábhachtaí ar aon fhoireann agus tá beirt den chéad scoth ag Gaillimh agus ag Cill Chainnigh araon.

Bronnadh laoch na himeartha ar Cillian Buckley Chill Chainnigh ach bhí a chomrádaí Pádraig Walsh díreach chomh maith céanna leis. Ar thaobh na Gaillimhe, léirigh Daithí Burke agus Gearóid McInerney cén fáth gur bhuaigh siad gradaim All-Stars anuraidh.

I Staid Semple, bhí fadhbanna ag Corcaigh agus ag an gClár sna hionaid sin. Thosaigh Damien Cahalane mar lánchúlaí agus Eoin Cadogan mar leathchúlaí láir do Chorcaigh ach bhí ar an mbainisteoir John Meyler iad a bhogadh go dtí na cliatháin tar éis tamaill. Ní raibh cluiche iontach ag Conor Cleary i ngeansaí uimhir 6 an Chláir ach an oiread.

Bhí na cluichí i gCraobh na Mumhan i mbliana níos oscailte agus níos tapa ná na cluichí i gcúige Laighean ach ní bheidh cead a gcinn mar sin ag tosaithe na Mumhan má chasann Gaillimh nó Cill Chainnigh orthu.

 

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Fanacht fiche bliain ar an gClár i gCraobh na Mumhan

Agus Craobh na Mumhan crochta leo ag Corcaigh, léirigh siad arís eile inné an forlámhas atá acu ar chontae An Chláir ó thús na mílaoise. Tá trí chluiche dhéag craoibhe imeartha eatarthu seo ón mbliain 2000 agus níl ach aon cheann amháin buaite ag an gClár.

Déarfaidh na Cláirínigh gur bhuaigh siad an ceann ba thábhachtaí, athimirt chluiche ceannais na hÉireann in 2013, ach is léir gur eisceacht a bhí ansin. Tá cúig chluiche craoibhe imeartha eatarthu ó shin agus gach ceann acu buaite ag Corcaigh. D’fhoireann a bhí chomh hóg agus chomh cumasach sin in 2013, is teip ollmhór é nach bhfuil níos mó buaite ag an gClár idir an dá linn.

D’fhág cailliúint an lae inné go bhfuil fiche bliain ann ó bhuaigh an Clár Craobh na Mumhan agus 1932 an uair dheireanach ar éirigh leo Corcaigh a chloí i gcluiche ceannais an chúige.

 

Pictiúr: INPHO/James Crombie

An mbeidh an misneach ag Maigh Eo tabhairt faoi iarracht eile?

Tar éis do Chill Dara iad a shárú sa Droichead Nua Dé Sathairn, tá go leor daoine den tuairim gur deireadh ré atá ann d’fhoireann iontach seo Mhaigh Eo. Díbríodh iad as an gcraobh roimh dheireadh mhí an Mheithimh, rud a chiallaíonn gurb é seo an chéad uair ó 2010 nach bhfuil cluiche leathcheannais na hÉireann, ar a laghad, bainte amach ag na Connachtaigh.

Tháinig an fhoireann seo chucu féin ó bhriseadh croí i ndiaidh briseadh croí ach tá siad ar an mbóthar le fada. Agus iad ag teacht chucu féin i ndiaidh na cailliúna is déanaí, níl aon rud ráite go fóill ag aon duine d’imreoirí Mhaigh Eo faoi éirí as ach is cinnte go mbeidh sé ar intinn ag cuid acu déanamh amhlaidh.

Faoin am a gcuirfear tús leis an séasúr nua an bhliain seo chugainn beidh ar a laghad ochtar den fhoireann os cionn 30 bliain d’aois, Andy Moran (35), David Clarke (35), Keith Higgins (33), Colm Boyle (32), Ger Cafferkey (31), Séamus O’Shea (31), Tom Parsons (30) agus Dónal Vaughan (30).

Fiú dá ndéanfadh triúr nó ceathrar díobh sin an cinneadh éirí as, is mór an tionchar a bheadh aige ar an bhfoireann. Ní raibh painéal ollmhór riamh ag Maigh Eo agus cé go bhfuil craobhacha na hÉireann buaite ag foirne mionúir agus faoi-21 an chontae le cúig bliana anuas, bheadh sé thar a bheith deacair orthu na bearnaí sin a líonadh.

 

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Suas le cúig fhoireann as Ulaidh a ghlacfaidh páirt sna ‘Super 8s’

D’fhéadfadh gur as Cúige Uladh a thiocfaidh níos mó ná leath de na foirne a ghlacfaidh páirt sna ‘Super 8s’ a imreofar den chéad uair i mbliana. Rinneadh an tarraingt do bhabhta 4 na gcluichí cáilithe ar maidin agus d’fhan na ceithre fhoireann ó chúige Uladh, Tír Eoghain, Muineachán, Fear Manach agus Ard Mhacha, amach óna chéile. D’fhéadfaidís ar fad anois na ‘Super 8s’ a bhaint amach, mar atá déanta ag Dún na nGall cheana.

Imreoidh buaiteoirí na gcluichí idir Fear Manach agus Cill Dara agus idir Laois agus Muineachán i nGrúpa 1,  le Ciarraí agus Gaillimh. Is i nGrúpa 2, le hÁth Cliath agus Dún na nGall, a bheidh na buaiteoirí ón gcluiche idir Corcaigh agus Tír Eoghain agus ón gcluiche idir Ros Comáin agus Ard Mhacha.

An deireadh seachtaine seo chugainn a imreofar na cluichí i mBabhta 4 agus beidh an chéad bhabhta cluichí sna ‘Super 8s’ ann an deireadh seachtaine dár gcionn, an 14 agus an 15 Iúil.

Fág freagra ar 'Tábhacht na gcosantóirí, cliseadh an Chláir agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó chluichí an deireadh seachtaine'