Tá teacht aniar sa daonlathas – téarma príosúin 27 bliain gearrtha ar Bolsonaro 

Den chéad uair riamh sa Bhrasaíl, ciontaíodh iaruachtarán as iarracht coup d’état a dhéanamh. Ciontaíodh seachtar leathbhádóirí lena chois

Tá teacht aniar sa daonlathas – téarma príosúin 27 bliain gearrtha ar Bolsonaro 

I mbreith stairiúil, ghearr Cúirt Uachtarach Fheidearálach na Brasaíle téarma príosúin 27 mbliana agus trí mhí ar iar-uachtarán na tíre, Jair Bolsonaro, as iarrachtaí an daonlathas a chur de dhroim seoil agus as bac a chur ar uachtarán reatha na tíre, Luiz Inácio da Silva (Lula), teacht i gcumhacht.

Tharla na hiarrachtaí sin idir an toghchán uachtaránachta deireanach, i nDeireadh Fómhair 2022, a chaill Bolsonaro, agus an 8 Eanáir 2023, nuair a rinne sluaite a thaobhaigh le Bolsonaro ionsaí ar thithe an rialtais san ardchathair, Brasília. Bhí Lula, a bhuaigh toghchán 2022, díreach tagtha i gcumhacht an uair sin.

D’aimsigh na póilíní feidearálacha fianaise go raibh Bolsonaro ar an eolas faoi phleananna an t-uachtarán Lula, an leasuachtarán Geraldo Alckmin, agus breitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí Feidearálaí, Alexandre de Moraes, a dhúnmharú.

Ciontaíodh seachtar eile as na pleananna sin lena chois, Alexandre Ramagem, iarcheannaire sheirbhís rúnda na Brasaíle (ABIN), Almir Garnier, iarcheannfort an chabhlaigh agus Paulo Sérgio Nogueira, an t-iarAire Cosanta, ina measc.

Sna laethanta seo ina bhfuil an daonlathas faoi bhrú ar fud na cruinne, tá tábhacht ar leith ag baint le breith Chúirt Uachtarach Fheidearálach na Brasaíle, agus comhartha láidir dóchais é do mhuintir na Stát Aontaithe, mar shampla: comhartha go mbíonn teacht aniar sa daonlathas chomh fada agus a fheidhmíonn na hinstitiúidí agus an Bunreacht i gceart.

Ach cinneadh stairiúil atá i mbreith na Cúirte i gcomhthéacs na Brasaíle féin chomh maith. Ní hionann agus mórchuid tíortha eile i Meiriceá Theas ina raibh deachtóireachtaí míleata i gcumhacht sna 1960idí, 1970idí agus 1980idí, níor ciontaíodh éinne riamh as an deachtóireacht mhíleata a bhí i bhfeidhm sa Bhrasaíl idir 1964 agus 1985; tugadh pardún do na ginearáil.

Fianaise atá i mbreith na Cúirte, Déardaoin, mar sin, ní hamháin go bhfuil an daonlathas fréamhaithe go daingean sa Bhrasaíl anois ach go bhfuil an tír tar éis teacht in inmhe i gceart mar dhaonlathas.

Bhí Jair Bolsonaro (70) ina uachtarán ar an mBrasaíl idir an 1 Eanáir 2019 agus an 31 Nollaig 2022. Bhí sé ar an uachtarán is coimeádaí agus is conspóidí dá raibh i gceannas ar an tír sin riamh.

Shéan Bolsonaro na líomhaintí ina choinne i gcónaí agus maíonn sé go bhfuil géarleanúint pholaitiúil á déanamh air.

Dúirt uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, méit de chuid Bolsonaro, oíche Déardaoin ‘nach raibh sé sásta’ faoi bhreith Chúirt Uachtarach Fheidearálach na Brasaíle agus dúirt Aire Cúrsaí Eachtracha na Stát, Marco Rubio, gur breith ‘éagórach’ atá ann agus ‘go mbeidh aisfhreagra cuí ag na Stáit Aontaithe ar an bhfeachtas géarleanúna seo’.

Ní raibh Jair Bolsonaro i láthair nuair a fógraíodh an phianbhreith, de bharr cúrsaí sláinte, dar lena chuid dlíodóirí. Beidh deiseanna achomhairc ag an iaruachtarán, atá faoi bhraighdeanas baile agus a bhfuil air bráisléad a chaitheamh timpeall ar a rúitín ón 18 Iúil i leith.

Fág freagra ar 'Tá teacht aniar sa daonlathas – téarma príosúin 27 bliain gearrtha ar Bolsonaro '