Tá sé in am Oireachtas na Samhna a laghdú lena chosaint ó shlua callánach Béarlóirí Steip

Léamhthuiscint 13 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Tá sé in am Oireachtas na Samhna a laghdú lena chosaint ó shlua callánach Béarlóirí Steip
  1. Dhá lá a bhí muid ag Oireachtas na Samhna. Bhain muid sult as ach má bhain féin chuir sé beagán imní ormsa. Feictear dhom go bhfuil sé thar am díospóireacht dhomhain a thosú faoin treo a bhfuil an tOireachtas ag dul. Tá an chontúirt ann gurb é múnla Mhod na hAlban a bheas againn sa deireadh agus go mbeidh an Ghaeilge fágtha in áit na leathghine. Cloigne in áit Gaeilge atá ó lucht an Oireachtais, a dúirt cara liom. Síleann siad, a dúirt sé, má bhíonn líon na ndaoine a dhéanann freastal air ag méadú ó bhliain go bliain gur cruthú é sin go bhfuil ag éirí go breá leis an bhféile. Ní dóichí go bhfuil siad chomh dallintinneach sin ach tá cuid den fhírinne ann.
  2. In áit a bheith ag iarraidh an tOireachtas a mhéadú b’fhéidir gurbh amhlaidh ab fhearr é a laghdú agus an Ghaeilge a bheith i dtús agus i ndeireadh gach véarsa, mar deir an t-amhrán. Is deacair labhairt na Gaeilge a choinneáil slán nuair atá slua callánach Béarlóirí ag fálróid ar fud na háite ag fanacht leis na comórtais damhsa ar an sean-nós. Is breá an chaoi ar tháinig an damhsa ar an sean-nós chun cinn ar ndóigh. Bhí 200 damhsóir, idir óg agus aosta, istigh ar na comórtais i mbliana. B’éigean a líon a laghdú go dtí 60 iomaitheoir leis na réamhbhabhtaí. 
  3. Is cumasach an craoladh a dhéanann TG4 ar Steip ach tá na comórtais seo chomh foirfe anois gur cheart iad a dhealú ón mbun-Oireachtas agus a stáitse féin a thabhairt dóibh i mbaile éigin eile. D’fhéadfaí iad a thabhairt ar láimh do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, cuir i gcás. Ba cheart an tráchtaireacht nádúrtha a dhéanann Joe Ó Dónaill a choinneáil agus an craoladh a bheith ar TG4 mar a bhíonn faoi láthair.
  4. Caithfear a rá arís agus arís eile gurb í an Ghaeilge bunchloch an Oireachtais. Ba cheart béim a choinneáil i gcónaí ar na comórtais atá i nGaeilge. Is maith a thuig Ceannaire TG4, Alan Esslemont, é sin nuair a d’ordaigh sé an clár Lár Stáitse a chur ar an scáileán. Nach iontach an spreagadh do dhaoine óga iad féin a fheiceáil ar an teilifís. Cé mhéad duine óg de Bhéarlóirí na tíre a fuair an deis sin riamh?
  5. Maidir leis an amhránaíocht ar an sean-nós trua Mhuire a bheadh ann dá n-imeodh an tseoid sin in éag. Ach dá fheabhas í mar ealaín caithfear a choinneáil i gcuimhne i gcónaí nach ar an gcineál sin amhránaíochta is mó atá tóir ag muintir na Gaeltachta. ‘Country and Western’ a rogha siúd. B’fhearr le go leor acu cúpla stéibh ó Mhick Flavin ná ar casadh d’amhráin ar an sean-nós ar fad i gCill Airne i gcaitheamh na seachtaine. 
  6. Ar ndóigh is féidir amhráin den chineál sin a chur i nGaeilge freisin agus a chumadh as an nua go deimhin. Céard faoi na hamhráin a chasann John Beag na nAncairí agus amhránaithe eile nach é? Nár cheart comórtas faoi leith a bheith ann nach mbeadh cead a chasadh ach amhráin a cumadh ó bunaíodh Raidió na Gaeltachta? D’fhéadfadh Raidió na Gaeltachta urraíocht a dhéanamh air.
  7. Tráthnóna Dé Sathairn i gCill Airne a léiríodh dúinne a riachtanaí is atá sé áit na Gaeilge a choinneáil d’fheacht agus go háirid san Oireachtas. Chuaigh mé féin agus mo bhean chéile chuig an gcomórtas damhsa ar an sean-nós ach b’éigean dúinn é a fhágáil tar éis tamaill. Theastaigh uaithise a dhul chuig dráma Johnny Chóil Mhaidhc An Mhéar Fhada agus níor mhian liomsa an Mórsheoladh Leabhar a bhí ag an Leabhar Breac a chailleadh. Ag an trí a chlog a bhí an dá imeacht Ghaelacha sin ar bun. B’fhiú go mór a bheith ag an seoladh leabhar. Tháinig an bhean chéile ar ais agus í thar a bheith moltach ar gach a bhfaca sí agus ar chuala sí ag an dráma. Nach iontach an slacht a chuir an dá ócáid sin ar an nGaeilge? Ach bhí siad ag teacht salach ar a chéile ag a trí a chlog tráthnóna fad agus a bhí na Béarlóirí ag baint aithinní as an stáitse sa gcomórtas damhsa ag an am céanna.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cén fhad a chaith an t-údar ag Oireachtas na Samhna? (alt 1)
  2. Cén fáth a luaitear Albain? (alt 1)
  3. Céard atá ó lucht an Oireachtais, dar le cara an údair? (alt 2)
  4. Cén moladh atá ag an údar in alt 2?
  5. Cad deirtear faoin damhsa ar an sean-nós in alt 2?
  6. Luaigh dhá rud a deirtear faoin gcomórtas Steip in alt 3.
  7. Cad é an spreagadh a thugann an clár Lár Stáitse do dhaoine óga? (alt 4)
  8. Cén fáth a luaitear ‘Country and Western’ in alt 5?
  9. Cad iad na himeachtaí a bhí ag tarlú tráthnóna Dé Sathairn? (alt 7)

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Cén fáth ar scríobh an t-údar an t-alt seo, meas tú?
  2. An aontaíonn tú le dearcadh an údair? Cén fáth?
  3. An bhfuil aon ní gur féidir a dhéanamh lena chinntiú go bhfanfaidh an Ghaeilge i lár an aonaigh ag an Oireachtas?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar saor sa mhodh coinníollach in alt 3.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’aidiacht bhriathartha in alt 1.
  • Sracfhéachaint ar an aimsir láithreach:
    • (Bain + mé) an-taitneamh as scannáin aicsin.
    • (An + síl + tú) go bhfuil réiteach na faidhbe ag Síle?
    • (ní + labhair + sé) le duine bith ar an bhfoireann.
    • (Ní + craol) RTÉ a dhóthain cláir as Gaeilge.

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:

An raibh tú riamh ag Oireachtas na Gaeilge? Déan cur síos ar cén chaoi ar éirigh leat.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna:
    • ar thaitin sé leat? cén fáth?
    • cad iad na himeachtaí a bhí ar siúl?
    • céard a cheap tú den rud ar fad?
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Tá sé in am Oireachtas na Samhna a laghdú lena chosaint ó shlua callánach Béarlóirí Steip'

  • Séamas Mac Coitir, Bearna.

    Tá a fhios ag fia agus fiolar an drochbhail atá ar staid na Gaeilge i gcoitinne. Ar an ábhar sin, aontaím go huile agus go hiomlán leis na tuairimí atá i gceist ag an scríbhneoir sa chás seo. Os a choinne sin, ní féidir le duine é a bheith ina ghruth is ina mheadhg aige – mura mbíonn na sluaite i láthair ag na himeachtaí éagsúla, ní móide go bhféadfaí an tOireachtas a reáchtáil ar chor ar bith cheal airgid. Sin é mo scéalsa.