Tá draíocht ag baint le cúrsa Gaeltachta i gCorca Dhuibhne a fhanann leat i bhfásach an Bhéarla

Beidh mé i m’fhoghlaimeoir Gaeilge go deo agus ní gá a bheith buartha faoi sin

Tá draíocht ag baint le cúrsa Gaeltachta i gCorca Dhuibhne a fhanann leat i bhfásach an Bhéarla

Spreagadh.  Spionnadh. Léann.  Fuinneamh. 

Dar ndóigh, tá fuílleach ar fáil ó thobar na Gaeilge.

Ritheann go leor liom agus seachtain eile curtha díom agam in Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag díriú ar an teanga, ar an litríocht agus ar an ngramadach – maith dom na botúin!  Cuireadh an-chuid ar mo shúile arís i mbliana.  Tugadh spreagadh as an nua dom.  Agus thugamar linn roinnt mhaith de na rialacha nua, nó sin a bhí ar cheann de na spriocanna a bhí againn.  Muid dírithe ar an gcaighdeán agus ar an gcanúint.

Bhí aoichainteoirí le clos, agus bhí múinteoirí den scoth againn.  Ba é seo an ceathrú bliain as a chéile dom freastal ar an gcúrsa, ach nílim ach i mo naíonán i gcomparáid le cuid de mo chomhscoláirí, cuid acu atá ag freastal ar chúrsaí na hOidhreachta le breis is 20 bliain anuas.  Tá an Oidhreacht ag mealladh daoine siar chuig Corca Dhuibhne ó lár na nóchaidí nó níos faide siar agus tuigim an fáth atá leis sin anois.  Tá rud éigin ag baint leis an Oidhreacht agus leis an áit, draíocht ailceimiceach éigin, a dhéanann maitheas don  anam.  Bíonn ardú meanma ar fáil, fáilte fhial fhlaithiúil romhainn, cuidiú agus cairdeas, meascán den léann agus den spraoi. Tarlaíonn claochlú san áit.

Cothaíonn an cúrsa rud ionam

a fhanann liom i ndúluachair na bliana, mé i lár na cathrach, i bhfásach an Bhéarla.  Bím ag féachaint siar ar mo chuid nótaí ón gcúrsa.  Nótaí gramadaí, noda eolais, smaointe fánacha, véarsaí filíochta a théann go mór i bhfeidhm orm.  Línte ó Chathal Ó Searcaigh agus ó Danny Sheehy agus ó Liam Ó Muirthile do mo chothú.  Stór saibhris dom féin.

Foghlaimím an-chuid chuile

bliain.  A bhuí d’fhoireann na hOidhreachta, ní bhím “ag déanamh smaoinimh” chomh minic sin a thuilleadh, ach “ag déanamh mo mhachnaimh” ar rudaí an t-am ar fad! 

Is é an ceacht a d’fhoghlaim mé tar éis rang áirithe anuraidh ná nach mbeadh aon ní i mo shaol foirfe arís go deo.  Go dtí sin, an freagra a bhí agam ar chuile cheist ná, ‘Foirfe’.  ‘Ní hea,’ a dúirt mo mhúinteoir,  ‘ní hé foirfe atá i gceist agat, abair ceart go leor.’  Ghlac mé leis an gcomhairle.  Ceacht a bhain leis an bhfealsúnacht chomh maith leis an teanga, b’fhéidir.

Agus an ceacht ba mhó a d’fhoghlaim mé i mbliana ná go mbeidh mé i m’fhoghlaimeoir go deo agus nach gá a bheith buartha faoi sin.  Is dócha gur thuig mé sin i gcónaí ach táim sásta glacadh leis anois.

Cúrsa eile curtha díom. Ceachtanna teanga agus tuilleadh.  Gabhaim buíochas ó  chroí do lucht Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Níl le déanamh agamsa anois ach na ceachtanna sin a shealbhú.

Fág freagra ar 'Tá draíocht ag baint le cúrsa Gaeltachta i gCorca Dhuibhne a fhanann leat i bhfásach an Bhéarla'

  • Lillis Ó Laoire

    Foirfeacht ní féidir.