Ní ábhar mór iontais é, is dócha, nach bhfuil móramh an phobail sásta leis an gcaoi ar dhéileáil an Rialtas leis an bpaindéim, ach is buille suntasach don Rialtas é mar sin féin.
Dar le pobalbhreith a foilsíodh san Irish Times, ní raibh ach 45% den tuairim go raibh jab maith á dhéanamh ag an Rialtas (titim 15%) agus 51% a dúirt nach raibh.
Bhí tacaíocht pháirtithe na Bunaíochta laghdaithe freisin – 30% ag Fine Gael, 14% ag Fianna Fáil agus 3% ag Páirtí an Lucht Oibre. Sin 47% eatarthu. Níl an freasúra aontaithe, ach bunaithe ar na figiúirí sin is léir gur féidir an Bhunaíocht a ruaigeadh as oifig.
Tá sé ait ar bhealach go bhfuil an mhíshástacht seo leis an rialtas i dtaobh na paindéime chomh soiléir anois agus tús curtha – bíodh sé ina thús mall ciotach is déanach – le cur i bhfeidhm an chláir vacsaínithe.
Is cosúil go gceapann cuid mhór den phobal go raibh an iomad maíomh folamh ann. Cuirtear an chaint faoin soláthar vacsaíní i gcomparáid leis na figiúirí i Sasana, agus ar ndóigh i dTuaisceart na hÉireann, agus is léir nach bhfuil muid ag déanamh go maith.
Ach, thar aon rud eile, ceapaim, ní thuigeann an pobal cén fáth nach bhfuil an Rialtas sásta coraintín éigeantach a chur i bhfeidhm ar gach duine a thagann isteach sa tír, agus ní hamháin daoine as fiche tír atá ainmnithe.
Cuirtear leis an bhfearg faoi seo, nuair a thugtar le fios gur mar gheall ar muid a bheith san Aontas Eorpach nach cóir dúinn scéim chuimsitheach a chur i bhfeidhm.
Go deimhin, i rith na seachtaine thug Coimisiún an Aontais Eorpaigh sainordú do roinnt ballstát –an Ghearmáin agus an Bheilg ina measc – gan srianta taistil a chur i bhfeidhm ar dhaoine ó bhallstáit eile.
Ní cheapann éinne go dtabharfaidh na ballstáit seo aon aird ar an sainordú, ach tabharfaidh muidne, is cosúil, toisc go dteastaíonn uainn a bheith níos dílse don Aontas ná dream ar bith eile fiú má ligtear cineálacha nua den víreas isteach sa tír seo.
Níor chabhraigh sé leis an rialtas ach an oiread go mbíodh rudaí difriúla á rá ag daoine difriúla sa rialtas, maidir le hathoscailt na scoileanna mar shampla.
Cuireann an útamáil leis an tuairim nach bhfuil a fhios acu céard atá á dhéanamh acu agus gur ar éigean Dé a bhíonn siad ag labhairt in aon chor. Agus má deir Micheál Martin rud amháin, caithfidh Leo Varadkar rud eile a rá.
Ach bhfaca sibh an tseafóid nuair a labhair an Taoiseach le muintir na tíre?
Nuair a rinne Varadkar é tá bliain ó shin chuaigh sé i bhfeidhm ar dhaoine, dúirt sé na rudaí ar theastaigh uathu a chloisteáil – agus cuireadh go mór le seasamh Fhine Gael i measc an phobail.
Tá cúpla iarracht déanta ag Micheál Martin an cleas céanna a dhéanamh, ach níl ag éirí leis. Go deimhin, bhí an chuid is mó dá raibh le fógairt aige an tseachtain seo caite ar eolas againn cheana, an mórscéal faoi athoscailt na scoileanna san áireamh.
D’fhéadfadh sé an óráid sin a dhéanamh sa Dáil, agus ba chóir gur sa Dáil a dhéanfaí é. Ach dá mba amhlaidh go ndéanfadh sé ansin í, bheadh deis ag an bhfreasúra ceisteanna a chur air agus laigí an phlean a léiriú. Chaithfí a leithéid a sheachaint ar ais nó ar éigean.
Scéal a insint seachas eolas a thabhairt ba chuspóir leis an searmanas, is chuir sé, measaim, le míshástacht an phobail.
Níl aon mhaitheas i gcleasaíocht. Riaradh ceart, stuama, ábalta atá ag teastáil.
Fiú má tá praiseach déanta freisin ag Coimisiún an Aontais Eorpaigh den scéal, níl iontaoibh ag an bpobal i rialtas s’againne ach an oiread. Go deimhin, bhí sé spéisiúil a fheiceáil sa phobalbhreith chéanna go raibh 83% den phobal den tuairim go raibh Tony Holohan agus NPHET ag déanamh jab maith. 39% a dúirt amhlaidh faoin Taoiseach Micheál Martin agus 42% a bhí i gceist leis an Aire Sláinte Stephen Donnelly.
B’fhéidir go dtiocfaidh athrú chun feabhais ar dhearcadh an phobail i leith an rialtais de réir mar a chuirfear an clár vacsaínithe i bhfeidhm, nuair a athosclófar an geilleagar ar fad – tá súil againn – sa bhfómhar. Ach ar éigean é.
Beidh cuimhne ar feadh i bhfad ag an bpobal air seo, ceapaim; go háirithe ag an aos óg. Tá an ghlúin sin imithe cuid mhaith go dtí Sinn Féin cheana féin, is mura dtagann athrú ollmhór ar chur chuige an rialtais – rialtas a bhí míéifeachtach ar fad go dtí seo – rachaidh an scéal chun donais.
Ábhar mór machnaimh don rialtas an méad sin.
Des O Murchu
Faoi ghlas ag na glasaigh! Scriosta le Fianna Fail na Banceiri Corparadeach!Ta muid bxxxxxd!
Antóin
Dá mhéad a labhraíonn an Taoiseach is lú tacaíocht a fhaigheann sé.
Ag bodhrú daoine leis an seanscéal éadóchais céanna, ag tabhairt amach dóibh agus ag síneadh méire. A leithéid! Chuirfeadh sé i gcuimhne duit múinteoir scoile ag síorghearán agus ag clamhsán ó thús deireadh an lae. Ach nach Varadkar a bhí glic? Eisean a thuill an moladh nuair a bhí daoine ar bheagán eolais.
Agus féach an rogha atá os ár gcomhair. Fianna Fealltach Fáil, Fine gan Ghael, Na Giollaí Glasa, agus Stickies Féin.