‘Tá sé samhnasach’ – lóistín ar bith d’fhoirne na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Deir Coiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta go bhfuil deacrachtaí ann maidir le lóistín d’fhoirne na mban agus le struchtúr chomórtas na mban

‘Tá sé samhnasach’ – lóistín ar bith d’fhoirne na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Rhian Kenny (Maigh Cuilinn) ag imirt i gcoinne An Tearmainn ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá sé ina raic faoin scéal go bhfuil lóistín á socrú d’fhoirne na bhfear agus do ‘na Cailíní Gaelacha’ a bheidh ag freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta ach nach amhlaidh an cás d’fhoirne na mban.

Tá ráite ag cumann Naomh Anna Leitir Móir, a bheidh i mbun Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta faoi Chincís i mbliana, nach bhfuil sé ar a gcumas lóistín a chur ar fáil d’fhoirne na mban a cháiligh don chomórtas náisiúnta i mbliana, mar gheall ar easpa lóistín.

Deir an cumann go mbeidh fáilte roimh fhoirne na mban teacht ach gur fúthu féin atá sé lóistín a aimsiú.

Ó thaobh lóistín de, go traidisiúnta, is é an cumann a bhíonn i mbun an Chomórtais Náisiúnta a shocraíonn an lóistín, ach is cosúil gur lóistín d’fhoirne na bhfear amháin a shocraíonn siad agus nach ndéanann amhlaidh do na mná.

I ráiteas a sheol Róisín Nic Leoid, Cathaoirleach Chumann Naomh Anna Leitir Móir, chuig Barrscéalta ar Raidió na Gaeltachta, dúirt sí nach bhfuil sé “féaráilte” ar na cumainn áitiúla, atá faoi bhrú mór cheana féin, a bheith ag eagrú struchtúr chomórtas na mban, go háirithe i bhfianaise “gan aon struchtúr cumarsáide idir na réigiúin” a bheith i bhfeidhm.

Dúirt Nic Leoid chomh maith go dtéann an cruth atá fágtha ar an gcomórtas “in aghaidh gach a gcreideann muid féin ann”.

“Níl aon leigheas ach coiste náisiúnta a bhunú a thabharfaidh faoin struchtúr atá ag teastáil a chruthú,” ar sí.

Anuas ar na fadhbanna a bhaineann le cúrsaí lóistín, ní bheidh comórtas idirmheánach á reáchtáil do na mná. Is cúis díomá é seo don fhoireann idirmheánach as Dún na nGall a bhain Craobh an Chontae sa gcomórtas Dé Luain seo a chuaigh thart. Ciallaíonn sé go mbeidh ar an bhfoireann sin fanacht sa mbaile.

Ag labhairt dó ar Barrscéalta, dúirt Seán Ó hEarcáin, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta, gur cinnte go bhfuil deacrachtaí ann le lóistín agus le struchtúr chomórtas na mban.

“Tá deacracht ann cinnte, agus tá deacrachtaí ann le blianta. Tá sé léirithe go soiléir ansin ag Naomh Anna Leitir Móir, mar gheall ar chomórtas na mban. Is é an fhadhb atá ann ná nach bhfuil struchtúr ar bith leagtha amach,” ar sé.

“Níl eolas againne agus níl baint dhíreach againne leis. Sílimse gur cheart go mbeadh coiste nó b’fhéidir coistí áitiúla ag na mná iad féin, agus go mbeadh ionadaithe acu ag an gcruinniú cinn bhliana, díreach mar a bhíonn ag na fir. I gceantair Ghaeltachta cosúil le Leitir Móir bíonn deacrachtaí móra lóistín a chur ar fáil do níos mó ná 20 foireann. Tá fadhbanna móra i Leitir Móir i mbliana ó thaobh lóistín.”

É sin ráite, deir Ó hEarcáin go gcuirfear lóistín ar fáil “cinnte” do na Cailíní Gaelacha, iad siúd atá ag glacadh páirte sa chomórtas sin.

Dúirt duine de himreoirí le Laochra Loch Lao i mBéal Feirste, Caoimhe Ní Chathail, go bhfuil siad “ar buile” faoin scéal.

“Tá muidne iomlán ar buile faoi seo,” ar sí. 

“Tá muid ag déanamh go bhfuil sé samhnasach, gur léiriú iomlán é ar an dímheas atá ar pheil na mban. Sílim go bhfuil sé furasta bheith ag caint fá na pleananna ar cheart a dhéanamh do pheil na mban, ach cad chuige agus cén dóigh a bhfuil comórtas na mban ag cur iontas ar dhaoine? Cén dóigh a bhfuil an t-eagrú seo ar an gcomórtas ag teacht aniar aduaidh ar an gcomórtas nuair a tharlaíonn sé achan bhliain?

“Tuigeann muid go maith go bhfuil fadhbanna le lóistín, ach cad chuige nach bhfuil na fadhbanna sin ann do na fir? Cad chuige go bhfuil an tosaíocht acu sin? Cad chuige nach bhfuil comórtas peile na Gaeltachta ag seasamh do chothromaíocht agus do mheas do pheil na mban? 

“Tá muidne ag déanamh gur leithcheal iomlán é seo ar pheil na mban. Bhí muid ag súil leis an gcomórtas le trí bliana, bhí trí bliana i gceist anseo le bheith eagraithe agus le bheith ag déanamh teagmhála. Cad chuige a bhfuil muid in áit na leathphingine arís?”

Deir Caoimhe Ní Chathail go gcaithfear an cinneadh a ghlacadh anois gur gá don chomórtas seo a bheith faoin choiste náisiúnta, gur gá an meas céanna a thaispeáint do chluichí na mban agus atá do chluichí na bhfear, agus gur cheart ag dul chun tosaigh go mbeadh áit do na mná agus go mbeadh siad ar chomhchéim.

“Ag smaoineamh fá fanacht an oiread sin ama ar an chomórtas agus gan a bheith ag dul mar gheall nach bhfuil fáil ar lóistín, tá sé cineáilín dochreidte,” ar sí. 

Fág freagra ar '‘Tá sé samhnasach’ – lóistín ar bith d’fhoirne na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta'

  • Liam

    Smaoineamh amháin.Lig dos na mná a gcomórtas féin a reachtail, ar dheireadh seachtaine a bheadh in oiriúint dóibh, ar láthair oiriúnach, le pé mhéid comórtaisí go mba mhaith leo. Níl ach an dá Roinn ann dos na fir, ach cé a chinn go mbeadh trí chomórtas i bPeil na mBan? Cé’n treoir nó cén chabhair a thagann ó LGFA na mBan go Náisiúnta don Chomórtas? In ainm Dé, ní féidir gach rud a sholáthar ar phláta daoibh, gan rannpháirtíocht ná teangbháil agaibh leis an gCoiste Eagraithe. Tá sé in am ag na mná a gcúram féin a snasú.