Tá teorainn chrua in Éirinn ó bhí 1921 ann, thugtaí críochdheighilt uirthi tráth

Seans, ar laethanta seo na neamhchoimhlinte – go maire siad go deo – nach bhfeiceann tú an teorainn chrua agus tú á trasnú ach is ann di, beag beann ar an mBreatimeacht

Tá teorainn chrua in Éirinn ó bhí 1921 ann, thugtaí críochdheighilt uirthi tráth

LÉARÁID le Tuairisc.ie/CÓS

Tá an teorainn chrua ag cur tinneas cinn orm. Tá teorainn chrua in Éirinn ó bhí 1921 ann. Thugtaí ‘críochdheighilt’ ar an teorainn chrua sin ar feadh i bhfad. Breatimeacht de chineál eile ba chúis leis an teorainn chrua sin. D’imigh fórsaí na Breataine as 26 contae de chuid na hÉireann agus choinnigh greim ar shé chontae di. Dá bharr sin a bunaíodh agus a buanaíodh an teorainn chrua an chéad lá riamh.

Tá eolas maith ag náisiúntóirí an Tuaiscirt ar an teorainn chrua chéanna; tá siad ina gcónaí taobh thuaidh di. Níl eolas rómhaith ag mórán daoine sa Deisceart uirthi nó thug siad neamhaird uirthi oiread agus a thiocfadh leo – agus bhí sin fíor ach go háirithe faoi pháirtithe polaitíochta na Dála agus faoi chuid mhór de lucht tuairmíochta na meán cumarsáide.

’Sea, tá teorainn chrua in Éirinn ó bhí 1921 ann. Mhair an teorainn chrua sin le linn na 1920í, 1930í, 1940í, 1950í, 1960í, 1970í, 1980i, 1990í agus 2000í. Is fíor gur tháinig athrú ar na daoine a bhí ag gardáil na teorann crua sin. Bhí baill de chuid an RUC freagrach as an teorainn chrua a chosaint ar feadh tamaill fhada, arm na Breataine ar feadh tamaill eile, an PSNI an chuid eile den am. Tháinig athrú ar na héadaí agus ar an mheon gan amhras. Ní chuirfidh an PSNI gunna le do ghob mar a chuireadh arm na Breataine agus tú ag trasnú na teorann crua – agus is maith sin.

Mar sin féin, b’ionann cuspóir dóibh uilig – a thabhairt le fios duit, an cuairteoir nó an cónaitheoir, go raibh tú i limistéar ar leith, i limistéar de chuid na Ríochta Aontaithe. Bhain dlíthe agus údarás Thuaisceart Éireann le Westminster i Londain; ní le Teach Laighean i mBaile Átha Cliath. Seans, ar laethanta seo na neamhchoimhlinte – go maire siad go deo – nach bhfeiceann tú an teorainn chrua agus tú á trasnú ach is ann di. Coinnigh súil ghéar ar na comharthaí bóthair agus feicfidh tú go n-imíonn na comharthaí dátheangacha agus nach mbíonn ina n-áit ach cinn Bhéarla: Welcome to Northern Ireland. An bhfuil an t-athrú sin crua go leor leis an teorainn chrua a chur ar do shúile duit?

Tá teorainn chrua in Éirinn ón bhliain 1921. Athrú oiread agus orlach níor tháinig ar an teorainn chrua sin ó shin. Athrú oiread agus orlach ní thiocfadh uirthi gan toil an tromlaigh. Buartha oiread agus bomaite amháin fúithi, ní raibh mórán polaiteoirí nó mórán de lucht tuairmíochta an Deiscirt ar feadh na mblianta. B’fhearr an teorainn chrua a choinneáil chomh crua agus ab fhéidir ar eagla ár seicteach, a deireadh siad, agus iad ag daingniú a gcuid cumhachta féin. Agus más náisiúntóir ar an taobh thuaidh den teorainn chrua thú, bhuel, bhí ort cur suas le do chuid, bheith aibí faoi do chás. Leoga, chuir polaiteoirí an Deiscirt cinsireacht i bhfeidhm – Alt 31 den Acht Craolacháin – le nach gcluinfí an fhírinne faoin teorainn chrua agus a raibh ag tarlú ar an taobh thuaidh di ar feadh i bhfad.

(Más aisteach sin, is aistí arís go raibh Taoiseach an Stáit ar an taobh theas den teorainn chrua sin, Leo Varadkar, le feiceáil sa Dáil i mí na Samhna agus é ag caitheamh suaitheantais – seamróg de phoipín – a rinne comóradh ar na saighdiúirí céanna a d’imigh as na 26 contae le teorainn chrua a bhunú sna sé chontae. Ní ait go dtí é.)

Tá Varadkar agus a pháirtí agus mórán eile anois buartha faoin teorainn chrua de bharr an Bhreatimeachta ón Aontas Eorpach. Ní raibh siad róbhuartha an lá ab fhearr a bhí siad riamh faoin teorainn chrua agus an drochthionchar a bhí aici sin ar shaol ghlúnta náisiúntóirí ar an taobh tuathail den teorainn chrua. Tá páirtí an airgid buartha faoi, bhuel, tá páirtí an airgid buartha faoi airgead. Tá siad buartha faoin teorainn chrua – ní thabharfaidh siad críochdheighilt go deo uirthi – mar gheall go mb’fhéidir go mbeadh drochthionchar ag an teorainn chrua sin ar chúrsaí eacnamaíochta a Stáit féin. Tá siad intuigthe go maith agus tá ábhar acu bheith buartha agus ba cheart dóibh an cheist a phlé.

An rud nach bhfuil intuigthe ná an histéire a bhaineann leis an cheist nó tá teorainn chrua in Éirinn ó bhí 1921 ann – agus d’fhóir an teorainn chrua sin do chuid mhór daoine i gcumhacht ar an dá thaobh den teorainn chrua. Tá an t-iriseoir seo sean go leor le go bhfuil cuimhne aige ar bheairicí de chuid arm na Breataine ar an teorainn chrua agus tá cuimhne aige fosta mar a dhruid údaráis an Deiscirt an teorainn chrua chéanna agus baol galar crúibe agus béil ann.

Mar sin féin, in ainneoin gach aon éigeandála, tá daoine ag trasnú na teorann crua ó tháinig ann di agus trasnóidh daoine an teorainn chrua i ndiaidh an Bhreatimeachta agus an iaróg seo leis an Aontas Eorpach. Beidh le feiceáil cad é an cruth a bheas ar an teorainn chrua, gan amhras, ach bímis dóchasach nach mbeidh dúnáin agus meaisínghunnaí i gceist.

Tá teorainn chrua in Éirinn ó bhí 1921 ann…

Fág freagra ar 'Tá teorainn chrua in Éirinn ó bhí 1921 ann, thugtaí críochdheighilt uirthi tráth'

  • Diarmaid Ó Mórdha

    Ráite go maith a Phóil.

  • Antain Mac Lochlainn

    An-alt. Maith thú, a Phóil.

  • Iain Ó Leocháin

    Iain Ó Leocháin
    Ceann de na halt is fearr a léigh mé le fada an lá. Iomlán fíor. Teastaíonn altanna mar seo go géar sna 26 contae agus na daoine dall faoin scéal ó thuaidh le nócha sé blian anuas.