Tá mé scriosta fós i ndiaidh Fhéile na Gealaí ach rinne sí leas do m’anam!

Bímis buíoch do Dhéithe na Gealaí agus do lucht eagraithe Fhéile na Gealaí i Ráth Chairn glas na Mí

Tá mé scriosta fós i ndiaidh Fhéile na Gealaí ach rinne sí leas do m’anam!

Pictiúr: Rónán Mistéil

D’oscail an spéir ag meán lae agus thosaigh sé ag gleadhradh báistí.

Bhreathnaigh mé go hamhrasach ar mo phuball i gcúl na cairte. Má bhí amhras orm faoi uiscedhíonacht an phubaill chéanna agus mé á cheannach, bhuail taom éadóchais mé agus mé ag déanamh ar Ráth Chairn ‘Glas’ na Mí.

‘Glas’ a bhí Ráth Chairn an lá sin,  glas, dúliath, gruama, dorcha. Spéir ghlas, agus na scamaill ag ramhrú os ár gcionn.  Ní dóigh liom gur mhór an dóchas a bhí ar lucht eagraithe na féile féin ach an oiread nuair a chas mé leo.

Caithfidh go raibh déithe na Gealaí ag faire orainn, áfach, nó go ndearna duine éigin margadh leo ar son na nGael, mar a luaithe is a osclaíodh geataí na féile ag a trí, scaoill na scamaill gathanna breátha gréine anuas ar an láthair champála, mar a bheadh flaitheas beag ar thalamh inti. 

Faoin am gur tháinig na sluaite lena bpubaill ildaite a chrochadh sa chlapsholas, bhí solas órga ag lonrú anuas orainn. Tapaíodh an deis agus tá sruthanna Instagram agus Twitter na nGael breac le híomhánna glédhathacha ó shin!

KNEECAP. Pictiúr: Róisín Ní Mhaoláin

Ní fios go baileach cén margadh go díreach a rinne siad le Déithe na Gealaí faoin aimsir, ach tá ardmholadh ag dul do lucht eagraithe Fhéile na Gealaí.  Ní haon dóithín é féile ar bith a eagrú, agus cé go raibh spiorad agus croí an phobail le haireachtáil sa bhfáilte a cuireadh romhainn agus sna maisiúcháin áille lámhdhéanta, ní raibh aon rian den amaitéarachas le brath ar imeachtaí.

Ó chaighdeán na fuaime go clár ama na n-ardán, bhí snas agus gairmiúlacht ag baint leis an ócáid agus an obair eagraithe uilig. Ní bhíonn na háiseanna thar mholadh beirte ag cuid de na féilte is mó ná is rathúla ar domhan – idir na portaloos, an bheatha agus leigheas na póite – ach ní raibh aon lúb fagtha ar lár i Ráth Chairn.

Agus mé ag obair ag féile eile anuraidh, thairg mé sólaistí do cheoltóir agus é ag fanacht ar chúl an stáitse. “Beidh go deimhin,” a dúirt sé, “oat milk chai latte le do thoil!” Ní raibh mé ag súil leis sin. Mála tae caite i gcupán páipéir a bhí ar intinn agamsa.  Cá n-aimseofá a leithéid i lár páirce faoin tuath? Bhuel ní bheadh aon fhadhb ag duine a leithéid d’iarratas a chomhlíonadh ag Féile na Gealaí – bhí rogha bhreá beatha agus dí ar fáil ansin agus roghanna ann don fheoilséantóir agus eile le chuile bhlas agus chuile riachtanas a shásamh.

Ar ndóigh, is é an ceol agus an tsiamsaíocht na príomhriachtanais ag aon fhéile, agus bhí an dá rud chomh maith is a gheofá ag ócáid ar bith an samhradh seo.

Pictiúr: Róisín Ní Mhaoláin

Is liosta le háireamh na daoine, idir fhilí agus cheoltóirí, a ghlac páirt i REIC sa bpuball, Dé Sathairn, agus b’amhlaidh an scéal don Cabaret thar a bheith taitneamhach agus Craiceáilte an tráthnóna céanna. Reáchtáladh Rave Maidine le Disco Anocht sa bpuball freisin.  Faraor bheadh ort fiafraí de dhuine éicint eile ar éirigh nó nár éirigh leis sin, óir nár éirigh liom féin fanacht i mo shuí sách fada le freastal air, mór m’aiféala!

Ar an bpríomhardán bhí manglam deas de cheol traidisiúnta agus bannaí comhaimseartha, agus bhí ceoltóirí den scoth de chuile aois le cloisteáil i gcaitheamh an deireadh seachtaine.  Chuir An Chéad Ghlúin Eile tús leis an gceol tráthnóna Dé Aoine, agus bhí an lucht féachana faoi gheasa acu. I measc na ngrúpaí is mó aithne ar an ardán bhí Clann Mhic Ruairí agus a gcomhcheol draíochta, agus, ar ndóigh, KNEECAP, a chuir fíbín ar an slua oíche Shathairn. Bhain Tadhg Ó Grifín, ceoltóir óg, siar as an lucht féachana lena chur i láthair mealltach fuinniúil. Tá réalta nua pop inár measc gan dabht.

An t-aon laige amháin a bhraith mé féin ná seit an DJ i halla an phobail oíche Dé Sathairn a bheith rud beag rófhada. Tá bua an cheoil agus na hamhránaíochta ag an oiread sin de mhuintir na háite, agus ag na Gaeil i gcoitinne, go mba dheas an t-ardán a thabhairt do bhanna áitiúil nó grúpa traidisiúnta, a bheadh níos feiliúnaí don ócáid b’fhéidir.  Mealladh slua amach faoin aer do sheisiún amhránaíochta i lár na hoíche ar aon chuma – is féidir brath ar Edel Ní Bhraonáin le ceol a spreagadh in áit ar bith!

Buaicphointe gan amhras a bhí i seit Niteworks, banna a mheascann ceol traidisiúnta le tionlacan leictreonach.  Chas siad agus an lá ag diúltú dá sholas, agus ní fhéadfainn suíomh, fuaim ná radharc níos deise a shamhlú ná slua Gael ag canadh agus ag damhsa leo le titim na hoíche. Lean an spraoi go dtí éirí gréine.

Tá aitheantas faoi leith tuillte ag an dream a thaisteal go speisialta ó Albain le freastal ar Fhéile na Gealaí, agus a chuir go mór leis an gcraic agus leis an gcomhluadar.

Pictiúr: Róisín Ní Mhaoláin

Luadh an tseachtain seo treibheanna na Gaeilge i mír ar an bpodchraoladh Beo ar Éigean,  mír a bhain gáire asam toisc gurbh í an fhírinne í. Ní féidir a shéanadh ach go mbíonn cuid de na dílseoirí céanna ag chuile ócáid Ghaeilge, agus is dócha go mbíonn an baol ann ag ócáidí mar seo gurb iad na daoine céanna a bhíonn i láthair i gcónaí. Is maith linn an deis castáil leo siúd atá dílis do “shaol na Gaeilge”, ach bhí meascán deas i lucht freastail Fhéile na Gealaí, idir na seanchairde agus cairde nua. 

Tá an fhéile sách beag go mbíonn atmaisféar suáilceach ann agus deis labhairt le seanchairde, ach tá sí sách mór go gcastar daoine nua orainn chomh maith. An rud is annamh is iontach!

Tá buíochas ag dul do lucht eagraithe na féile agus le pobal Ráth Chairn a chuidigh lena reáchtáil. B’fhial fáilteach mar a roinn siad linn a gceol, a gcairdeas a gceantar agus a gcultúr.

Thugamar deireadh seachtaine speisialta ina gcomhluadar.

Deireadh seachtaine a scrios mo chorp agus mo shláinte, déanta na fírinne

Ach rinne Féile na Gealaí leas do m’anam.

Go mbeirimid beo ar an am seo arís agus muid le cheile ag Féile na Gealaí!

Fág freagra ar 'Tá mé scriosta fós i ndiaidh Fhéile na Gealaí ach rinne sí leas do m’anam!'

  • Sibéal

    Tús maith le pobal Gaelach nua.
    Is Féidir Linn.
    Comharchumann Tithíochta Bhaile na Gealaí.
    Sin an chéad gníomh eile!