‘Tá sé níos dainsearaí’ – Imní léirithe faoi úsáid an AI sa tseirbhís phoiblí chun eolas a aistriú agus a scaipeadh

Tá treoirlínte nua foilsithe ag an rialtas d’úsáid na hintleachta saorga ach tá imní léirithe ag aistritheoirí gairmiúla go bhféadfaí eolas míchruinn a scaipeadh i nGaeilge mura mbíonn daoine daonna ag plé leis an aistriúchán

‘Tá sé níos dainsearaí’ – Imní léirithe faoi úsáid an AI sa tseirbhís phoiblí chun eolas a aistriú agus a scaipeadh

Tá imní ar aistritheoirí gairmiúla faoi úsáid na hintleachta saorga in obair aistriúcháin sa tseirbhís phoiblí. De réir na dtreoirlínte d’úsáid na hintleachta saorga a d’fhoilsigh an rialtas an tseachtain seo caite, tá cead ag státseirbhísigh uirlisí AI a úsáid le heolas atá le scaipeadh ag an rialtas a aistriú agus le haistriúcháin a dhéanamh ar fhoilseacháin de chuid an rialtais.

Maítear sa cháipéis Guidelines for the Responsible Use of Artificial Intelligence in the Public Service, atá ar fáil i mBéarla amháin, gur fíorbheag an riosca atá ag baint le húsáid AI le cáipéisí a aistriú nó nach bhfuil riosca dá laghad ann.

Sa rannóg ‘Types of tasks AI can be used for in public services’ luaitear an t-aistriúchán i gcomhthéacs éascú na cumarsáide agus i gcomhthéacs na giniúna ábhar:

‘Language translation: providing translation of government-issued information into multiple languages.

‘Content generation: automatically generating translations of government publications.’

Níl roinnt aistritheoirí gairmiúla ar labhair Tuairisc leo ar aon intinn leis an rialtas faoin riosca “fíorbheag” sin, áfach, agus imní orthu go bhféadfaí eolas míchruinn a scaipeadh i nGaeilge agus i dteangacha eile mura mbíonn daoine daonna ag plé leis an aistriúchán.

Dúirt Seán Hade, iarCheann Aonaid na Gaeilge i gCoimisiún na hEorpa, le Tuairisc go bhfuil uirlisí leictreonacha aistriúcháin in úsáid ag aistritheoirí gairmiúla le fada an lá ach gur “rud eile ar fad” é an intleacht shaorga agus go bhfuil sé i bhfad “níos dainséaraí” a leithéid a úsáid le cáipéisí oifigiúla a aistriú.

“Bhí uirlisí ann cheana, ach an rud a bhí i gceist leo ná ‘cuimhní leictreonacha’. Rudaí a d’aistrigh daoine daonna cheana agus a sábháladh sna cuimhní. Rud a chruthaigh aistritheoir a bheadh ann – frásaí a thagann aníos sna doiciméid arís agus arís. Tagann siad amach go huathoibríoch agus bíonn siad úsáideach go pointe.

“Is rud eile ar fad é an AI. Is ag ‘aistriú’ as an nua, bunaithe ar fhoclóir agus teasárais agus gan aon ionchur daonna ann. Tá sé sin níos dainséaraí, tá siad ag brath ar dhuine le súil a chaitheamh ar an aistriúchán saorga sin, aistriúchán atá déanta ag ríomhaire nach féidir leis athbhreithniú a dhéanamh ar a obair féin,” a dúirt Hade.

Dúirt sé go bhfuil an baol mór ann go mbeadh státseirbhísigh nach bhfuil aon tuiscint acu ar an teanga ná ar cheird an aistriúcháin fágtha i mbun an chúraim agus go bhfoilseofaí eolas atá míchruinn nó contúirteach dá bharr.

“Mura bhfuil an cumas ag an léitheoir súil a chaitheamh ar an dréacht ní féidir muinín a chur sa cháipéis. Abraimis go bhfuil gnáth-státseirbhíseach sa Roinn Sláinte i mbun cáipéis ar imdhíonú in aghaidh galar éigin a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge. Mura bhfuil sé de chumas ag an státseirbhíseach sin a rá go bhfuil an doiciméid sin gan locht, conas is féidir a rá gur comhairle mhaith chruinn cheart don léitheoir Gaeilge é? Ní féidir.

“Sin an laige is mó atá ann. Mura bhfuil an duine sa Roinn nó sa rannóg in ann a rá go bhfuil an doiciméid seo maith go leor, nó nach bhfuil sé míchruinn ar aon bhealach conas is féidir glacadh leis go bhfuil an doiciméid sábháilte? Ní féidir, agus sin bun agus barr an scéil,” a dúirt sé.

Tá Sinéad Ní Ráinne, stiúrthóir an chomhlachta aistriúcháin Europus i gConamara, den tuairim nach féidir brath ar uirlis nach dtuigeann “comhthéacs ná réimse teanga”.

“Bíonn imní orainn faoi na rudaí seo ar fad, ón méid a fheiceann mise de na huirlisí ag an bpointe seo tá sé fós contúirteach. Ní thuigeann siad an comhthéacs ná an réimse teanga agus mura ndéanfar eagarthóireacht ghéar ar an téacs ní féidir muinín a chur ann. Ní dóigh liom go bhfuil an intleacht shaorga i riocht fós aistriúcháin gan eagarthóir a dhéanamh.

“Tá difear idir an meaisín-aistriúchán agus an AI. Bíonn uirlisí in úsáid ag aistritheoirí gairmiúla – Trados mar shampla – a dhéanann an obair níos éifeachtúla ach ní hionann é agus an rud atáthar a dhéanamh leis an intleacht shaorga,” a dúirt Ní Ráinne.

Dúirt sí gur “údar imní” do leithéidí Europus an méid atá i dtreoirlínte an rialtais faoin aistriúchán ach nach bhfuil sé ag cur isteach ar an ngnó faoi láthair.

“Is údar imní é do chomhlacht ar nós Europus, níl dabht ar bith faoi sin, ach níl siad ar aon chineál bealach i riocht scaoileadh leo astu féin gan eagarthóireacht, gan ceartú, agus gan obair mhór a dhéanamh ina dhiaidh.

“Obair ar bith atá aon bhealach cruthaitheach, déanann sé brachán di sin. B’fhéidir go mbeadh sé úsáideach i gcás ábhar atá an-fhoirmeálta agus go leor athrá ann ach i gcás brollach ag tús tuarascála ó Aire, dhéanfadh sé brachán de sin,” a dúirt sí.

Dála Sheáin Hade, dúirt Ní Ráinne go bhfuil sí in amhras faoi cé chomh cúramach is a bheadh na hoibrithe sna ranna rialtais faoin bprofléitheoireacht sa chás go mbeadh an intleacht shaorga á húsáid le cáipéisí a aistriú.

“Déanfar dochar mura ndéanfar cúram den Ghaeilge a bheifear a fhoilsiú leis an teicneolaíocht nua seo. Níl a fhios agam cé chomh cúramach is a bheidh ranna rialtais áirithe faoin bprofáil, an ndéanfaidh siad ar chor bith é? Cinnte dearfa, déanfaidh sé dochar má ghlactar leis go forleathan agus mura mbíonn daoine oilte ag plé leis, daoine atá oilte i gceird an aistriúcháin féin,” a dúirt sí.

Dúirt Hade go bhfuil uirlis AI forbartha ag Coimisiún na hEorpa ach gur “uirlis phríobháideach” í atá “ceaptha a bheith níos sábháilte”.

“Tá na huirlisí seo á n-úsáid ag aistritheoirí sna hinstitiúidí, ach is uirlis phríobháideach atá ag an gCoimisiún féin agus tá sé sin ceaptha a bheith níos sábháilte. Tá daoine fostaithe ann le súil a chaitheamh ar na doiciméid seo, idir aistritheoirí gairmiúla agus phrofléitheoirí. Tá profléitheoirí fostaithe ann díreach le súil a chaitheamh ar na dréachtaí a chuireann an uirlis amach.

“Ach cé a bheidh ann sna ranna stáit in Éirinn? Tá sé deacair a chreidiúint go mbeidh go leor daoine ann le tabhairt faoin obair sin. Fiú i rannóg an aistriúcháin, an rannóg a aistríonn an reachtaíocht do stát na hÉireann, ní úsáideann siadsan rud ar bith mar sin. Má cheapann Roinn an Taoisigh go bhfuil [aistriúchán AI] chomh maith sin, cén fáth nach n-úsáideann Rannóg an Aistriúcháin é? Mar ní féidir muinín a chur ann,” a dúirt sé.

Thagair Hade don sprioc atá ag an státseirbhís go mbeadh an Ghaeilge ag 20% ag daoine a fhostófaí chun na seirbhíse ach dúirt nach ionann cumas sa Ghaeilge agus scil mar aistritheoir.

“An bhfuil siad chun an 20% seo a mbeidh Gaeilge acu a chur ag profléitheoireacht cáipéisí a aistrítear leis an intleacht shaorga? Beidh an Ghaeilge acu ach an mbeidh Gaeilge sách maith acu le profléitheoireacht mar sin a dhéanamh?

“Tá luach ag baint le huirlisí nua, ach murar féidir seasamh leis na haistriúcháin, do lámh a chur suas agus a rá ‘geallaim go bhfuil siad sin cruinn ceart agus intuigthe’, conas is féidir é sin a chur amach?” a dúirt sé.

Ní luaitear an Ghaeilge ná teanga ar bith eile sna hailt in Guidelines for the Responsible Use of Artificial Intelligence in the Public Service ina luaitear an t-aistriúchán. Is cosúil go mbeidh cead ag státseirbhísigh an intleacht shaorga a úsáid le hábhar a aistriú ón mBéarla go teanga ar bith, rud a chruthódh fadhbanna do dhaoine nach bhfuil mórán Béarla acu, dar le Hada.

“Má aistrítear téacs go hAraibis nó go Svahaílis, conas is féidir a chinntiú go bhfuil sé sin ciallmhar agus inléite? Mura bhfuil an teifeach in ann ciall a bhaint as an leagan ina theanga féin conas is féidir leis casadh ar dhoiciméid as Béarla a d’fhéadfadh a bheith thar a bheith casta teicniúil agus iad sin a léamh?

“Bheadh cúrsaí i bhfad níos measa do theifigh agus do dhaoine atá thíos le fadhbanna leighis agus sóisialta eile. Más doiciméad tábhachtach é a bhaineann le hábhar tábhachtach ba cheart é a chur amach chuig comhlachtaí aistriúcháin,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Tá sé níos dainsearaí’ – Imní léirithe faoi úsáid an AI sa tseirbhís phoiblí chun eolas a aistriú agus a scaipeadh'