‘Tá siad imithe suas cheana féin?’ arsa Fear na bhFeaigeanna…

Ach, tá maidineacha ann agus níl aon réiteach eile orthu ach caife láidir agus seacláid láidir tríd…

‘Tá siad imithe suas cheana féin?’ arsa Fear na bhFeaigeanna…

‘An bhfuil caoga cent curtha ar na feaigeanna?’ a d’fhiafraigh an fear ag barr an scuaine d’Fear an Gharáiste maidin lá arna mhárach théis Buiséad 2020. 

Bhí trácht na maidine ag cruinniú i siopa an gharáiste ar bhóthar Thrá na gCeann is an scuaine ag bogadh go mall inniu, na breoslóirí, na nicitíneoirí is na caiféineoirí. Daoine. 

‘Tá,’ a d’fhreagair Fear an Gharáiste, agus cuma na tuirse air. Déarfá ag breathnú air, gur mhaith leis a bheith in áit éicint eile an mhaidin seo. Áit éicint i bhfad ó fhógraí buiséid is ó cháin charbóin is tobac. 

‘Tá siad imithe suas cheana féin?’ a d’fhiafraigh Fear na bhFeaigeanna agus iontas ina ghlór. 

‘Tá,’ arsa Fear an Gharáiste. Níorbh é an chéad uair aige an comhrá céanna a bheith aige ar maidin. 

Bhí cúigear nó seisear sa scuaine anois. Duine ag cuimilt a shúile, duine ar an bhfón, duine ag croitheadh €20 san aer i dtreo an chuntair agus é ag iarraidh íoc as an mbreosla a bhí curtha sa gcarr aige. 

Ba gheall le bratach bhán an scór euro a bhí in airde aige. Ní raibh aon troid aige leis an ardú ar an mbreosla. ‘Tóg an diabhal airgead,’ a thuigfeá ón nóta airgid. ‘An bhfuil cead agam an scuaine a scipeáil?’ 

Ach níor dhúirt sé tada de sin os ard. Lean sé air go socair ag seasamh sa scuaine is ag imeacht ó chos amháin go cos eile is a dhá shúil ar bior, ag imeacht ó dhuine go duine. 

Bhí mé thall ag an meaisín caife.

Níor cheart dom a bheith ann ar chor ar bith, ós rud é gur mhionnaigh mé, agus níl sé i bhfad ó shin, nach mbeadh mé ag ceannach caife níos mó.

Ach, tá maidineacha ann agus níl aon réiteach eile orthu ach caife láidir agus seacláid láidir tríd. 

Sheas mé ansin go codlatach ag breathnú ar an gcupán is é ag líonadh go mall. Beidh dhá spúnóg siúcra ag teastáil inniu, a chuimhnigh mé.

Lean Fear na bhFeaigeanna air, ‘Só, caoga cent sa mbreis ar an mbosca?’ 

Mheas mé go raibh spiorad Fhear an Gharáiste imithe as a chorp go áit éicint eile. Chonaic mé aoibh shuaimhneach, shíochánta ag teacht ar a éadan, d’imigh na roiceanna óna bhaithis, scal solas beannaithe ina shúile. 

Áit i bhfad i gcéin a bhí sé anois, ag eitilt ar an gcéim spioradálta. D’fhan a chorp ag an scipéad, ach sílim gur imigh a anam ar thuras aislinge. D’imigh sé i bhfad ó ruaille buaille na tráchtála is ó ghnóthaí fánacha an chine dhaonna. 

Iolair ar an sciathán a bhí ann, thuas, thuas, i bhfad ó bhreoslóirí, caiféineoirí, is nicitíneoirí.

Thuas i measc na néalta a bhí sé, saor, saor, saor. 

‘Scór Benson, mar sin,’ arsa Fear na bhFeaigeanna go fulangach is é ag cartadh i bpócaí a threabhsair. 

Fág freagra ar '‘Tá siad imithe suas cheana féin?’ arsa Fear na bhFeaigeanna…'