Tá feachtas an olltoghcháin tosaithe – ní theastaíonn ach dáta

Tá an spéir pholaitiúil ag glanadh agus fios ag gach Teachta Dála i dTeach Laighean go bhfuil deireadh ré an 32ú Dáil ag teannadh leo

Tá feachtas an olltoghcháin tosaithe – ní theastaíonn ach dáta

Seo mar atá. D’fhiafraigh iriseoirí de Leo Varadkar trí huaire Déardaoin an dtiocfadh an Dáil le chéile arís an tseachtain seo chugainn. Ceist í nár fhreagair an Taoiseach, trí huaire.

Ní dhéanann seachantacht an Taoisigh níos éasca cúram an iriseora agus an léargas gearrthéarmach á phlé aige. Mar sin féin tá an spéir pholaitiúil ag glanadh agus fios ag gach Teachta Dála i dTeach Laighean go bhfuil deireadh ré an 32ú Dáil ag teannadh leo. Tá an stocaireacht faoi lánseol ar fud na tíre cheana féin.

Bíonn dhá aidhm ag déanamh scime do gach Taoiseach agus gairm olltoghcháin á breithniú acu: an dáta is oiriúnaí i gcomhair Teachtaí Dála a pháirtí sa Dáil reatha a atoghadh, agus an dáta is oiriúnaí dá pháirtí chun Teachtaí Dála nua a thoghadh. Uaireanta, ní gan stró a chuireann Taoiseach an dá aidhm sin chun chinn. Is amhlaidh atá faoi láthair.

   D’oirfeadh sé d’fhormhór na dTeachtaí sa Dáil reatha, ar an dá thaobh, dá gcuirfeadh Leo Varadkar deireadh leis an éiginnteacht agus dáta olltoghcháin a fhógairt gan mhoill. Is treise an fonn imeachta ar thaobh an rialtais, go háirithe mar gheall ar phlódú na n-ospidéal. Nuair a chuirfidh neamhspleáigh nó páirtí éigin rún mímhuiníne san Aire Sláinte Simon Harris ar chlár na Dála, glactar leis go bhfuil sé 99% cinnte go mbuafar ar an rialtas. Sa chás sin, in ionad lánscor na Dála a iarraidh ar a chaoithiúlacht, bheadh an Taoiseach agus a rialtas á ndíbirt as Teach Laighean.

Fearacht gach Taoiseach eile áfach, ní foláir do Leo Varadkar cuimhneamh ar an dualgas eile atá air mar cheannaire ar a pháirtí. Níl foireann iomlán iarrthóirí roghnaithe fós ag Fine Gael. Tá deacrachtaí áitiúla le réiteach ag an bpáirtí i ndáilcheantair éagsúla – mar shampla i Loch Garman, i bPort Láirge agus i Ros Comáin-Gaillimh, áit ar fhógair an Seanadóir Maura Hopkins Dé Céadaoin nach mbeadh sí san iomaíocht san olltoghchán mar gheall ar shaolú a céad linbh.

Is faoin Taoiseach amháin atá sé rogha a dhéanamh idir olltoghchán a fhógairt ar an toirt agus moill a chur ar lá na vótála ionas go mbeidh a pháirtí faoi réir, chomh fada agus is féidir, chun aghaidh a thabhairt ar phríomhchoimhlint an olltoghcháin: an comórtas idir Fine Gael agus Fianna Fáil. 

   Bhuaigh Fine Gael 50 suíochán in 2016 agus bhuaigh Fianna Fáil 44 suíochán. Ó d’fhág Peter Fitzpatrick (Lú) Fine Gael agus Frances Fitzgerald agus ó d’éirigh Dara Murphy (Corcaigh Thuaidh-Láir) as a phost Dála, níl ach 47 Teachta Dála i bpáirtí parlaiminte Fhine Gael, agus gan ach bearna dhá shuíochán fágtha idir príomhpháirtithe na Dála. Dá mbeadh deis ag Leo Varadkar fanacht sa diallait ar feadh fiú mí eile, bheadh súil aige go mb’fhearr an seans a bheadh ag a pháirtí fanacht chun cinn ar Fhianna Fáil.

Tar éis dó uair an chloig a chaitheamh ag caint le Micheál Martin i dTithe an Rialtais Déardaoin, dúradh thar ceann na beirte go mbeidís i gcomhairle le chéile arís an tseachtain seo chugainn. Ní fios agus na briathra seo á scríobh céard atá ar intinn ag an Taoiseach a dhéanamh idir an dá linn.

Tá an léargas soiléir mar sin féin. Ní féidir leis an Taoiseach a bheith cinnte faoi láthair go bhfuil gníomh polaitiúil ar bith ar a chumas, seachas iarraidh ar an uachtarán an Dáil a lánscor ionas gur féidir olltoghchán a ghairm.

Fág freagra ar 'Tá feachtas an olltoghcháin tosaithe – ní theastaíonn ach dáta'