Tá deireadh ré agus athrú meoin fógartha go soiléir ag lucht vótála

Ní réiteach thar lear ar cheist an ghinmhillte a theastaíonn ó dhaoine ach réiteach in Éirinn

Tá deireadh ré agus athrú meoin fógartha go soiléir ag lucht vótála

Tá deireadh ré sroichte ag an tír, agus rogha a rinneadh i reifreann 35 bliain ó shin casta bunoscionn go hiomlán.

I 1983, vótáil 67% de vótóirí an stáit seo i bhfabhar an leasaithe a chuir cosc ar ghinmhilleadh sa bhunreacht.

In 2018, vótáil thart ar an gcéatadán céanna i bhfabhar aisghairm an leasaithe, de réir phobalbhreitheanna iarvótála RTÉ agus an Irish Times.

Neosfaidh an comhaireamh sonraí scéal an reifrinn seo i rith an lae, ach thug an dá shuirbhé le fios go raibh TÁ chomh mór chun tosaigh ar NÍL go bhfuil an toradh a bheidh ann faoi dheireadh ionann agus cinnte.

De réir phobalbhreith RTÉ, is i mBaile Átha Cliath a tugadh an tacaíocht ba láidre (79%) d’aisghairm an Ochtú Leasú, ach bhí an claonadh céanna soiléir i bhfabhar TÁ sna réigiúin eile:

Cúige Laighean, taobh amuigh de BÁC: 67 faoin gcéad.

Cúige Mumhan: 66 faoin gcéad.

Cúige Chonnacht: 62 faoin gcéad.

Níor léiríodh ach bearna mhór amháin i suirbhé RTÉ, ach is bearna thábhachtach í. Vótáil gach aoisghrúpa sa Stát i bhfabhar na haisghairme ach amháin daoine atá os cionn 65 bliain d’aois.

Ní haon ábhar iontais é go raibh móramh in aghaidh na haisghairme i measc seandaoine, ach féach an bhearna ollmhór idir an t-aos óg agus seanóirí a léirigh pobalbhreith RTE:

Vótáil na n-aoisghrúpaí

18-24: TÁ  87.6 faoin gcéad.

25-34: TÁ 84.6 faoin gcéad.

35-49: TÁ 72.8 faoin gcéad.

50-64: TÁ 63.7 faoin gcéad

Os cionn 65: NÍL 58.7 faoin gcéad.

Tabharfaidh comhaireamh na vótaí léargas iomlán dúinn ar thoradh an reifrinn seo.

Ach is léir an mórathrú. Fógraíodh deireadh ré agus teacht ré nua go láidir i reifreann an lae inné. Ní réiteach thar lear ar cheist an ghinmhillte a theastaíonn ó vótóirí ach réiteach in Éirinn.

Fág freagra ar 'Tá deireadh ré agus athrú meoin fógartha go soiléir ag lucht vótála'