Tá teachtaireacht thar a bheith soiléir sa leabhar iontach The Hurlers

Tá go leor leor le foghlaim ó leabhar nua leis an staraí Paul Rouse, agus ní faoin stair amháin é

Tá teachtaireacht thar a bheith soiléir sa leabhar iontach The Hurlers

Craoladh le déanaí an tsraith The Game ar RTÉ, léiriú iontach ar scéal na hiomána ón miotaseolaíocht go dtí bunú CLG agus ar lean. Tugadh an-chuid moladh sna meáin don tsraith agus don léargas stairiúil a bhí ann ar an spórt ársa seo. Bhí an staraí spóirt Paul Rouse ar dhuine de na rannpháirtithe agus é ag trácht ar an gcéad chraobh shinsir a imríodh in 1888, cé gur chraobh 1887 a bhí i gceist. 

Bhuel, tá leabhar nua seolta ag an bhfear céanna anois faoin teideal The Hurlers agus cur síos ann ar na hiarrachtaí a deineadh sna 1880idí chun athbheochan a dhéanamh ar an iomáint agus bonn níos eagraithe a chur fúithi.

The Hurlers léite agam agus caithfidh mé a rá gur bhaineas an-taitneamh as mar scéal agus gur fhoghlaimíos mórán uaidh faoi stair na tíre sna blianta sin. Caithfidh go raibh sé thar a bheith deacair eolas cruinn a fháil faoin ábhar ach tá beagnach tríocha leathanach de nótaí ag Rouse faoi fhoinsí an eolais go léir atá sa leabhar.

Agus tá an t-uafás eolais sa leabhar seo, eolas faoin stair, faoin gcaimiléireacht agus faoin gceannródaíocht, agus faoin gcrógacht agus dílseacht a léirigh scata daoine a thug faoi eagar a chur ar an iománaíocht.

Is iad Michael Cusack , Maurice Davin agus an tArd-Easpag Croke na príomhcharachtair sa scéal seo agus ceannródaithe go smior ab ea iad.

Is go luath  in 1882 a cuireadh tús leis an obair seo nuair a scríobh duine litir chuig an Irish Times faoin ainm cleite Omega ag tabhairt ardmholadh don ‘seanchluiche fearúil’ nach raibh á imirt a thuilleadh sa tír. An lá ina dhiaidh sin, scríobh Michael Cusack chuig an bpáipéar céanna agus na tuairimí céanna aige. Is as na litreacha sin a d’eascair an chéad chruinniú, i mBaile Átha Cliath, faoi eagar a chur ar an gcluiche ársa.

Tá cur síos iontach sa leabhar faoi  stair na linne, faoin gcumhacht a bhí ag an gcléir mar aon leis an gcorraíl a bhain leis an IRB, na Fíníní agus fir chróga an Land League.

Tá cur síos breá ann ar chluichí, ar rialacha agus ar réiteoirí. Bhíodh chuid maith easaontais ar pháirc na himeartha mar nach mbíodh aon rialacha cearta á gcur i bhfeidhm. Bhí sé thar a bheith deacair ar na réiteoirí freisin mar ní raibh aon fheadóg acu i dtús aimsire. Bhíodh mórán argóintí, sáraíochta agus fiú amháin troideanna ag na cruinnithe a eagraíodh chun plé le rialacha agus déantús na bhfoirne. Ach diaidh ar ndiaidh bhí cruth ag teacht ar an gcumann nua seo, Cumann Lúthchleas Gael.

Tá cuid maith sa leabhar freisin faoi chúlra na chéad chraoibhe uile-Éireann sin, craobh 1887 nár imríodh go dtí Domhnach Cásca 1888 i mBiorra. Durlas Éile agus Míleac na Gaillimhe a d’imir agus ba ag na Tiobraid Árannaigh a bhí an onóir an chéad craobh sin a thabhairt leo.

Bhaineas an-phléisiúr as an leabhar seo. D’fhoghlaimíos mórán faoi stair an chluiche agus stair na tíre sna blianta sin. Ach an fhíric is mó a fhanann liom ná nach bhfuil mórán fáis in aon chor tagtha ar an gcluiche iontach seo ós na laethanta sin fadó. Tá an spórt láidir sna contaetha céanna ina raibh sé láidir an uair úd. Tá na foirne céanna in uachtar. Dar ndóigh, tá caighdeán an-ard ag baint leis na cluichí anois agus bíonn lucht leanúna ollmhór ag freastal ar na cluichí idirchontae. Mar sin féin is beag borradh nó fás atá faoin iomáint.

Leabhar thar a bheith suimiúil ina bhfuil teachtaireacht thar a bheith soiléir.

Fág freagra ar 'Tá teachtaireacht thar a bheith soiléir sa leabhar iontach The Hurlers'