Tá na dragain fillte ach ní haon Game of Thrones é seo

Is iontach an rud é a bheith ar ais i ndomhan Game of Thrones ach is ar éigean go mbuailfeadh an tintreach faoi dhó

Tá na dragain fillte ach ní haon Game of Thrones é seo

B’fheiniméan idirnáisiúnta é Game of Thrones agus faoin tráth gur tháinig sé chun críche in 2019 bhí mórán ar fud an domhain faoi dhraíocht ag an tsraith fhoréigneach, thíriúil, eipiciúil seo a dhein an fhantaisíocht a chniotáil go cumasach leis an drámaíocht. 

Sí tuairim na coitiantachta gur cuireadh clabhsúr patuar go maith le scéal thír na seacht ríocht, rud a fhágann smál ar an tsraith. Ina dhiaidh sin féin ba ghaisce teilifíse a bhí sa saothar agus ní fhéadfaí gan filleadh ar dhomhan sainiúil, uathúil George R.R. Martin. 

Ní fhéadfaí réamhscéal a thabhairt ar House of the Dragon (Sky Atlantic agus NOW TV, Dé Luain) óir go bhfuil sé lonnaithe breis agus 170 bliain roimh eachtraí Game Of Thrones agus gan aon charachtar ón tsraith sin le feiscint ann dá réir. 

‘Séard atá ann i ndáiríre ná scéal ón domhan céanna faoi shinsir mhuintir Game Of Thrones. An mbainfear amach buaicphointí Game Of Thrones? Bíonn tú ag snámh in aghaidh easa agus tú ag iarraidh lorg saothar rathúil a leanúint agus téann iarrachtaí sa bhfraoch an-mhinic. 

B’eisceacht é Better Call Saul. Tá sé róluath breithiúnas críochnúil a thabhairt ar an tsraith seo i ndiaidh aon chlár amháin ach tá tréithe agus gnéithe éagsúla le sonrú cheana féin.  

Tá cairéal caite ag HBO ar an tsraith seo agus ón gcéad luí súl tá a fhios agat go bhfuil tú ar ais in Westeros; an tírdhreach, na cultacha, an chaint. Tá an foréigean, an nochtacht agus an tíriúlacht le sonrú go láidir, mar is dual do shaothar sa domhan seo. Ní chuirtear aon fhiacail sna radharcanna gnéis agus foréigin. Bhain seo siar asainn in 2011 ach ní hamhlaidh atá anois, a déarfainn. 

An bua is mó a bhí ag Game Of Thrones ó thosach ná go raibh scéal ollmhór á insint leis an iliomad carachtar éagsúil a bhí suimiúil, geanúil agus gránna. Ní ag trácht ar na príomhcharachtair amháin atáim ach ar charachtair thánaisteacha cosúil le The Hound, Lady Mormont agus Olenna Tyrell. 

Bhíomar i dtíortha agus mór-ranna éagsúla. 

Cuimhnigh nár bhuail beirt de na príomhcharachtair, Jon agus Daenerys, le chéile go dtí séasúr a 7 agus cuireadh príomhcharachtar eile de dhroim seoil sa chéad séasúr. Lena chois sin ar fad bhí bithiúnaigh bhreátha againn ar fud na mball: Rí na hOíche, The Mountain agus Cersei. Taibhsítear dom nach mbeidh an tsraith seo chomh scóipiúil céanna lena réamhtheachtaí; ó thaobh an scéil ná ó thaobh na gcarachtar. 

Faoi mar a luadh thuas tá an scéal seo suite breis agus 170 bliain roimh eachtraí Game Of Thrones. Tá muintir Targaryen i mbarr a maitheasa agus tuairim is deich ndragan acu le namhaid a choimeád ó dhoras. Tá an rí Viserys (Paddy Considine) i ngalar na gcás mar nach bhfuil aon oidhre mic aige. Tá a dheartháir Daemon (Matt Smith) agus a aintín Rhaenys (Eve Best) ag faire ar a seans. Scéiméireacht, comhcheilg agus uisce fé thalamh. Gné thábhachtach eile de chuid Game Of Thrones. 

Tarlaíonn na heachtraí ar fad i Kings Landing agus níl aon radharc ar dhaoine ó thíortha eile nó bithiúnach osnádúrtha. Tosach réasúnta maith ach ní haon Game Of Thrones é an dragan nua. 

Fág freagra ar 'Tá na dragain fillte ach ní haon Game of Thrones é seo'